Tairiscint phoist a fháil

Comhghairdeas leat! Tá an próiseas curtha i gcrích go rathúil agat.

Anois go bhfuil tairiscint phoist agat, tá sé tábhachtach na sonraí a thuiscint. Is féidir leat breathnú ar fhaisnéis a chabhróidh leat tuiscint a fháil ar thairiscint fostaíochta, lena n-áirítear treoirlínte maidir le Téarmaí agus Coinníollacha Fostaíochta agus an chaoi a n-oibríonn tuarastail in FSS.

Tá cúpla céim thábhachtach le cur i gcrích fós sula mbeidh tú in ann tosú i do ról nua. Caithfidh gach fostaí nua dul tríd an bpróiseas grinnfhiosrúcháin. Má fuair tú cáilíochtaí thar lear, ní mór go ndéanfaí bailíochtú ar do cháilíochtaí. I gcás iarrthóirí thar lear, tá treoir bhreise ar fáil sa phacáiste athlonnaithe. Oibreoimid go dlúth leat freisin ar an bpróiseas inimirce agus le haon chead oibre a fháil a bheidh ag teastáil.