An chéad seachtain

Tús eolais ar d'ionad oibre nua

Is gnách go mbeadh beagán imní ort agus tú ag tosú i bpost nua, go háirithe i dtír nua.

Tuigimidne in FSS an méid sin, agus cuirfimid tacaíochtaí ar fáil le cabhrú leat a bheith ar do shuaimhneas agus muiníneach i rith na tréimhse socrú isteach seo.

Is iad do chuid comhghleacaithe is mó a chabhróidh leat socrú isteach i d’ionad oibre agus i do phobal nua.

Bualadh le chéile agus cur in aithne

Tabharfaidh do bhainisteoir earcaíochta cuntas duit ar a mbeidh i gceist leis an mbualadh le chéile agus cur in aithne ar do chéad lá.

D’fhéadfadh sé go mbeadh sé sin clúdaithe i dtreoir ionduchtaithe áitiúil, a gheobhaidh tú roimh do dháta tosaithe.

Inseofar duit cá háit le bualadh le daoine, cé leis a mbeidh tú ag bualadh, agus céard ar cheart duit a bheith ag súil leis ar an gcéad lá sin.

Man and woman shaking hands

Socrú isteach le comhghleacaithe

Cabhróidh do bhainisteoir leat socrú isteach i d’fhoireann, trí ghníomhaíochtaí ar nós cur in aithne neamhfhoirmiúil ag am caife / lóin, cuirí chun dul isteach i ngrúpaí WhatsApp srl.

De réir mar a rachaidh tú trí do chlár ionduchtaithe, éireoidh tú eolach ar do thimpeallacht oibre agus cuirfidh tú aithne ar chomhghleacaithe.

two healthcare colleagues talking in the workplace

Tacaíochtaí cumarsáide agus cultúir san ionad oibre

Smaoinigh ar leas a bhaint as na tacaíochtaí cultúir agus cumarsáide mura bhfuil leas bainte agat astu cheana.

Tá sé mar aidhm ag an ábhar tacaíochta cultúir a bheith ina threoir úsáideach duit agus cabhrú leat tuiscint a fháil ar thraidisiúin agus nathanna cainte nach mbeidh ar eolas agat mar dhuine nua in Éirinn.

Beidh na treoracha cumarsáide úsáideach duit laistigh agus lasmuigh den ionad oibre araon. Cabhróidh siad leat agus tú ag déanamh cumarsáid le hothair agus le comhghleacaithe.

Cuir eolas ar roinnt nathanna cainte coitianta a úsáidtear in Éirinn.

Carer speaking with an elderly female patient in a house