Comhghairdeas libh siúd atá i ndiaidh ról a fháil linn agus fáilte romhaibh! Beidh na leathanaigh seo a leanas úsáideach agus tú ag ullmhú le do thír dhúchais a fhágáil agus ar theacht go hÉirinn duit.
Is fearr breathnú ar an oiread den téacs agus is féidir agus tú in áit a bhfuil taithí agat uirthi. Seans go mbeidh tú iontach gnóthach ar theacht go hÉirinn duit agus tú ag ullmhú don chéad lá oibre.
Tá meascán breá ábhar tacaíochta againn sa rannóg seo. Molaimid duit am a chaitheamh leis an ábhar seo i ndiaidh duit do chonradh a fháil. Tá ábhar oiliúna agus tacaíochta cultúrtha ar líne ann. Seans nár mhiste duit tosú ar an ábhar sula dtugann tú faoin turas go hÉirinn. Ach ní gá duit an oiliúint a chur i gcrích i d’am pearsanta féin.
Tá neart eolas praiticiúil sa Treoir seo faoi choinne fostaithe idirnáisiúnta nua.