An áit cheart a aimsiú

 

Is dócha go mbeidh tú i do chónaí i gcóiríocht ar cíos anseo in Éirinn ar dtús. Tá éileamh mór ar thithe ar cíos, go háirithe i mBaile Átha Cliath, mar sin bí cinnte go dtosóidh tú ag lorg cóiríocht fhadtéarmach a luaithe a bheidh do dháta tosaithe ar eolas agat.

Is gnách go n-aimsítear liostaí áiteanna cónaithe ar cíos ar láithreáin ghréasáin réadmhaoine.

Beidh ort cóiríocht ghearrthéarmach a shocrú ar dtús i gcás nach socróidh an ghníomhaireacht earcaíochta í sin duit.Molaimid duit tosú ag déanamh taighde ar chóiríocht fhadtéarmach ag an bpointe sin freisin ionas go mbeidh cur amach agat ar na cineálacha cóiríochta atá ar fáil agus ar an ngnáthchíos.Agus tú ag lorg cóiríochta, lean na treoirlínte thíos, a bheidh ina gcuidiú agat fanacht glan ar aon ‘chamscéimeanna’ cóiríochta.

Seo roinnt leideanna le cabhrú leat agus tú ag cuardach.

  1. Déan taighde ar an áit chónaithe atá fógartha: úsáid léarscáileanna ar líne lena dhearbhú gurb ann di nó téigh agus breathnaigh uirthi fiú.
  2. Ná bí ag cuardach ach ar láithreáin ghréasáin réadmhaoine a bhfuil dea-chlú orthu, amhail www.daft.ie, www.myhome.ie agus www.rent.ie
  3. Déan taighde ar na ceantair a bheadh oiriúnach duit. An bhfuil siad i gcomharsanacht shábháilte? An bhfuil naisc iompair mhaithe ann chuig d’ionad oibre?
  4. Déan taighde ar phraghsanna cíosa sa cheantar sin.
  5. Féach ar an áit chónaithe go pearsanta sula n-íocann tú aon éarlais nó cíos. Más féidir, tabhair leat duine éigin le féachaint ar an áit chónaithe in éineacht leat.
  6. Bain triail as na heochracha sna glais go léir.
  7. Iarr léas scríofa nó leabhar cíosa ar an tiarna talún sula n-íocann tú aon airgead.
  8. Ná híoc ach le cárta nó trí ríomhaistriú bainc. Seans go mbeifeá in ann d’airgead a fháil ar ais dá rachadh rud éigin amú.
  9. Faigh admháil cheart i scríbhinn as aon íocaíocht a dhéanann tú.
  10. Coinnigh na sonraí teagmhála go léir don tiarna talún, don ghníomhaire nó don fhógróir.
  11. Coinnigh cóipeanna d’aon teachtaireachtaí ríomhphoist/gutháin idir tú féin agus an tiarna talún/gníomhaire.
  12. Ceanglaítear ar thiarnaí talún a dtionóntachtaí a chlárú go bliantúil leis an mBord um Thionóntachtaí Cónaithe (an RTB). Seiceáil Clár an RTB lena chinntiú go bhfuil an áit chónaithe ar cíos a bhfuil tú ag féachaint uirthi cláraithe.

Cosúil le haon tír eile, is gá a bheith ar do choimhéad ar chamscéimeanna cíosa, i.e. nuair a dhéanann duine éigin iarracht do chuid airgid a bhaint díot trí áit chónaithe nó seomra ar cíos a thairiscint duit go calaoiseach. Uaireanta níl sé de cheart ag an duine a fhógraíonn an áit chónaithe í a ligean ar cíos agus, i gcásanna áirithe, seans nach ann don áit chónaithe ar chor ar bith.

Is cinnte go mbeidh tú ag iarraidh cóiríocht fhadtéarmach a fháil sula dtagann tú go hÉirinn, ach ná gabh ort féin glacadh le háit chónaithe ar cíos ná airgead a thabhairt do dhuine ar bith ach amháin má tá tú go hiomlán cinnte gur fíorthairiscint é. Má tá tú ag teacht trí ghníomhaireacht fostaíochta, b’fhéidir go socróidh siad tithíocht ghearrthéarmach duit.