Poist in FSS

Tá gealltanas tugtha ag FSS cúram den scoth a chur ar fáil do phobail na tíre de réir na gcaighdeán is airde dá bhfuil ann. Cúis áthais dúinn go bhfuil tú ag smaoineamh ar theacht le bheith ag obair linn.

Is sinne seirbhís sláinte poiblí na hÉireann agus tá deiseanna sásúla gairmeacha againn i réimse leathan disciplíní. Tá eolas praiticiúil ar an leathanach seo faoi áiteanna le folúntais a aimsiú, faoin tslí le hiarratas a dhéanamh chomh maith le sonraí tábhachtacha maidir le cáilitheacht agus riachtanais ghairmiúla.

Táimidne anseo chun tacú leat ar an aistear más seo do chéad uair ag plé le FSS nó más duine thú atá ag filleadh.

Job applicant

Cén áit a bhfaighidh mé eolas ar na folúntais?

Tugtar na folúntais oibre ar fad atá ag FSS agus ag soláthraithe cúraim sláinte poiblí eile ar leathanach na bpost ar láithreán gréasáin FSS.

Tá níos mó ná 800 post éagsúil againn i ndisciplíní éagsúla i ngráid ar leibhéil éagsúla, idir lianna comhairleacha agus altraí, chnáimhseacha agus ghairmithe cúraim sláinte agus shóisialta. Tá róil ar fáil in FSS i réimsí riaracháin agus bainistíochta, cuir i gcás airgeadas, teicneolaíocht faisnéise, cléireachas, acmhainní daonna taobh le róil mar thiománaithe, cócairí agus a lán róil shuimiúla eile.

Nuair a chláróidh tú le Mol Gairmeacha FSS, gheobhaidh tú fógraí gach seachtain maidir le poist a bheidh ag teacht leis an bpost/leis na poist agus an áit is rogha leat.

Cliceáil ar an nasc Folúntais le Líonadh Láithreach a thabharfaidh chuig cuid de na poist atá ar fáil sa tSeirbhís Míchumais thú.

 

Cén tslí le hiarratas a dhéanamh ar fholúntas in FSS?

Má tá an taithí chuí agus na cáilíochtaí riachtanacha agat, tá tú in ann iarratas a dhéanamh ar aon phost atá fógartha ar shuíomh gréasáin FSS nó an nasc a úsáid ón bhfógra ríomhphoist a cuireadh chugat.

I ngach feachtas beidh doiciméad dar teideal Sonrú Poist ina dtabharfar an t-eolas ar fad faoin ról, is é sin príomhdhualgais agus príomhfhreagrachtaí, critéir cháilitheachta, scileanna agus inniúlachtaí riachtanacha, scála tuarastail, srl.

Molaimid go mór duit dul chuig an rannóg dar teideal Cabhair agus Tacaíocht Earcaíochta agus na 3 mhodúl oiliúna a chur i gcrích ina dtugtar eolas faoin tslí chun foirm iarratais a líonadh amach agus chun ullmhúchán agus cleachtadh a dhéanamh d’agallamh ar bhonn inniúlachta.

Tá ceapacháin daoine chuig poist in FSS faoi réir a bhfuil sa Chód Cleachtais atá foilsithe ag an gCoimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí.

female signing a form

Critéir cháilitheachta agus riachtanais ghairmiúla

Leagfar amach go soiléir na critéir cháilitheachta i bhfolúntais post, cuir i gcás na scileanna riachtanacha, an taithí riachtanach agus cáilíochtaí oideachais riachtanacha.

Mar sin féin, is riachtanach go mbeidh gairmithe cúraim sláinte (cuir i gcás dochtúirí, altraí, cnáimhseacha, agus gairmithe eile cúraim sláinte agus shóisialta) cláraithe lena gcomhlachtaí rialála faoi seach sula dtéann siad i mbun cleachtais sa tseirbhís sláinte in Éirinn. Leis an gceanglas seo, is féidir a chinntiú go mbítear ag cloí le caighdeáin ghairmiúla agus go dtugtar tús áite do shábháilteacht othar.

Má tá tú i mbliain na céime, déan teagmháil leis an gcomhlacht rialála cuí le treoir a fháil faoin bpróiseas clárúcháin.

Tá tuilleadh eolais ar fáil ach cliceáil ar an nasc Clárúchán Gairmiúil.

Group of Doctors