Gairm sa Bhainistíocht agus Riarachán

Comhlíonann gairmithe bainistíochta agus riaracháin ról riachtanach le go n-oibreoidh seirbhísí in FSS go breá éifeachtach. Cuireann siad le réimse leathan feidhmeanna riachtanacha, iad go minic i gceannas orthu. Baineann na róil seo le han-éagsúlacht réimsí, bíodh sé sin comhordú coinní othar, bainistiú ar dheasca gnóthacha fáilte, tacaíocht i bpróisis earcaíocht, cúrsaí airgeadais, acmhainní daonna, córais teicneolaíochta faisnéise agus neart réimsí eile.

Ar an gconair seo, tugtar deiseanna d’fhostaithe taithí na n-othar a fheabhsú, soláthar seirbhísí a chuíchóiriú, pleanáil straitéiseach a mhúnlú agus an nuáil a chur chun cinn trasna FSS. Conair shásúil atá ann a bhíonn de shíor ag athrú agus neart deiseanna ann ó thaobh fáis agus speisialtóireachta de.

Tá bealaí éagsúla ann le dul isteach sa ghairm:

  • Pas gnáthleibhéil san Ardteistiméireacht;
  • Cáilíocht ábhartha chuí ar leibhéal 6 ar a laghad den Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí atá á choinneáil ag Dearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann;
  • Taithí shásúil mar Oifigeach Cléireachais in FSS, TUSLA, gníomhaireachtaí reachtúla sláinte eile nó i gcomhlacht a chuireann seirbhísí ar fáil thar ceann FSS faoi alt 38 den Acht Sláinte, 2004.
Young Admin person Working At Office Desk on a computer

Do ról le FSS

Tá a lán deiseanna gairmiúla ar fáil in FSS sa bhainistíocht agus sa riarachán. Tosaíonn daoine mar Oifigeach Cléireachais (Grád III) ar an gconair seo de ghnáth, an ról ar leibhéal iontrála. Cuireann Oifigigh Chléireachais tacaíocht riachtanach riaracháin ar fáil i gcúraimí ar nós iontráil sonraí, coinneáil taifead, seirbhís do chustaiméirí agus bíonn siad ag cuidiú leis na daoine eile ar an bhfoireann agus le bainisteoirí.

Is féidir dul chun cinn a dhéanamh ansin sa ghairm ó Ghrád IV go Grád VII agus tabhairt faoi mheascán de dhualgais riaracháin agus bhainistíochta taobh le níos mó freagrachtaí ceannaireachta de réir a chéile. Tá róil shinsearacha ann fosta, cuir i gcás Grád VIII agus Bainisteoir Ginearálta, ina ndéantar maoirseacht ar straitéis agus ar sholáthar seirbhísí. Ar an leibhéal is airde sa ghairm, tugann na Stiúrthóirí Réigiúnacha agus Náisiúnta ceannaireacht feidhmiúcháin, bíonn ról acu san fhorbairt ar bheartas agus cuireann siad tosaíochtaí cúraim sláinte chun cinn ar fud na tíre.

Tá na róil seo ar fáil i réimse leathan de rannóga agus seirbhísí, mar sin bíonn meascán deiseanna éagsúla ann le fás agus forbairt sa ghairm.

Manager or Team Leader having a meeting

Dul chun cinn gairme

De réir mar a chuireann tú le do thaithí, is mó an deis a bheidh agat róil níos sinsearaí a fháil amach anseo. Is iomaí slí atá ann le dul chun cinn a dhéanamh i do ghairm i gcatagóir na Bainistíochta agus an Riaracháin.

Leibhéal iontrála:

• Grád III – Oifigeach Cléireachais

Ról Bainistíochta/Riaracháin:

• Grád IV, Grád V, Grád VI, Grád VII

Ardbhainistíocht:

• Grád VIII
• Bainisteoir Ginearálta

Stiúrthóir:

• Stiúrthóir Náisiúnta Cúnta
• Stiúrthóir Réigiúnach agus Náisiúnta
• POF

Hands together showing collaboration between different disciplines

Oiliúint agus forbairt bhreise

Is iomaí dóigh atá ann le do chuid scileanna a fhorbairt agus tú ag obair i ról bainistíochta nó riaracháin. Gheobhaidh tú sonraí ar na cúrsaí atá ar fáil ar HSELand, tairseach FSS ar a bhfuil réimse deiseanna oiliúna agus forbartha a chuirtear ar fáil ar líne nó i dtimpeallacht ranga.

Is iad an Fhoireann Ceannaireachta, Foghlama agus Bainistíochta Foghlama (LLTM) a chuireann cláir oiliúna ar fáil chun tacú le baill foirne FSS. Is cláir ar líne iad seo a chuireann éascaitheoirí ón bhfoireann LLTM i láthair beo.

Faoin bpróiseas acmhainní daonna Comhlíonadh Feidhmíochta, tugtar cuidiú do bhaill foirne dul chun cinn a dhéanamh ina ról agus tugtar an deis dóibh cruinniú a bheith acu lena mbainisteoir le riachtanais foghlama agus forbartha a phlé.

Tá tuilleadh eolais ar Oiliúint agus Forbairt do bhaill foirne FSS .

Clerical officer on computer

Sochair foirne agus teistiméireachtaí

Ar cheann de na buntáistí a bheidh agat agus tú ag obair mar fhostaí in FSS ná go mbeidh tú ag saothrú i ngairm atá fiúntach agus dúshlánach. Tairgímid pá agus sochair mhealltacha, maoirseacht ghairmiúil, tacaíocht ghairme agus deiseanna forbartha, comhghleacaithe cairdiúla, agus caighdeán saoil den scoth.

Féach Scálaí pá – Foireann FSS

Is féidir cliceáil ar an nasc thíos le tuilleadh eolais a fháil ar dhul chun cinn Elaine ina gairm sa Bhainistíocht agus Riarachán:

Elaine Birkett, Ardchleachtóir Forbartha Eagraíochta

Cláraigh le haghaidh fógraí seachtainiúla poist le Mol Gairmeacha FSS lena chinntiú go mbíonn tú ar an eolas faoi na folúntais go léir.

Team of clerical officers with supervisor and managers