Cén chaoi ar féidir liom a bheith i mo Dhochtúir?

Is gairm bheatha fhiúntach é an leigheas, a bhíonn ag athrú de shíor mar a thagann éablóid ar an eolas leighis atá againn. Gairm an-tairbheach is ea a bheith ag obair le hothair agus lena muintir chun breoiteacht a chosc agus a chóireáil — gairm ina n-éilítear comhbhá, inniúlacht agus an toilteanas bheith ag obair mar chuid d’fhoireann, chomh maith le dea-scileanna cumarsáide agus an cumas obair i dtimpeallacht ghasta.

Is féidir dul isteach i ngairm an leighis ar roinnt bealaí:

  • Bunchéim sa Leigheas
  • Bealach iontrála do chéimithe

Tástáil Inniúlachta na nGairmeacha Sláinte – HPAT ina riachtanas iontrála le haghaidh gach cúrsa fochéime leighis in Éirinn. Úsáidtear meascán de do thorthaí san Ardteistiméireacht agus do HPAT lena mheas cé acu atá tú oiriúnach do ghairm an leighis nó nach bhfuil. Gheobhaidh tú tuilleadh eolais maidir le bealaí iontrála ar an Tairseach Gairmeacha.

Cliceáil ar an nasc faoi iamh le tuilleadh eolais a fháil ar Iontráil do Chéimithe sa Leigheas (GEM).

Medical,Students,Listening,Sitting,At,Desk,At,The,University

Do ról le FSS

Tar éis duit cáilíocht a bhaint amach agus do Bhliain Intéirneachta a chur díot, ní mór duit clárú le Comhairle na nDochtúirí Leighis, an comhlacht rialála do dhochtúirí in Éirinn.

Gairm bheatha dhinimiciúil agus shásúil atá sa leigheas, a bhíonn ar thús cadhnaíochta ó thaobh nuálaíochta agus fionnachtana de i gcónaí. Níl sa chéad cháilíocht ach tús aistir a mhairfidh ar feadh an tsaoil, ina dtabharfaidh tú faoi shainoiliúint agus forbairt ghairmiúil, agus ina mbeidh tionchar bríoch agat.

Ag brath ar do réimse speisialtóireachta, is féidir leat dul ag obair i réimse suíomhanna, amhail dianchúram, máinliacht, athshlánú, péidiatraic, geiriatraic, gínéiceolaíocht, oinceolaíocht, agus neart eile nach iad, rud a fhágann go mbeidh an-chuid deiseanna uathúla agat le do ghairm bheatha a choinneáil idir éagsúil agus sásúil.

Doctor with young child in a hospital

Faigh amach faoi na róil a bheidh agat ag pointí éagsúla ar d'aistear oiliúna

Faigh amach a bhfoghlaimeoidh tú agus a mbeifear ag súil leis uait agus tú ag déanamh dul chun cinn ar d’aistear oiliúna.

*  Tá 57 speisialtacht aitheanta ag Comhairle na nDochtúirí Leighis faoi láthair, agus cláir oiliúna neamhspleácha nó shruthlínithe i bhfeidhm maidir le 50 ceann de na speisialtachtaí sin.

D’fhéadfadh na conairí oiliúna a bheith comhdhéanta de:

  • Oiliúint Speisialtóra Bhunúsaigh
  • Oiliúint Ardspeisialtóra
  • Oiliúint Shruthlínithe Speisialtóra

D’fhéadfadh oiliúint atá déanta agat cheana féin nó ‘Aitheantas ar Fhoghlaim Roimhe Seo’ (RPL) tionchar a bheith acu ar fhad roinnt conairí.

male doctor with a pregnant female patient

Oiliúint agus forbairt bhreise

Tá cláir éagsúla ann atá deartha chun d’oideachas leighis a fheabhsú agus chun cabhrú leat scileanna nua agus saineolas nua a fháil i do rogha réimse. Le tuilleadh eolais a fháil, téigh chuig Medical Careers Ireland.

Mar Dhochtúir Neamhchomhairleach Ospidéil (NCHD) atá fostaithe i suíomh cliniciúil de chuid FSS, cuirfidh tú do lámh le Conradh NCHD 2010, faoina mbeidh fáil agat ar tacaíochtaí oiliúna agus oideachais.

Cuireann an tAonad Náisiúnta Oiliúna agus Pleanála Dochtúirí (NDTP) eolas ar fáil freisin faoi scoláireachtaí agus comhaltachtaí, tacaíochtaí airgeadais faoi chomhair scrúduithe, agus deiseanna oiliúna solúbtha.

Éilíonn FSS oiliúint áirithe lena chinntiú go gcuirtear seirbhís shlán shábháilte ar fáil. Braitheann na riachtanais ar an suíomh cliniciúil agus ar an speisialtacht, agus cuirtear ar fáil liosta sonrach den oiliúint ar fad atá éigeantach. Is féidir an oiliúint a dhéanamh ar ardán oiliúna FSS, HSELanD, nó trí sheisiúin ranga/phraiticiúla.

Cuireann Comhairle na nDochtúirí Leighis eolas ar fáil faoi chúrsaí oideachais agus oiliúna chomh maith.

 

 

group of female doctors

Sochair foirne agus teistiméireachtaí

Is mó ná post atá i gceist le bheith ag obair do FSS — deis é gairm bheatha bhríoch agus luachmhar a bheith agat. Ag obair duit mar chuid de chóras cúraim sláinte den chéad scoth a sholáthraíonn cúram atá dírithe ar an othar, gheobhaidh tú tuarastal iomaíoch, pacáistí sochar den scoth, agus deiseanna foghlama agus forbartha ar bhonn leanúnach. Beidh tú páirteach i bpobal tacúil gairmithe cúraim sláinte freisin, agus fáil agat ar roghanna solúbtha oibre a fheabhsóidh cáilíocht do beatha. Níos fearr fós, beidh cónaí ort i dtír atá saibhir ó thaobh cultúir agus acmhainní nádúrtha de.

Téigh chuig an láithreán gréasáin Gairmeacha Leighis le tuilleadh eolais a fháil.

Féach Scálaí pá – Foireann FSS

Cliceáil ar na naisc thíos le tuilleadh eolais a fháil ar eispéireas duine dár gcuid comhghleacaithe:

Niamh Shaugnessy, Dochtúir Péidiatrach, Sláinte Leanaí Éireann.

Senior Patient having Consultation With Doctor In Office