Ár nDaoine i Seirbhísí CAMHS

5 Nóiméad le 

 

Cén chaoi a dtosaíonn do lá?  Déanaim mo chuid teachtaireachtaí agus ríomhphost a sheiceáil le tús a chur le mo lá. Bíonn mo choinní sceidealta seachtain nó dhó roimh ré den chuid is mó, rud a chiallaíonn go mbíonn tuiscint mhaith agam ar an méid a bhíonn romham. Déanaim iarracht roinnt ama a chur ar leataobh le haghaidh ullmhúcháin do sheisiúin le húsáideoirí seirbhíse agus is éard a bheidh i gceist leis seo ná athbhreithniú a dhéanamh ar cháschomhaid chun dul i dtaithí ar an gcéim teiripe ag a bhfuil mé, agus na hábhair scríofa a úsáidfidh mé sa seisiún a ullmhú. Labhróidh mé go minic le baill foirne eile a bhfuil baint acu le cúram na ndaoine óga ar m’ualach cásanna lena chinntiú go bhfuilimid ar an bport céanna. Teastaíonn caife. Inis dúinn faoin  bhfoireann a n-oibríonn tú leo.  Oibrím thar dhá fhoireann earnála in CAMHS Dhún na nGall. Tá an dá fhoireann de chliniceoirí agus baill foirne cléireachais comhdhéanta de Dhochtúirí, Altraí, Oibrithe Sóisialta, Síceolaithe Cliniciúla, Diaitéiteach, Oibrithe Cúraim Shóisialta, Teiripeoirí Urlabhra agus Teanga, Teiripeoirí Saothair, agus foireann chléireachais agus tá siad ar fad ardoilte, tá taithí acu agus iad ar fad díograiseach. Tá meascán de chúlraí agus de réimsí sainspéise againn. Tá folúntais ar ár bhfoireann agus tá athruithe ollmhóra feicthe ag an bhfoireann thar na blianta le méadú ar líon agus ar chastacht na dteacht i láthair chuig ár seirbhís CAMHS. Sílim go n-oibrímid go han-mhaith faoi bhrú mar fhoireann agus go bhfuil muid in ann comhráite dúshlánacha a bheith againn chun an cúram is fearr is féidir a phleanáil do na daoine óga a fheicimid. Cad atá i gceist le do ghnáthlá oibre?  Tá cúlra altranais agam agus is é an ról atá agam ar an bhfoireann ná idirghabhálacha síceolaíochta a sholáthar do dhaoine óga a bhfuil Neamhoird Itheacháin acu go príomha, ach oibriú freisin le deacrachtaí eile amhail fadhbanna imní agus giúmair. Is iondúil go gcaitear an lá ag féachaint ar dhaoine óga faoinár gcúram, ag eagrú a gcúraim agus ag déanamh cumarsáide leo siúd atá páirteach ann. Leis an riarachán, cruinnithe foirne agus nascadh le teaghlaigh, scoileanna agus gníomhaireachtaí tacaíochta seachtracha eile, ciallaíonn sé go n-imíonn an lá go sciobtha. Uair nó dhó sa tseachtain, bíonn gach ball foirne “ar ghlao-dhualgas”. Is éard a bhíonn i gceist leis seo ná glacadh le glaonna freagairt do ghlaonna a thagann chuig an CAMHS – bíonn idir ghlaonna géarchéime agus iarratais shimplí ar fhaisnéis i gceist go minic. Déanfaimid scagadh freisin ar atreoruithe nua chuig an tseirbhís sula bpléifear iad ag an gcruinniú foirne seachtainiúil. Céard a spreagann thú i do chuid oibre?  Is é mo thuairim ná nár tháinig siad siúd atá ag obair in CAMHS ann trí thimpiste. I mo thaithí féin, tá na daoine a bhfuilim ag obair leo paiseanta agus tiomanta dá bpoist agus ag freastal ar a bpobal. Déanann siad a ndícheall i gcónaí ar son na ndaoine óga. Spreagadh domsa é an méid seo, in éineacht leis an dul chun cinn is féidir a fheiceáil, leis an tacaíocht cheart, inár ndaoine óga, in obair atá dúshlánach agus sásúil. Céard é an rud is mó a thaitníonn leat faoi do ról?  Ó chuaigh mé ag obair le foireann CAMHS in 2022, bhí cuar foghlama géar i gceist tar éis dom 22 bliain a chaitheamh i Seirbhísí Meabhairshláinte d’Aosaigh. Bhain mé taitneamh as a bheith ag foghlaim faoi na héagsúlachtaí sa chur chuige maidir le bheith ag obair le leanaí agus ógánaigh i gcomparáid le daoine fásta, agus roinnt muiníne a fhorbairt. Is iontach an t-am i gcónaí é duine óg a scaoileadh amach as CAMHS, agus é lán de ghealladh. Cén chomhairle a thabharfá do dhuine atá ag smaoineamh ar ghairm bheatha in CAMHS?  Bí réidh le haghaidh obair chrua a bhíonn uaireanta dúshlánach ó thaobh na mothúchán de ach a bhfuil an-sásamh go deo le baint as. Glac leis an mothú nach bhfuil a fhios agat ag an tús – foghlaimíonn gach duine sa phost. Faigh bealaí chun an obair a fhágáil i do dhiaidh sa tráthnóna agus ag an deireadh seachtaine mar beidh sé de phribhléid agat a bheith páirteach i gcásanna deacra agus corraitheacha uaireanta: cibé an bhfuil leanaí agat féin, nó mura bhfuil, tabhair aire duit féin.