Nathanna cainte coitianta in Éirinn

Béarla is mó a labhraíonn daoine in Éirinn. San am céanna, tá focail agus nathanna áirithe ann a úsáidtear i gcomhthéacsanna laethúla nach gcloisfear ach in Éirinn, cuid acu bainteach leis an nGaeilge.

Is iad do chuid comhghleacaithe an acmhainn is fearr a bheidh agat—ná bíodh aon leisce ort ceist a chur orthu má bhíonn rud ann nach dtuigeann tú!

Tá seans maith ann go gcluinfidh tú cuid acu seo:

  • Craic = spraoi, mar shampla ‘Cad é an chraic?’ nó ‘Craic ar bith?’
  • Donkeys’ years = blianta fada, mar shampla ‘It’s been donkeys’ years since I was last in Co Mayo.’
  • Eejit = duine amaideach
  • Fair play = bail ó Dhia ort, maith thú féin, mar shampla ‘Fair play to you, that looks great.’
  • Stócach = fear nó buachaill
  • Tabhairt amach = gearán nó scamhailéireacht, mar shampla ‘Bhí mo mhúinteoir ag tabhairt amach dom toisc nach raibh mé in am don scoil.
  • Grand = i gceart, go breá, togha, mar shampla ‘Weather is grand’, ‘I’m grand’.
  • Prios = cófra
  • That’s gas = sin greannmhar

Seans go dtabharfaidh tú faoi deara go bhfuil blas agus canúintí difriúla ag daoine ó áiteanna éagsúla in Éirinn.  Is dócha go rachaidh tú i dtaithí go measartha gasta ar an mblas cainte sa cheantar a mbeidh tú ann agus, de réir a chéile, ar chanúintí eile ó gach cearn den tír.