Ráiteas maidir le Fianáin

Fianáin ar an láithreán gréasáin seo

Is le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) an láithreán gréasáin seo agus is ise a dhéanann é a reáchtáil. Úsáidtear fianáin agus teicneolaíochtaí gaolmhara eile ar an láithreán gréasáin seo, amhail picteilíní, rabhcháin nó teicneolaíocht rianaithe. Úsáidfimid an téarma “fianáin” le tagairt a dhéanamh do gach teicneolaíocht den sórt sin. Is comhaid bheaga iad fianáin a chruthaítear agus a shábháiltear ar d’fhón, ar do tháibléad nó ar do ríomhaire nuair a thugann tú cuairt ar láithreán gréasáin. Stóráiltear iontu faisnéis faoin gcaoi a n-úsáideann tú an láithreán gréasáin, amhail na leathanaigh a dtugann tú cuairt orthu agus an chaoi a n-idirghníomhaíonn tú le hinneachar. Ní víris ná ríomhchláir atá sna fianáin. Bíonn siad an-bheag agus, mar sin, ní ghlacann siad mórán spáis. Cliceáil ar an gcnaipe “Socruithe fianán” i mbuntásc an láithreáin gréasáin le hamharc ar an liosta fianán atá ann faoi láthair.

Na cineálacha fianán a úsáidimid

Fianáin atá Fíor-Riachtanach
Cuireann fianáin atá fíor-riachtanach ar ár gcumas ár suíomh gréasáin a chur ag feidhmiú i gceart agus é a choinneáil slán. Cinntíonn siad nach ndéanann ach daoine foirmeacha a chomhlánú, agus ní róbait. Tá na fianáin seo riachtanach chun gur féidir leat brabhsáil ar an suíomh gréasáin agus a chuid gnéithe a úsáid. Mar shampla, loingseoireacht idir leathanaigh, rochtain ar limistéir shlána den suíomh agus comhlíonadh na reachtaíochta maidir le cosaint sonraí agus príobháideachas leictreonach. Is féidir linn na fianáin seo a shocrú gan do thoiliú a fháil mar go bhfuil siad riachtanach. Sa liosta thíos tá na fianáin is coitianta a úsáidtear ar shuíomhanna gréasáin FSS. D’fhéadfadh fianáin eile atá fíor-riachtanach a bheith in úsáid ar sheirbhísí sonracha de chuid an FSS. Seoltar cuid de na sonraí a bhailítear trí fhianáin reCAPTCHA chuig Google. Féach ar an Polasaí Príobháideachais Google agus ar Téarmaí Seirbhíse Google.

Fochatagóir Fianán Fianáin Fianáin a Úsáidtear Tréimhse Stórála
careerhub.hse.ie OptanonAlertBoxClosed OptanonConsent wp-wpml_current_language Céad Pháirtí 179 Lá, 179 Lá, 364 Lá
www.rezoomo.com CFTOKEN, CFID Tríú Páirtí 1 Lá, 1 Lá

Fianáin Anailíseacha
Bailíonn fianáin anailíseacha eolas faoi d’úsáid dár suíomh gréasáin. Mar shampla, na leathanaigh a dtugann tú cuairt orthu. Tá siad riachtanach chun tomhas a dhéanamh ar na leathanaigh is minice a dtugtar cuairt orthu agus chun a chinntiú go bhfeidhmíonn an suíomh gréasáin mar is ceart.
Tá na sonraí a bhailítear leis na fianáin seo ainmbréagnaithe (pseudainmnithe) go léir. Ciallaíonn sé seo nach féidir an t-eolas seo a úsáid chun tú a shainaithint.
Ní bhailímid eolas amhail seoltaí IP, sonraí déimeagrafacha ná eolas faoi do chuid spéiseanna.
Faighimid eolas faoi cén contae ina bhfuil do ghléas, cén cineál gléis atá á úsáid agat, cé chomh fada a fhanann tú ar leathanaigh an tsuímh ghréasáin, agus cé mhéad leathanach den suíomh gréasáin a dtugann tú cuairt orthu.

