Ár nDaoine i Seirbhísí CAMHS

5 Nóiméad le Kate McMahon

 

Cén chaoi a dtosaíonn do lá?  Tagaim isteach beagán luath chun mo dheasc a shocrú agus mo chomhaid a ullmhú don lá. Is dóigh liom go gcabhraíonn sé seo liom dul i dtír ar an obair agus ansin nuair a thosaíonn mo chomhghleacaithe ag teacht isteach duine ar dhuine, bíonn am agam le haghaidh cruinnithe maidine sula rachaidh mé i mbun oibre ag scríobh tuairiscí, ag déanamh tascanna riaracháin nó i mbun oibre le cliaint. Inis dúin faoin bhfoireann a n-oibríonn tú leo.  Oibrím mar chuid d’fhoireann de 15 cliniceoirí eile ó dhisciplíní éagsúla (Obair Shóisialta; Urlabhra agus Teanga; Teiripe Shaothair; Altranas; Síceolaíocht; Dochtúirí; agus Síciatraithe). Is foireann í a oibríonn go maith le chéile ó thaobh tacaíocht a thabhairt dá chéile san obair. Eagraímid cruinnithe taobh amuigh den obair chomh maith ionas go gcabhraíonn siad leis an atmaisféar cairdiúil san oifig! Cad atá i gceist le do ghnáthlá oibre?  Is féidir le mo lá a bheith éagsúil ag brath ar a bhfuil beartaithe agam. Tá meascán iontach oibre in CAMHS. Mar shampla measúnuithe a dhéanamh; idirghabháil theiripeach; córais oibre m.sh. nascadh le/cruinnithe le seirbhísí eile a bhaineann leis an duine óg; obair ildisciplíneach amhail comhairliúchán le disciplíní eile nó cruinnithe leis an bhfoireann iomlán; agus comhairliúchán agus foirmiú síceolaíochta a sholáthar go foirmiúil trí chruinnithe agus cur i láthair cásanna agus go neamhfhoirmiúil trí mhioncheistiú. Céard a spreagann thú i do chuid oibre?  Is breá liom a bheith ag obair ar bhonn teiripeach le daoine óga agus le teaghlaigh. Trí tacaíocht a thabhairt do dhaoine óga agus a dteaghlaigh trí amanna deacra nuair a bhíonn an oiread sin tascanna forbartha agus clocha míle le dul i ngleic leo, tugtar fuinneamh dom san obair. Cuidíonn sé freisin nuair a oibríonn tú le foireann atá in ann laethanta crua a dhéanamh níos soláimhsithe agus gach gnóthachan a cheiliúradh le chéile. Céard é an rud is mó a thaitníonn leat faoi do ról?  Sílim gur dócha go mbainim-taitneamh as an acmhainneacht a fheiceáil i ndaoine óga agus sna teaghlaigh lena n-oibrímid. Cuidíonn sé freisin go bhfuil go leor cineálacha éagsúla oibre le bheith páirteach ann chun mo lá a éagsúlú. Ina theannta sin, bainim an-taitneamh as an lionsa forbraíochta a thugann obair leis an aoisghrúpa seo. Cén chomhairle a thabharfá do dhuine atá ag smaoineamh ar ghairm bheatha in CAMHS?  Bíonn sé deacair uaireanta mar gheall ar an leibhéal pian mhothúchánach a bhfuilim ag plé leis ar bhonn laethúil. Is dóigh liom go bhfuil sé tábhachtach smacht a bheith agat ar an bhféinchúram ar bhealaí praiticiúla fónta, ar nós fios a bheith agat an chaoi leis an obair a fhágáil ag an obair agus a aithint nuair atá mo dhóthain déanta agam d’aon lá amháin. Maidir liom féin tar éis lá crua, bíonn sé an-chabhrach faisnéis a roinnt le mo chomhghleacaithe; aclaíocht a dhéanamh agus rudaí a chur as do cheann; nó nascadh le do chuid agus do chairde. Tús maith is ea fios a bheith agat faoi na rudaí a oibríonn duitse. In ainneoin na laethanta deacra, tá an-sásamh ag baint leis an obair!