Cén tslí le bheith i mo Bhithcheimiceoir?

Sa bhithcheimic chliniciúil, déanann eolaithe na próisis cheimiceacha agus mhóilíneacha a bhíonn ag dul ar aghaidh i gcolainn an duine a fhiosrú. Baineann bithcheimiceoirí cliniciúla leas as an eolas seo i ndiagnóisiú, cóireáil agus prognóis galar. Déanann siad anailís ar thorthaí saotharlainne agus baineann siad ciall astu, tugann siad treoir chliniciúil agus treoraíonn siad an fhorbairt ar sheirbhísí diagnóiseacha in ospidéil agus i dtimpeallachtaí cúraim phríomhúil.

Bealach iontrála:

  • BSc (Onóracha)/BA (Modhnóireachta) i ndisciplín cuí (mar shampla, Bithcheimic, Eolaíocht Bhithleighis, Bitheolaíocht Mhóilíneach, Ceimic, Fiseolaíocht, Cógaseolaíocht, Géineolaíocht, Imdhíoneolaíocht)

Féach liosta na gcáilíochtaí a aithnítear.

Tá eolas ar láithreán gréasáin Chumann na mBithcheimiceoirí in Éirinn nó ar an Tairseach Gairmeacha.

male and female working together in a laboratory

Do ról le FSS

Má thugann tú faoi ghairm mar Bhithcheimiceoir Cliniciúil beidh tú ar chonair a bhíonn ag síorathrú ina mbíonn meascán de shaineolas cliniciúil, nuáil eolaíochta, dearbhú cáilíochta agus ceannasaíocht.

Bíonn Bithcheimiceoirí Cliniciúla ag obair de réir a leibhéil oiliúna chun léirmhíniú fianaisebhunaithe agus comhairle a chur ar fáil i bhfoirne cliniciúla. Glacann siad páirt ghníomhach i gcruinnithe foirne ildisciplíneacha le go mbainfear torthaí níos fearr amach do na hothair.

Má thagann tú le bheith ag obair mar Bhithcheimiceoir Cliniciúil, beidh ról lárnach agat forbairt seirbhísí a chur chun cinn agus teicneolaíochtaí diagnóiseacha nua a thabhairt isteach agus a dhearbhú chun aon riachtanais chliniciúla a shásamh. Tugann Bithcheimiceoirí Cliniciúla ceannasaíocht i gcórais atá ag teacht le ISO 15189 ó thaobh cáilíochta de agus, dá réir, déanann siad a chinntiú go mbíonn cruinneas, sábháilteacht agus feabhsú leanúnach ann.

Tugann Bithcheimiceoirí Cliniciúla ceannasaíocht ina gcuid teagaisc agus meantóireachta agus sa tslí a gcuireann siad taighde agus nuáil aistritheach chun cinn.

Researcher,Sample,Analysis,And,Writes,Down,The,Data,Result,Of

Dul chun cinn Gairme

Conair Chliniciúil:

  • Bithcheimiceoir
  • Bithcheimiceoir, Sinsearach

Conair na Bainistíochta:

  • Príomh-Bhithcheimiceoir
  • Bithcheimiceoir Cliniciúil Comhairleach

Conair Oideachais
Is iomaí deis atá ar fáil i róil oideachais sna Gairmeacha Sláinte agus Cúraim Shóisialta ar fad chomh maith.

head of laboratory having a meeting with a female colleague

Oiliúint agus forbairt bhreise

Oifig na nGairmithe Cúraim Sláinte agus Shóisialta atá freagrach as Ceannaireacht, Oideachas agus Forbairt Ghairmiúil Leanúnach i gcás oibrithe cúraim sláinte agus shóisialta in FSS.

Tá teacht ag baill den Chumann Bithcheimiceoirí Cliniciúla in Éirinn ar acmhainní oideachais agus oiliúna Chónaidhm Míochaine Saotharlainne na hEorpa

HSeLand an t-ainm atá ar thairseach FSS, áit a bhfuil fáil ar mheascán de dheiseanna oiliúna agus forbartha a chuirtear ar fáil ar líne nó i socrú ranga. Is féidir eolas a fháil ar dheiseanna oideachais agus forbartha ar Mhol Oifig na nGairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialta ar www.hseland.ie.

Samplaí eile de ghníomhaíochtaí forbartha gairmiúla ná deiseanna chun seirbhísí iontacha leabharlainne FSS a úsáid, deiseanna breise oiliúna agus oideachais, deiseanna freastal ar chomhdhálacha, seimineáir ghréasáin agus ceardlanna, próiseas meantóireachta agus maoirseachta, an t-eolas is úire faoin ngairm i nuachtlitreacha speisialaithe, blaganna agus podchraoltaí.

Female Biochemist Wearing Lab Coat And Protective Glasses

Sochair foirne agus teistiméireachtaí

Ar cheann de na buntáistí a bheidh agat agus tú ag obair mar fhostaí in FSS ná go mbeidh tú ag saothrú i ngairm atá fiúntach agus dúshlánach. Tairgímid pá agus sochair mhealltacha, maoirseacht ghairmiúil, tacaíocht ghairme agus deiseanna forbartha, comhghleacaithe cairdiúla, agus caighdeán saoil den scoth.

Féach Scálaí pá – Foireann FSS

Teistiméireachtaí ó bhaill foirne le teacht gan mhoill.

Cláraigh le haghaidh fógraí seachtainiúla poist le Mol Gairmeacha FSS lena chinntiú go mbíonn tú ar an eolas faoi na folúntais go léir. 

African American scientist working with a colleague in a lab