Fochatagóir Fianán                                 Fianáin       Fianáin a Úsáidtear              Tréimhse Stórála
hse.ie _ga _ga_xxxxxxxxxx                 Céad Pháirtí                    399 Lá,  399 Lá

Cineálacha faisnéise a bhailíonn ár bhfianáin

Faighimid na cineálacha faisnéise seo a leanas fút trí na fianáin a úsáidimid: sonraí brabhsálaí fianán – aitheantóirí fianán, am agus dáta, leathanaigh a breathnaíodh, cé na fianáin ar thug tú toiliú dóibh sonraí gléis – cineál gléis, taifeach scáileáin, leagan córais oibriúcháin, faisnéis brabhsálaí (leagan agus socruithe bunúsacha) sonraí loga – cathain agus cá fhad a d’úsáid tú an suíomh Gréasáin seo, cad a chuardaigh tú sonraí suímh – an tír agus an contae ina raibh tú nuair a d’úsáid tú an suíomh Gréasáin sonraí anailíseacha – sonraí faoi d’úsáid den suíomh Gréasáin seo seoltaí IP – i gcomhaid loga freastalaí chun críocha slándála suíomh Gréasáin. Déanaimid na sonraí a bhailímid a anaithnidiú agus a chomhiomlánú. Má thugann tú cead dúinn tuilleadh faisnéise a bhailiú, déanaimid é seo i gcomhréir le do thoiliú. Tá líon beag cásanna ann ina mbailímid an fhaisnéis chun ár leasanna dlisteanacha.

Toiliú agus fianáin

Socraímid fianáin go huathoibríoch atá riachtanach. Ní theastaíonn do thoiliú uainn chun iad a úsáid. Ní féidir leat iad seo a athrú ná rogha an diúltaithe a dhéanamh.
I gcás gach fianán eile, teastaíonn do thoiliú uainn. Faighimid é seo tríd an meirge fianán atá le feiceáil ag bun an tsuímh ghréasáin. Úsáidfimid fianáin chun do chuid sainroghanna fianán a shábháil. Mairfidh do thoiliú ar feadh 6 mhí ón dáta deireanach a sholáthair tú dúinn é. Tar éis 6 mhí, iarrfaimid ort go huathoibríoch toiliú nua a thabhairt dúinn, an chéad uair eile a úsáideann tú ár suíomh Gréasáin ar an ngléas céanna.

Conas is féidir leat do shocruithe fianán a rialú

Socruithe fianán

Níl roinnt fianán riachtanach, amhail iad siúd a úsáidtear chun faisnéis a bhailiú faoi mar a úsáideann tú ár suíomh Gréasáin. Ní úsáidfimid iad ach amháin má deir tú go bhfuil sé ceart trí do shocruithe fianán. Cliceáil ar an gcnaipe “Socruithe fianán” i mbunús an tsuímh Ghréasáin chun do chuid sainroghanna a bhainistiú.
Is cuma cén socruithe fianán a roghnaíonn tú, ba cheart go mbeifeá in ann cuairt a thabhairt ar gach leathanach ar ár suíomh Gréasáin gan aon fheidhmiúlacht a chailleadh. Ach b’fhéidir nach mbeidh roinnt gnéithe breise ar fáil duit.
Roghnaigh cé na fianáin is féidir linn a úsáid nuair a thugann tú cuairt ar ár suíomh Gréasáin trí chliceáil ar an gcnaipe “Socruithe fianán” i mbunús an tsuímh Ghréasáin.

