Fáilte go FSS an Iarthair agus an Iarthuaiscirt

Tá an meascán is fearr san Iarthar agus san Iarthuaisceart idir beocht agus suaimhneas.

Tá bailte agus cathracha bríomhara ann, cosúil le Gaillimh, a deirtear atá ar cheann de na cathracha is faiseanta san Eoraip, agus tá Cathair na Mart, Sligeach agus Leitir Ceanainn ann freisin, áiteanna a bhfuil cáil bainte amach acu uile i ngeall ar an láthair bheoga ealaíon agus cheoil agus ar scoth an bhia agus na dí atá ar fáil iontu.

Ach ní gá duit dul i bhfad ar shiúl amach ó na bailte agus cathracha siúd le taitneamh a bhaint as cuid de na tírdhreacha sléibhte agus cósta is áille ar an bpláinéad seo.

Tá cáil ar na daoine áitiúla mar gheall ar an bhfáilte chroíúil a chuireann siad romhat agus tá mórtas pobail álainn le brath i measc an iomaí baile agus sráidbhaile atá ann.

Cé muid féin

Cuireann FSS an Iarthair agus an Iarthuaiscirt sláinte agus cúram sóisialta ar fáil i nDún na nGall, Sligeach, Liatroim, Maigh Eo, Ros Comáin agus Iarthar an Chabháin trí sheirbhísí pobail, trí shuíomhanna géarmhíochaine agus trí sheirbhísí na hearnála deonaí.

Is iad Seirbhísí Cúraim Sláinte Pobail an réimse fairsing seirbhísí atá ar fáil i suíomh ospidéil neamh-ghéarmhíochaine, a sholáthraítear a ghaire agus is féidir d’áiteanna cónaithe daoine ag an am ceart, san áit cheart, ag an bhfoireann cheart.

Tá Ionaid Chúraim Phríomhúil sa Réigiún agus oibríonn sainfhoirne i Meabhairshláinte, Sláinte agus Folláine, Cúram Sóisialta agus Seirbhísí Míchumais.  Cuirtear seirbhísí ar fáil i suíomhanna éagsúla, áit féin an úsáideora seirbhíse, ospidéil lae, aonaid altranais pobail, brúnna, ionaid sainchúraim lae, ionaid oiliúna, cúram faoisimh, agus seirbhísí cónaithe ina measc.

Tá seacht n-ospidéal géarmhíochaine sa réigiún agus i measc na seirbhísí a sholáthraítear, tá cúram sceidealaithe othar cónaitheach, cúram neamhsceidealaithe/éigeandála, seirbhísí máithreachais, seirbhísí othar seachtrach agus seirbhísí diagnóiseacha. Chun teacht ar eolas breise ar na hospidéil, cliceáil anseo

Ag teacht aníos go luath – ár ngné ‘Spotsolas ar Réigiúin’.

Group of staff at Portiuncula Hospital

Ealaíona agus cultúr

Is beag áit eile ina bhfuil ealaíona agus cultúr na hÉireann chomh beo beathach céanna.

Tá dhá cheann de na réigiúin labhartha Gaeilge is mó sa tír suite sa cheantar agus bíonn páirt mhór ag an gcultúr traidisiúnta sa saol anseo dá bharr.

Tá an ceol, na cluichí Gaelacha agus an Ghaeilge ina steillbheatha anseo, agus tá an cultúr, an oidhreacht agus na healaíona á gcur i láthair sa chuid seo den tír le fada an lá.

Samhlaigh do scíth a ligean tar éis na hoibre ar cheann de na cúrsaí gailf atá sa chontae, Slí an Atlantaigh Fhiáin cháiliúil a shiúl nó a rothaíocht, slatiascaireacht a dhéanamh ar cheann den iomaí abhainn agus loch atá anseo, gaothshurfáil, cadhcáil, surfáil eitleoige a dhéanamh nó fiú surfáil ar roinnt de na tonnta is fearr san Eoraip.

Nascacht

Is féidir Aerfoirt Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath agus Bhéal Feirste a bhaint amach laistigh de dhá uair an chloig, ag brath ar an áit a bhfuil tú sa réigiún.

Cuirtear eitiltí ar fáil in Aerfort Iarthar Éireann, Cnoc Mhuire i gContae Mhaigh Eo go dtí breis agus 20 ceann scríbe sa Ríocht Aontaithe agus san Eoraip.

Cuirtear eitiltí dhá uair sa lá ar fáil in Aerfort Dhún na nGall, atá i gcroílár Ghaeltacht Dhún na nGall, a thabharfaidh go dtí an phríomhchathair thú laistigh d’uair an chloig, agus ón aerfort sin go dtí an Eoraip, an Áise, Meiriceá agus gach ceann scríbe mór idirnáisiúnta is áil leat.

Tá Aerfoirt na Sionainne agus Chathair Dhoire suite i ngar freisin.