Cén tslí le bheith i mo Chógaiseoir?

Is gairmithe cúraim sláinte iad cógaiseoirí, saineolaithe san eolaíocht a bhaineann le leigheasanna. Tarraingíonn siad ar eolas cliniciúil agus scileanna gairmiúla ionas go n-úsáidtear leigheasanna go sábháilte agus mar is cuí i dtimpeallachtaí cliniciúla chomh maith le soláthar leigheasanna agus eolas ar leigheasanna a bhainistiú.

Chun bheith cáilithe mar Chógaiseoir in Éirinn, ní mór Máistir Cógaisíochta (MPharm) a chur i gcrích, céim atá creidiúnaithe ag Cumann Cógaiseoirí na hÉireann. Clár 5 bliana atá sa cháilíocht chun cleachtadh mar chógaiseoir. Tá an-bhéim ar scileanna cliniciúla ar an gclár, agus bíonn socrúchán 4 mhí ann sa 4ú bliain agus socrúchán 8 mí sa 5ú bliain den chúrsa.

Tá cláir chreidiúnaithe MPharm ar fáil in ollscoileanna éagsúla in Éirinn, cuir i gcás Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath , Coláiste na hOllscoile, Corcaigh , Coláiste Ríoga na Máinleá in Éirinn , Ollscoil na Gaillimhe agus Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh, Sligeach.

Má tá cáilíochtaí agat a bhain tú amach i dtír eile seachas in Éirinn, féach an leathanach clárúcháin ar shuíomh gréasáin Chumann Cógaiseoirí na hÉireann mar a bhfuil tuilleadh eolais ar aitheantas do cháilíochtaí.

Smiling female pharmacist

Do ról le FSS

I ndiaidh duit an MPharm a chur i gcrích, beidh ort clárú le Cumann Cógaiseoirí na hÉireann , an rialálaí cógaisíochta.

Mar Chógaiseoir in FSS, comhlíonfaidh tú ról lárnach ag cuidiú le daoine gach tairbhe a bhaint as a réim cógas i réimse timpeallachtaí, cuir i gcás in aonad dianchúraim nó cúram fadtéarma sa phobal agus beidh tú ag plé le réimse leathan othar, idir leanaí réamhaibí agus daoine scothaosta.

Bíonn cógaiseoirí in ospidéil i mbun cleachtais i réimsí éagsúla, mar shampla cumasc aiseipteach, agus bainistíocht agus maoirseacht ar ullmhúchán cógas steiriúil ar nós ceimiteiripe.

Beidh tú ag obair le réimse éagsúil gairmithe cúraim sláinte—dochtúirí, altraí agus teicneoirí cógaisíochta ina measc—lena chinntiú go mbíonn cógais á n-úsáid ar bhealaí atá sábháilte, éifeachtach agus éifeachtúil ó thaobh costais de.

Cuid mhaith den am i róil in FSS mar chógaiseoir, tugann daoine ar dtús faoi shealanna i réimse speisialtachtaí i dtimpeallachtaí ospidéil le go mbeidh réimse leathan taithí ag na cógaiseoirí. Tagann cuid mhór deiseanna úra chun cinn do chógaiseoirí fosta, faisnéisíocht chógaisíochta mar shampla.

Elderly and young pharmacists

Dul chun cinn gairme

Tá a lán bealaí ann le dul chun cinn a dhéanamh i do ghairm mar Chógaiseoir:

 Conair Forchéimnithe Gairme:

  • Cógaiseoir
  • Cógaiseoir Sinsearach
  • Speisialtóir Ardchleachtóra Cógaisíochta

Tá deiseanna dul chun cinn ann ar Chonairí Bainistíochta, mar a rinne Ceannasaí ar an Rannóg Cógaisíochta in ospidéal atá ag obair anois mar Chógaiseoir Feidhmiúcháin Bainistíochta.

HSE pharmacist

Oiliúint agus forbairt bhreise

De ghnáth, tabharfaidh cógaiseoirí i dtimpeallachtaí FSS faoi cháilíochtaí iarchéime sa chógaisíocht ospidéil, sa chógaisíocht chliniciúil nó sa bhainistíocht, go háirithe más mian leo dul ar aghaidh le bheith ina Speisialtóir Ardchleachtóra Cógaisíochta nó Cógaiseoir Feidhmiúcháin Bainistíochta.

HSELAND an t-ainm atá ar thairseach FSS ar a bhfuil fáil ar mheascán de dheiseanna oiliúna agus forbartha, a chuirtear ar fáil ar líne nó i socrú ranga. Is féidir eolas a fháil ar dheiseanna oideachais agus forbartha ar Thairseach Oifig na nGairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialta ar www.hseland.ie.

Samplaí eile de ghníomhaíochtaí forbartha gairmiúla ná deiseanna chun seirbhísí iontacha leabharlainne FSS a úsáid, deiseanna breise oiliúna agus oideachais, deiseanna freastal ar chomhdhálacha, seimineáir ghréasáin agus ceardlanna, próiseas meantóireachta agus maoirseachta, an t-eolas is úire faoin ngairm i nuachtlitreacha speisialaithe, blaganna agus podchraoltaí. Bíonn deiseanna ann fosta ag Cógaiseoirí in FSS le bheith gníomhach sa saol acadúil agus taighde, bíodh sé sin aoi-léachtaí a thabhairt nó páirt a ghlacadh i staidéir san ospidéal.

pharmacist with customer

Sochair foirne agus teistiméireachtaí

Ar cheann de na buntáistí a bheidh agat agus tú ag obair mar fhostaí in FSS ná go mbeidh tú ag saothrú i ngairm atá fiúntach agus dúshlánach. Cuirimid pá tarraingteach agus sochair tharraingteacha ar fáil, chomh maith le maoirseacht ghairmiúil, tacaíocht ghairme agus deiseanna forbartha, an méid sin ar fad taobh le comhghleacaithe cairdiúla agus caighdeán saoil den scoth.

Féach Scálaí pá – Foireann FSS

Teistiméireachtaí ó bhaill foirne le teacht gan mhoill.

Cláraigh le haghaidh fógraí seachtainiúla poist le Mol Gairmeacha FSS lena chinntiú go mbíonn tú ar an eolas faoi na folúntais go léir.

Female pharmacist with customer