Rochtain ar do shonraí fianán

Ní bheidh rochtain ach ag foireann FSS, agus ag soláthraithe a bhfuil baint dhíreach acu le bainistiú an tsuímh Ghréasáin seo, ar shonraí fianáin a bhailítear.
Beidh gach ball foirne de chuid FSS, agus soláthraithe a bhféadfadh rochtain a bheith acu ar shonraí pearsanta, faoi cheangal ag FSS trí chomhaontuithe rúndachta agus beidh orthu do shonraí pearsanta a choinneáil slán, agus iad a úsáid chun na gcríoch atá sonraithe ag FSS amháin.
Is féidir ár soláthróirí a chatagóiriú mar seo a leanas:

  • Fógraíocht, PR, gníomhaireachtaí digiteacha agus cruthaitheacha
  • Soláthraithe taighde margaidh agus custaiméara
  • Ardáin meáin shóisialta
  • Forbróirí láithreáin ghréasáin agus aipeanna
  • Soláthraithe seirbhísí óstála láithreáin ghréasáin

Is próiseálaithe iad formhór na soláthróirí a úsáidimid a bhfuil conradh i bhfeidhm againn leo a éilíonn orthu do chuid faisnéise a choinneáil slán agus gan í a úsáid seachas de réir ár dtreoracha sonracha. Ní nochtaimid dóibh ach ní ligimid dóibh rochtain a fháil ar fhaisnéis atá riachtanach chun a gcuid seirbhísí a sholáthar.
Maidir leis na fianáin a úsáidtear ar an Láithreán Gréasáin seo, úsáidimid na príomhsholáthraithe seo a leanas: Google.

Úsáideann an Suíomh Gréasáin seo Google Analytics arna sholáthar ag Google, Inc. (“Google”), a úsáideann fianáin chun anailís a dhéanamh ar an gcaoi a n-úsáideann úsáideoirí an Suíomh Gréasáin seo. Úsáideann an Suíomh Gréasáin na modúil seo a leanas: Google Analytics – monatóir feidhmíochta, achoimre lucht féachana, úsáideoirí gníomhacha, taiscéalaí úsáideoirí, lucht féachana anailíseach, tuarascálacha comparáide, tuarascáil sreabhadh úsáideoirí.

Féadfar faisnéis a ghintear le fianán faoi úsáid an tSuímh Ghréasáin seo (ach gan do sheoladh IP a áireamh) a tharchur agus a stóráil ar fhreastalaithe Google sna Stáit Aontaithe.
Úsáidfidh Google an fhaisnéis seo chun úsáid an tSuímh Ghréasáin seo ag cuairteoirí a mheas, tuarascálacha a chruthú faoin úsáid sin agus chun seirbhísí eile a bhaineann le gníomhaíochtaí ar an Suíomh Gréasáin seo agus úsáid an idirlín i gcoitinne a sholáthar. Féadfaidh Google an fhaisnéis seo a sholáthar do thríú páirtithe freisin más gá sin de réir dlí nó má phróiseálann na tríú páirtithe sin an fhaisnéis seo do Google. Féadfaidh tú úsáid fianán ar an Suíomh Gréasáin seo a dhíchumasú mar a thuairiscítear thuas, ach má dhéanann tú amhlaidh do gach cineál fianán, b’fhéidir nach mbeidh tú in ann úsáid iomlán a bhaint as gach gné den Suíomh Gréasáin seo. Chun rogha an diúltaithe a dhéanamh gan Google Analytics rianú a dhéanamh ort ar fud gach suíomh Gréasáin, tabhair cuairt ar: https://tools.google.com/dlpage/gaoptout
Le haghaidh tuilleadh eolais faoi na modúil atá liostaithe thuas agus conas a láimhseálann Google faisnéis phearsanta, féach https://policies.google.com/technologies/partner-sites agus https://www.google.com/intl/en/privacy/privacy-policy.html.

Cainéil na Meán Sóisialta
Má tá tú logáilte isteach i do chuntas meán sóisialta nuair a théann tú isteach ar an suíomh Gréasáin seo, d’fhéadfadh go mbeadh an soláthraí cuntais meán sóisialta in ann do chuntas a cheangal leis na leathanaigh a dtugann tú cuairt orthu. Ní dhéanann siad é seo thar ceann an HSE ach chun a gcríoch féin, cuir tú féin ar an eolas faoi bheartais phríobháideachais na soláthraithe meán sóisialta atá i láthair ar ár suíomh Gréasáin.

Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoi bheartais na gcainéal meán sóisialta seo anseo:

Cainéal Meán Sóisialta Polasaithe Diúltaigh a bheith páirteach
Facebook Beartas Príobháideachais,| Fianáin, |Comhlíonadh an RGCS Roghanna le diúltú a bheith páirteach
Instagram Beartas Príobháideachais | Fianáin | Comhlíonadh an RGCS Roghanna le diúltú a bheith páirteach
LinkedIn Beartas Príobháideachais | Fianáin | Comhlíonadh an RGCS Roghanna le diúltú a bheith páirteach
Twitter Beartas Príobháideachais | Fianáin | Comhlíonadh an RGCS Roghanna le diúltú a bheith páirteach
YouTube Beartas Príobháideachais | Fianáin | Comhlíonadh an RGCS Roghanna le diúltú a bheith páirteach
Ginearálta Roghanna le diúltú a bheith páirteach

An ndéanfar mo shonraí pearsanta a aistriú lasmuigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE)?

Baineann an FSS úsáid as Google Analytics chun faisnéis a bhailiú faoi d’úsáid den suíomh gréasáin seo. Aistríonn Google sonraí chuig Stáit Aontaithe Mheiriceá (SAM). Mar sin féin, tá seoltaí IP anaithnidithe ag an FSS don suíomh gréasáin seo, rud a chiallaíonn nach féidir aon duine aonair a shainaithint trína sheoladh IP.
Ní aistríonn an FSS aon sonraí pearsanta eile fút lasmuigh den LEE. Má chinneann an FSS do shonraí pearsanta a aistriú lasmuigh den LEE, cinnteoidh sé go gcomhlíonfar forálacha Chaibidil V den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS).

Do Chearta Cosanta Sonraí

Cearta Príobháideachais Leictreonaigh (ePrivacy)
Foráiltear i do chearta príobháideachais leictreonaigh go bhfuil sé de cheart agat do thoiliú maidir le fianáin a tharraingt siar. Is féidir leat do shocruithe fianán a rialú trí chliceáil ar an gcnaipe “Socruithe Fianán” i mbuntásc an tsuímh ghréasáin.
Cearta Cosanta Sonraí
Áirítear ar do chearta cosanta sonraí an ceart rochtana, an ceart agóid a dhéanamh, an ceart agóid a dhéanamh i gcoinne próiseála uathoibrithe, agus an ceart do shonraí a athbhreithniú.
Léigh Ráiteas an FSS maidir le Cosaint Sonraí.
Iarratas a Chur Isteach – Gnóthaí Tomhaltóirí an FSS
Chun aon cheann de na cearta cosanta sonraí seo a fheidhmiú, is féidir leat iarratas a chur isteach chuig Gnóthaí Tomhaltóirí an FSS saor in aisce. D’fhéadfaí táille a ghearradh ort má tá d’iarratas soiléir gan bhunús, iomarcach nó athchleachtach.

Gearáin
Más mian leat gearán a dhéanamh faoin gcaoi a n-úsáideann an FSS fianáin, is féidir leat é sin a dhéanamh leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí nó le hOifigeach Cosanta Sonraí an FSS.
An Coimisiún um Chosaint Sonraí
info@dataprotection.ie
LoCall: 1890 252 231
Fón: 0761 104 8000
Fón: 057 868 4800
dataprotection.ie
Canal House, Bóthar an Stáisiúin,
Port Laoise,
R32 AP23, Co. Laoise

Oifigeach Cosanta Sonraí (OCS) an FSS

Is féidir teagmháil dhíreach a dhéanamh le hOifigeach Cosanta Sonraí (OCS) an FSS trí ríomhphost ag dpo@hse.ie. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh freisin le hoifigí ár nOifigigh Cosanta Sonraí i do cheantar féin.