Céard a tharlaíonn tar éis duit d’iarratas a chur isteach, mar sin, agus cén chaoi a roghnaímid na daoine a dtabharfar cuireadh chun agallaimh dóibh? Bíonn meas againn ar gach uile iarratas agus déanaimid athbhreithniú cúramach ar gach ceann acu. Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoin bpróiseas scagtha agus gearrliostaithe anseo.
Má tá cuireadh chun agallaimh faighte agat, comhghairdeas leat! Le cabhrú leat déanamh faoi réir, tá físeán cabhrach curtha le chéile againn ina mínítear ar cheart duit a bheith ag súil leis san agallamh le FSS.
Beagáinín neirbhíseach, nó tamall ó rinne tú agallamh? Ná bíodh imní ort, tá físeán againn chun cabhrú leat cleachtadh a dhéanamh le dul faoi agallamh agus cur le do mhuinín roimh ré.