Cén tslí le bheith i m’Altra Fiaclóireachta?

Dental nursing is a profession within oral health services. A dental nurse supports other dental professionals in delivering high quality, patient-centred oral healthcare. Dental Departments are Gairm sna seirbhísí sláinte béil atá san altranas fiaclóireachta. Tugann altra fiaclóireachta tacaíocht do ghairmithe fiaclóireachta eile cúram sláinte béil ardchaighdeáin dírithe ar an othar a chur ar fáil. Tá rannóga fiaclóireachta freagrach as measúnuithe ar shláinte béil, cur chun cinn na sláinte béil, seirbhísí cóireála fiaclóireachta agus ortódóntaic.

Bealach iontrála chun bheith i d’altra fiaclóireachta:

  • Cáilíocht cheadaithe san Altranas Fiaclóireachta ar Leibhéal 6 ar a laghad ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochta, á chothabháil ag Dearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann.

Gheobhaidh tú liosta de na cáilíochtaí ceadaithe san Altranas Fiaclóireachta ar shuíomh gréasáin na comhairle cuí, an Chomhairle Fiaclóireachta. Más rud é gur bhain tú do cháilíocht amach i dtír eile seachas in Éirinn, tá eolas ar an suíomh gréasáin maidir le clárúchán agus measúnú ar cháilíochtaí.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar an Tairseach Gairmeacha.

Coinníonn an Chomhairle Fiaclóireachta clár altraí fiaclóireachta. Próiseas roghnach atá sa chlárúchán.

Woman Dentist Nurse with Patient and Dentist

Do ról le FSS

Agus tú ag obair i d’Altra Fiaclóireachta in FSS, beidh tú ag tacú le foireann ar a mbeidh meascán de dhéidlianna, ortódóntóirí, sláinteolaithe fiacla, altraí fiaclóireachta agus oibrithe cléireachais, sibh ar fad ag obair i réimse iomlán cóireálacha fiaclóireachta.

Sa ról seo, tugtar tacaíocht chun an méid seo a sholáthar:

  • Cúram sábháilte éifeachtúil d’othair
  • Cosc agus rialú ionfhabhtuithe
  • Cuidiú a thabhairt don fhiaclóir le linn gnáthamh
  • Tascanna cléireachais agus riaracháin sa chlinic fiaclóireachta
  • Radagrafaíocht fiaclóireachta (má bhíonn an duine cáilithe)
  • Cuidiú a thabhairt in obrádlanna ainéistéisigh ghinearálta más gá
  • Oideachas othar agus eolas a thabhairt dóibh

Cuid ríthábhachtach den fhoireann fiaclóireachta iad na haltraí fiaclóireachta. Tá réimse scileanna riachtanacha acu agus mar sin tá siad in ann tacaíocht agus cúnamh éifeachtach a thabhairt i ngach céim den chúram fiaclóireachta.

Dental Nurse helping while Little Boy is inspected by dentist

Dul chun cinn gairme

Tá deiseanna móra do dhaoine in FSS don dul chun cinn gairme agus don fhorbairt ghairmiúil leanúnach. Spreagtar daoine lena leithéid a dhéanamh agus tugtar tacaíocht dóibh.

Conair Chliniciúil:

  • Altra Fiaclóireachta
  • Altra Fiaclóireachta cáilithe sa Radagrafaíocht
  • Altra Fiaclóireachta, Sinsearach

Chun bheith ag obair mar Altra Fiaclóireachta cáilithe sa Radagrafaíocht, teastaíonn Teastas sa Radagrafaíocht Fiaclóireachta agus ní mór don duine clárú mar Altra Fiaclóireachta leis an gComhairle Fiaclóireachta nó a bheith i dteideal clárú leo. Ní mór a bheith cláraithe leis an gComhairle Fiaclóireachta agus an clárúchán sin a athnuachan gach bliain.

Dental nurse taking a dental X-ray

Oiliúint agus forbairt bhreise

Chun tuilleadh eolais a fháil faoin bhfoghlaim agus forbairt, féach suíomh gréasáin Chumann Altraí Fiaclóireachta na hÉireann .  Chun tuilleadh eolais a fháil faoin bhfoghlaim agus forbairt, féach suíomh gréasáin Chumann Altraí Fiaclóireachta na hÉireann .

HSeLanD an t-ainm atá ar an tairseach náisiúnta foghlama agus forbartha ar líne atá ag an tSeirbhís Sláinte in Éirinn.  Tá réimse leathan deiseanna oiliúna ann d’oibrithe FSS le scileanna agus eolas nua a fhorbairt.  Is ar líne nó sa seomra ranga a chuirtear na cúrsaí seo i láthair. Gheobhaidh tú eolas ar chúrsaí agus acmhainní ar a láithreán gréasáin www.hseland.ie.

Samplaí eile de ghníomhaíochtaí forbartha gairmiúla ná deiseanna chun seirbhísí iontacha leabharlainne FSS a úsáid, deiseanna breise oiliúna agus oideachais, deiseanna freastal ar chomhdhálacha, ar sheimineáir ghréasáin agus ar cheardlanna, próiseas meantóireachta agus maoirseachta, agus an t-eolas is úire sa chúram sláinte i nuachtlitreacha speisialaithe, i mblaganna agus i bpodchraoltaí.

Smiling,Doctor,Writing,Message,On,Smartphone,In,The,Hospital

Sochair foirne agus teistiméireachtaí

Ar cheann de na buntáistí a bheidh agat agus tú ag obair mar fhostaí in FSS ná go mbeidh tú ag saothrú i ngairm atá fiúntach agus dúshlánach. Cuirimid pá tarraingteach agus sochair tharraingteacha ar fáil, chomh maith le maoirseacht ghairmiúil, tacaíocht ghairme agus deiseanna forbartha, an méid sin ar fad taobh le comhghleacaithe cairdiúla agus caighdeán saoil den scoth.

Féach Scálaí pá – Foireann FSS

Teistiméireachtaí ó bhaill foirne le teacht gan mhoill.

Cláraigh le haghaidh fógraí seachtainiúla poist le Mol Gairmeacha FSS lena chinntiú go mbíonn tú ar an eolas faoi na folúntais go léir.