Ár nDaoine i Seirbhísí CAMHS

5 Nóiméad le hOrla O’Sullivan

Cén chaoi a dtosaíonn tú do lá?

Is gnách go dtosaíonn an lá ar an gcaoi chéanna – déanaim mo ríomhphoist a sheiceáil, breathnaím trí mo dhialann ar na coinní/cruinnithe don lá sin agus, ar ndóigh, caithfidh mé cupán caife a réiteach dom féin. Tugann sé sin deis dom seiceáil isteach le roinnt de mo chuid comhghleacaithe freisin, rud atá ina chuid thábhachtach den obair ar fhoireann ildisciplíneach.

Inis dúin faoin bhfoireann a n-oibríonn tú leo.

Táim ar Fhoireann Iarthar Luimnigh, atá faoi stiúir Síciatraí Comhairleach. Is foireann ildisciplíneach muid atá comhdhéanta de lianna, altraí, síceolaithe, teiripeoirí urlabhra agus teanga, cleachtóirí cúraim shóisialta, oibrithe riaracháin agus oibrithe sóisialta. Bíonn cruinniú foirne againn gach seachtain. Maireann sé thart ar 2 uair an chloig agus is bealach iontach é don fhoireann teacht le chéile le cásanna a phlé agus tacú lena chéile. Is am cosanta é agus is mór againn mar fhoireann an comhar, a chabhraíonn linn a bheith ceangailte agus oibriú ar bhealach níos comhtháite.

Céard a tharlaíonn ar ghnáthlá oibre agat?

Is é an rud is fearr faoi CAMHS ná nach mar a chéile a bhíonn aon dá lá. Bíodh sin mar atá, is iondúil go mbíonn coinní aonair agam le leanaí, tuismitheoirí/cúramóirí agus teaghlaigh agus cruinnithe foirne nó disciplín. I gcás go bhfuil mé ar ghlao-dhualgas, d’fhéadfadh sé go mbeadh orm triáiseáil a dhéanamh ar dhaoine nua a cuireadh chuig an bhfoireann agus b’fhéidir tuilleadh coinní a sceidealú don tráthnóna sin. Bíonn amanna ann freisin nuair a théim chuig scoileanna le breathnóireacht a dhéanamh mar chuid de mo mheasúnú nó nuair a chuirim grúpaí ar siúl in CAMHS do dhaoine óga agus a dteaghlaigh. Caithim an chuid is mó de mo lá ag caint le leanaí de gach aois faoi na dúshláin atá rompu ó thaobh meabhairshláinte de agus ag tacú leo teacht ar bhealaí le fadhbanna a réiteach agus a saol laethúil a fheabhsú.

Céard a spreagann thú i do chuid oibre?

Thosaigh mé ar ról nua mar Cheannaire Foirne le déanaí, rud a thug fuinneamh agus spreagadh nua dom le ról na hoibre sóisialta a fhorbairt tuilleadh in CAMHS. Is maith liom a bheith ag caint le daoine de gach aois gach lá agus ag cabhrú leo dearcthaí agus léargais nua a fháil chun a meabhairshláinte agus a gcaighdeán maireachtála a fheabhsú. Is maith liom a bheith ag obair ar fhoireann le daoine a bhfuil oiliúint éagsúil agus dearcthaí difriúla acu sa chaoi go gcuirimid le chéile le fadhbanna a réiteach agus le cabhrú le leanaí an lámh in uachtar a fháil ar na dúshláin meabhairshláinte atá rompu.

Céard é an rud is mó a thaitníonn leat faoi do ról?

Is breá liom go bhfuil solúbthacht agus éagsúlacht ag baint le mo ról agus gur féidir liom seisiúin aonair agus seisiúin ghrúpa a chur ar fáil. Bím in ann labhairt le leanaí agus le tuismitheoirí/cúramóirí gach lá, ag éisteacht le scéalta saoil, ag breathnú ar na deacrachtaí atá acu agus ag baint sásaimh as an dúthracht a chaitheann leanaí agus tuismitheoirí/cúramóirí le tacú lena chéile. Tá sé de phribhléid agam teacht aniar na leanaí agus na dteaghlach atá ag plé le riochtaí suntasacha meabhairshláinte a chloisteáil agus a fheiceáil. Taitníonn an obair ghrúpa le déagóirí óga liom go háirithe. Is minic a mhothaíonn siad go bhfuil siad go hiomlán leo féin, ach tuigeann siad nach fíor é sin tar éis páirt a ghlacadh i ngrúp-chomhráite, áit a bhfuil an-chuid acu ag streachailt le fadhbanna féiniúlachta agus le brúnna sóisialta agus teaghlaigh den chineál céanna. Tugann an obair ghrúpa deiseanna dóibh foghlaim ó dhaoine eile atá sa chás céanna.

Cén chomhairle a thabharfá do dhuine atá ag smaoineamh ar ghairm bheatha in CAMHS?

Is saibhir an taithí atá faighte agam in CAMHS, ní hamháin i réimse na meabhairshláinte, ach ag obair mar chuid d’fhoireann ildisciplíneach, leis. Mar dhisciplín, tá ardmheas ar an obair shóisialta in CAMHS agus bíonn deiseanna ann i gcónaí cur le do chuid scileanna agus foghlaim ó bhaill foirne eile. Bíonn an obair suimiúil i gcónaí toisc go dtagann leanaí chuig CAMHS ar chúiseanna éagsúla, idir leanaí ag streachailt le giúmar, imní agus neamhoird itheacháin, síocóisí, agus riochtaí néarfhorbartha amhail NHEA/NEA. Obair chasta agus éagsúil atá ann, ach is é sin an fáth a mbíonn sé chomh spéisiúil sin agus a mbíonn deiseanna ann i gcónaí le foghlaim agus forbairt go gairmiúil.