Gairm fhiúntach spreagúil atá san Altranas Ginearálta ina leagtar béim ar chúram duinelárnach a thabhairt ar mhaithe le sláinte, cneasú agus folláine ghinearálta a chur chun cinn. Má bhíonn tú ag obair mar Altra Ginearálta, beidh tú ag comhlíonadh ról ríthábhachtach chun torthaí cúraim sláinte a fheabhsú mar thoradh ar chúram comhbhách, saineolas cliniciúil agus obair foirne. Níl aon deireadh leis na deiseanna don fhás, speisialtóireacht agus foghlaim ar feadh an tsaoil sa ghairm seo. Conair shásúil atá san altranas ginearálta ina mbíonn deis ag daoine ar mian leo cuidiú le daoine eile agus iad a chumasú tarraingt ar a gcomhbhá agus a gcuid scileanna chun saol níos sláintiúla a mhúnlú.
Tá bealaí éagsúla iontrála ann le dul isteach chuig gairm san Altranas Ginearálta:
- BSc fochéime san Altranas Ginearálta– cúrsa faofa
- Céimeanna tríú leibhéal ar conairí leanúnacha iad ón mbreisoideachas isteach san ardoideachas
Tá tuilleadh eolais ar láithreán gréasáin Thairseach na nGairmeacha.