Uimhir PPS a fháil

Más é seo do chéad uair ag obair in Éirinn, ní mór duit iarratas a dhéanamh ar Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (PPS). Is í seo d’uimhir uathúil le haghaidh cúrsaí cánach agus gach sochar leasa shóisialaigh. Chun tuilleadh eolais a fháil faoi uimhreacha PPS, is féidir leat cuairt a thabhairt ar www.MyWelfare.ie nó teagmháil a dhéanamh leis an Roinn Coimirce Sóisialaí ag info@welfare.ie

application form

Cuntas bainc a oscailt

Is féidir leat cuntas reatha a úsáid chun do chuid airgid a bhainistiú ó lá go lá. Chun cuntas bainc a oscailt, is gnách go ndéanann tú iarratas i mbrainse nó ar líne. Caithfidh tú cruthúnas céannachta a sholáthar agus do sheoladh a fhíorú.

Chun comhairle a fháil maidir le conas an banc agus an cuntas ceart a roghnú do do chuid riachtanas, cliceáil anseo.

Open a bank account image