Cén tslí le bheith i m’Altra Meabhairshláinte?

Speisialtóir altranais is ea Altra Meabhairshláinte / Síciatrach a bhíonn ag obair le daoine atá ag plé le meabhairghalar nó fadhbanna meabhairshláinte. Oibríonn an t-altra meabhairshláinte cláraithe i gcomhar leis na daoine seo ag tacú leo agus ag féachaint leis an neamhspleáchas a chothú. Cuireann siad prionsabail an téarnaimh chun cinn. Tugann siad cúram iomlánaíoch agus tacaíocht phearsanta don duine. Baineann an t-altra meabhairshláinte cláraithe leas as cleachtas agus idirghabhálacha fianaisebhunaithe chun tacú le daoine agus cuidiú leo a meabhairshláinte a bhainistiú.

Tá cúpla bealach ann chun dul isteach sa ghairm:

Tá tuilleadh eolais ar láithreán gréasáin Thairseach na nGairmeacha.

Do ról le FSS

Agus tú cáilithe don ról, caithfidh tú clárú le Bord Altranais agus Cnáimhseachais na hÉireann, an rialálaí altranais agus cnáimhseachais in Éirinn.

Tugann altraí cláraithe meabhairshláinte cúram agus cuireann siad cóireáil ar fáil do dhaoine i dtimpeallachtaí éagsúla: in áit chónaithe an duine, ospidéil lae, ionaid lae, timpeallachtaí cónaithe tacaithe, rannóga éigeandála agus timpeallachtaí géarchúraim d’othair chónaitheacha. Féadfaidh siad dul ag obair i sainréimsí chomh maith, mar shampla sláinte mheabhrach imbhreithe, ceartas coiriúil agus obair fhóiréinseach, agus seirbhísí téarnaimh andúile.

Bíonn sealanna éagsúla oibre i gceist i ngairm altranais: le linn an lae, san oíche, deireadh na seachtaine; is féidir leas a bhaint as an tsolúbthacht, taithí a bhaint amach agus pá breise a fháil as uaireanta neamh-lárnacha.

Bíonn altraí cláraithe meabhairshláinte ag obair ar fhoirne ildisciplíneacha le síciatraithe, síceolaithe, teiripeoirí saothair, oibrithe sóisialta, oibrithe cúraim agus gairmithe cúraim sláinte agus shóisialta eile.

Bíonn oideachas breá leathan ag teastáil ar dhuine don altranas meabhairshláinte, agus béim á leagan ar scileanna idirphearsanta agus ar eolas ó réimsí éagsúla: teoiric altranais agus eolaíochtaí sóisialta, síceolaíochta agus bitheolaíochta.

Dul chun cinn gairme

Conair Chliniciúil

  • Altra Foirne, Sinsearach (Meabhairshláinte)
  • Altra Sinsearach Feabhsaithe, (Meabhairshláinte)
  • Altraspeisialtóir Cliniciúil (Meabhairshláinte)
  • Altra Ardchleachtóra (Meabhairshláinte)

Conair na Bainistíochta

  • Altra Bainisteora Cliniciúil (I), (II) agus (III)
  • Stiúrthóir Cúnta Altranais
  • An Stiúrthóir Altranais
  • Stiúrthóir Altranais Ceantair

Conair Oideachais

  • Comhordaitheoir Socrúchán Cliniciúil/Oifigeach Leithdháilte Mac Léinn
  • Comhordaitheoir Forbartha an Chleachtais Altranais
  • Teagascóir/Léachtóir Altranais
  • Taighde agus Forbairt
  • Oifigeach an Aonaid Pleanála agus Forbartha Altranais agus Cnáimhseachais
  • Stiúrthóir Ceantair an Aonaid Pleanála agus Forbartha Altranais agus Cnáimhseachais

Oiliúint agus forbairt bhreise

Tugaimid deiseanna forbartha gairmiúla agus oideachais agus, dá bharr, cuirtear le scileanna na n-oibrithe agus le caighdeán an chúraim a thugtar.

Tugann daoine a bhíonn ag plé le Pleanáil Bhliantúil Forbartha Gairmiúla tacaíocht úsáideach d’altraí chun bheith ag obair lena mbainisteoirí le spriocanna pearsanta, gairmiúla agus eagraíochtúla a bhaint amach.

Is é an tAonad áitiúil Pleanála agus Forbartha Altranais agus Cnáimhseachais a thugann tacaíocht le cláir don fhorbairt ghairmiúil leanúnach (FGL), cuir i gcás máistir-ranganna, ceardlanna, laethanta staidéir agus comhdhálacha.

Cuireann Ionaid Oideachais Altranais agus Cnáimhseachais cláir oideachais ar fáil, is é sin FGL agus cláir ar Leibhéil 5–8 ar chreat Dhearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann.

HSELAND an t-ainm atá ar thairseach FSS, áit a bhfuil fáil ar mheascán de dheiseanna oiliúna agus forbartha a chuirtear ar fáil ar líne nó i socrú ranga.

Féach cúrsaí iarchlárúcháin faofa Bhord Altranais agus Cnáimhseachais Éireann lenar féidir clárúchán eile a bhaint amach. Tá tuilleadh eolais ar fáil ach cliceáil ar an nasc
seo
.

Sochair foirne agus teistiméireachtaí

Ar cheann de na buntáistí a bheidh agat agus tú ag obair mar fhostaí in FSS ná go mbeidh tú ag saothrú i ngairm atá fiúntach agus dúshlánach. Cuirimid pá tarraingteach agus sochair tharraingteacha ar fáil, chomh maith le maoirseacht ghairmiúil, tacaíocht ghairme agus deiseanna forbartha, an méid sin ar fad taobh le comhghleacaithe cairdiúla agus caighdeán saoil den scoth.

Féach Scálaí pá – Foireann FSS

Is féidir cliceáil ar na naisc atá thíos le tuilleadh eolais a fháil ar róil san Altranas Meabhairshláinte:

Cláraigh le haghaidh fógraí seachtainiúla poist le Mol Gairmeacha FSS lena chinntiú go mbíonn tú ar an eolas faoi na folúntais go léir.