Ceisteanna Coitianta maidir le Clár Urraíochta an Ard-Dioplóma sa Chnáimhseachas
Cé air a bhfuil an clár dírithe?
Is ar Altraí Ginearálta Cláraithe ar mian leo a bheith ina gcnáimhseacha atá an clár dírithe. Is slí bheatha thairbheach é an chnáimhseachas ina dtugtar tacaíocht do mhná agus dá dteaghlaigh roimh ghiniúint an linbh, i rith an toirchis, agus an leanbh ag teacht ar an saol agus suas le sé seachtaine tar éis bhreith an linbh.
Cathain a thosóidh an chéad chlár eile?
Tá tús le cur leis an gcéad chlár eile i Meán Fómhair 2025.
Cá fhad a mhaireann Clár an Ard-Dioplóma sa Chnáimhseachas?
Maireann an clár 18 mí ar a laghad agus é comhdhéanta de 26 seachtaine teoirice agus 54 seachtain i mbun cleachtadh cliniciúil.
Cé dó a gceadaítear cur isteach ar an gclár seo?
Is ceadmhach duit iarratas a dhéanamh ar an gclár má tá tú cláraithe sa Rannán Ginearálta den Chlár Altraí a choinníonn Bord Altranais agus Cnáimhseachais na hÉireann (an Bord), nó má tá tú incháilithe le bheith cláraithe amhlaidh tráth déanta an iarratais.
Cén chaoi ar féidir liom a fháil amach an bhfuil mé i dteideal clárú leis an mBord?
Tá faisnéis ar láithreán gréasáin an Bhoird, https://www.nmbi.ie/Registration, faoi chlárú den chéad uair, d’altraí a chuaigh faoi oiliúint thar lear agus faoin bpróiseas um aithint cáilíochtaí in Éirinn.
Cathain is féidir liom cur isteach ar an gclár?
Beifear ag glacadh le hiarratais ó Dé Máirt, an 18 Márta go dtí 12 meán lae, Dé Máirt, an 8 Aibreán 2025.
Cén áit ar féidir liom cur isteach air?
Déan iarratas ag an nasc https://www.hse.ie/eng/staff/jobs/job-search/nursing/nrs14678.html
Cén áit a mbeidh mé ag tabhairt faoin gclár?
Cuireann na grúpaí ospidéal seo a leanas de chuid FSS agus a gcomhpháirtithe acadúla an clár ar fáil. Áirítear leo siúd:
- FSS an Iarthair agus an Iarthuaiscirt: Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh, Ospidéal na hOllscoile, Leitir Ceanainn, Ospidéal na hOllscoile, Maigh Eo, Ospidéal na hOllscoile, Portiuncula agus Ospidéal na hOllscoile, Sligeach, i gcomhar le hOllscoil na Gaillimhe
- FSS an Deiscirt agus an Iardheiscirt: Grúpa Máithreachais na hOllscoile, Corcaigh, i gcomhar le Coláiste na hOllscoile, Corcaigh
- FSS an Iarthair Láir: Ospidéal Máithreachais na hOllscoile, Luimneach i gcomhar le hOllscoil Luimnigh
- FSS Bhaile Átha Cliath agus an Oirthuaiscirt: Ospidéal Mhuire Lourdes, Droichead Átha agus Ospidéal Ginearálta an Chabháin, i gcomhar le hInstitiúid Teicneolaíochta Dhún Dealgan
Iarrfar ort do rogha láthair a ainmniú tráth déanta an iarratais.
An gá dom táillí a íoc as an gclár?
Ní gá. Tá táillí an chláir urraithe agus íocfaidh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) iad.
An bhfaighidh mé tuarastal agus mé i mbun an chláir?
Gheobhaidh. Gheobhaidh tú tuarastal ar na seachtainí teoirice agus cliniciúla araon. Coinneoidh tú do phointe reatha ar scála tuarastail an altra foirne ar dhul isteach sa chlár duit (bunaithe ar sheirbhís fhíoraithe altranais). Coinneoidh mic léinn a gcreidmheas incriminteach freisin (más bainteach) agus iad i mbun an chláir.
Cé mhéad uair an chloig a bheidh i gceist leis an gclár in aghaidh na seachtaine?
Seachtain oibre lánaimseartha atá i gceist, is é sin le rá 37.5 uair an chloig sa tseachtain. Beidh uaireanta an choláiste mar a shannfar iad, agus beifear ag súil le freastal iomlán.
Céard a tharlóidh ar chríochnú an chláir dom?
Tar éis duit an clár a chur i gcrích go rathúil, bronnfar Ard-Dioplóma sa Chnáimhseachas (Leibhéal 8 ar Chreat Údarás Náisiúnta Cáilíochtaí na hÉireann) ort agus beidh tú incháilithe clárú mar Chnáimhseach le Bord Altranais agus Cnáimhseachais na hÉireann (an Bord). Na hiarratasóirí siúd a n-éireoidh leo urraíocht a fháil, éileofar orthu fanacht ag obair don ghníomhaireacht urraíochta go ceann 18 mí ar a laghad díreach tar éis dóibh an clár a chríochnú.
Cén chaoi ar féidir liom ullmhú don agallamh?
Agus tú ag ullmhú d’agallamh bunaithe ar inniúlacht, tá sé tábhachtach a bheith in ann sampla a thabhairt ar na scileanna, ar na hinniúlachtaí agus ar an saineolas atá liostaithe sa tSonraíocht Phoist. Áirítear leo siúd:
- Saineolas/Taithí
- Scileanna Eagrúcháin agus Bainistíochta
- Caidreamh a Chothú agus a Choinneáil
- Scileanna Anailíse, Fadhbréitigh agus Cinnteoireachta
- Scileanna Cumarsáide agus Idirphearsanta.
Tá sé tábhachtach tuiscint mhaith a bheith agat chomh maith ar ról na cnáimhsí agus ar Chaighdeáin agus ar Riachtanais an Bhoird maidir leis an gclár.
Cén sórt deiseanna a bheidh ar fáil nuair a bhainfidh mé cáilíocht amach mar chnáimhseach?
Is iomaí deis ghairme a bhíonn ar fáil do chnáimhseacha, amhail róil phobalbhunaithe (m.sh. tacaíocht lachtaithe agus iarbhreithe), sainréimsí cleachtais (m.sh. meabhairshláinte imbhreithe agus méala), mar aon le deiseanna ardchleachtais agus bainistíochta, agus deiseanna le haghaidh conairí oideachais.