An Cúram Sláinte Leanaí á Athrú chun Feabhais in Éirinn
Tugtar le chéile i Sláinte Leanaí Éireann (CHI) saineolas ó Ospidéal Chromghlinne, Ospidéal Shráid an Teampaill, Ospidéal Thamhlachta agus Ospidéal Uí Chonghaile chun cúram den scoth a chur ar fáil do leanaí agus do dhaoine óga.
Beidh ospidéal na leanaí ar champas San Séamas i gcroílár an líonra náisiúnta nua cúraim, é tacaithe ag ionaid satailíte agus réigiúnacha a chuirfidh seirbhísí péidiatracha cuimsitheacha ar fáil freisin. Cuirfidh an tsaoráid úrscothach sin cúram an-speisialaithe agus casta ar fáil ar fud oileán na hÉireann, agus feidhmeoidh ag an am céanna mar ospidéal áitiúil do leanaí i mBaile Átha Cliath, i gCill Mhantáin, i gCill Dara agus i gcodanna den Mhí freisin.
I dteannta dhá ionad satailíte in Ospidéal Ollscoile Thamhlachta agus Ospidéal Uí Chonghaile i mBaile Bhlainséir, tabharfaidh an t-ospidéal nua 39 speisialtacht péidiatracha le chéile faoi aon díon amháin, chomh maith leis an trealamh, na háiseanna agus na córais dhigiteacha is gá le tacú leo. Lárionad oideachais, taighde agus nuálaíochta a bheidh ann freisin.