Cúntóir Sláinte agus Cúraim Shóisialta (Cúntóir Teiripe) – an Fhoireann Líonra Míchumais Leanaí

Príomhbhaill d’Fhoirne Líonra Míchumais Leanaí iad Cúntóirí Sláinte agus Cúraim Shóisialta (Cúntóirí Teiripe).

Cuireann Foirne Líonra Míchumais Leanaí saintacaíocht agus sainseirbhísí ar fáil do leanaí agus do dhaoine óga atá a shine le 18 mbliana, a bhfuil riachtanais chasta sláinte acu a bhaineann lena míchumas.

93 Foireann ann atá faoi stiúir FSS agus a Eagraíochtaí Comhpháirtíochta – Cumas Éireann, Bráithre na Carthanachta, an Clinic Lárnach Íocshláinteach, Avista, Teach Naomh Mícheál, Fondúireacht Cope, Fondúireacht Naomh Gaibriéil, Fondúireacht Naomh Seosamh, Stewarts Care, agus CoAction.

Más spéis leat tosú ag obair leis na foirne seo i bpoist atá ar fáil faoi láthair nó a d’fhéadfadh teacht aníos amach anseo, cláraigh do spéis inniu!

Cé leis a mbeidh mé ag obair?

Tá go leor gairmithe cúraim sláinte i bhFoirne Líonra Míchumais Leanaí – Teiripeoirí Saothair, Fisiteiripeoirí, Diaitéitigh, Síceolaithe, Oibrithe Sóisialta agus Teiripeoirí Urlabhra agus Teanga ina measc.  Baill de na foirne seo ar a bhfuil ardmheas freisin iad Cúntóirí Sláinte agus Cúraim Shóisialta (Cúntóirí Teiripe).

Tugann Cúntóirí Sláinte agus Cúraim Sóisialta (Cúntóirí Teiripe) faoi ghnéithe de chúram cliaint a tharmligtear orthu agus soláthraíonn siad tacaíocht do Theiripeoirí Saothair, Fisiteiripeoirí agus do Ghairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialta eile.  Tugann siad faoi obair riaracháin eile chomh maith.

Bíodh sé go bhfuil tú ag tús do ghairme nó má tá tús curtha agat le d’aistear cheana féin, tacófar le d’fhorbairt phearsanta agus ghairmiúil.  Is iomaí deis a sholáthraímid duit chun cur le d’fhoghlaim. Glacann Foirne Líonra Míchumais Leanaí le cur chuige cleachtais atá dírithe ar an teaghlach.

Ciallaíonn seo go gcuirfidh tú aithne ar leanaí agus ar a dteaghlaigh, go gcuirfear ar an eolas thú ar a spriocanna agus go gcabhróidh tú leo gníomhaíochtaí laethúla a úsáid lena spriocanna a bhaint amach.

Critéir Incháilitheachta

Ba cheart go mbeadh an méid seo a leanas bainte amach agat le bheith incháilithe don ról seo:

  • Cáilíocht chuí scileanna sláinte ar Leibhéal 5 Dhearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann (QQI), agus na miondámhachtainí gaolmhara ar Leibhéal 5 a bheith bainte amach agat do roinnt modúil ábhartha.(*)

  • Cáilíocht ábhartha chúraim sláinte ar Leibhéal 5 QQI, ar a laghad, agus a ghealladh go dtabharfar clár faofa chun críche go rathúil dá mbronnfar miondámhachtainí Leibhéal 5 QQI i modúil áirithe.(*)

(*) Cliceáil anseo agus féach an t-eolas mionsonraithe ar na critéir cháilitheachta agus ar na cáilíochtaí agus ar na modúil Leibhéal 5 QQI a nglactar leo.

Iarrthóirí Idirnáisiúnta – cliceáil anseo le teacht ar eolas ar cheadanna oibre / víosaí

Cláraigh do spéis

Cliceáil anseo agus seolfar foláireamh ríomhphoist gach seachtain chugat faoi fholúntais in FSS agus i roinnt eagraíochtaí comhpháirtíochta i do rogha ceantair. Ba cheart duit súil a chaitheamh freisin ar shuíomhanna gréasáin ár n-eagraíochtaí comhpháirtíochta chun teacht ar fholúntais bhreise.

Má tá íocaíocht Leasa Shóisialaigh á fáil agat faoi láthair agus más mian leat eolas a fháil lena dheimhniú an imreodh glacadh le fostaíocht tionchar ar an íocaíocht seo, cliceáil anseo chun teacht ar Mheastóir Sochair Oibre na Roinne Coimirce Sóisialaí.

Déan teagmháil linn ag workforce.disabilities@hse.ie má theastaíonn aon eolas breise uait.