Cúntóir Sláinte agus Cúraim Shóisialta (Cúntóir Teiripe)

Cáilíochtaí Gairmiúla, Taithí, etc.

(A) Iarratasóirí incháilithe a bheidh iontu siúd a bhfuil an méid seo a leanas acu ar an dáta deiridh don chomórtas:

(i) Cáilíocht ábhartha* scileanna sláinte Leibhéal 5 QQI (tugadh FETAC air seo roimhe seo) tar éis na miondámhachtainí gaolmhara Leibhéal 5 a bhaint amach i dTeoiric Cúntóra Fisiteiripe agus i gCleachtas Cúntóra Fisiteiripe nó i dTeoiric Cúntóra Teiripe Saothair agus i gCleachtas Cúntóra Teiripe Saothair nó i dTeoiric Cúntóra Urlabhra agus Teanga agus i gCleachtas Cúntóra Urlabhra agus Teanga ar Leibhéal 5 ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí (an CNC)  

(ii) Cáilíocht ábhartha chúraim sláinte a bheith acu ar Leibhéal 5 QQI, ar a laghad, ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí (an CNC) agus a ghealladh go dtabharfar clár faofa chun críche go rathúil dá mbronnfar miondámhachtainí Leibhéal 5 QQI i dTeoiric Cúntóra Fisiteiripe agus i dTeoiric Cúntóra Fisiteiripe nó Cúntóra Teiripe Saothair agus i gCleachtas Cúntóra Teiripe Saothair nó i dTeoiric Cúntóra Urlabhra agus Teanga agus i gCleachtas Cúntóra Urlabhra agus Teanga laistigh de 1 bhliain tar éis glacadh leis an dualgas.  

(iii) A bheith fostaithe faoi láthair mar Chuntóir Fisiteiripe, Cúntóir Cúraim Sláinte, Cúntóir Cúraim, Freastalaí, Freastalaí Iltaisc nó i ról inchomparáide ar feadh ar a laghad 1 bhliain agus a ghealladh go mbainfear amach cáilíocht chuí chúraim sláinte mórdhámhachtana ar Leibhéal 5 QQI, ar a laghad, ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí (an CNC), tar éis na miondámhachtainí gaolmhara ar Leibhéal 5 a bhaint amach i dTeoiric Cúntóra Fisiteiripe agus i gCleachtas Cúntóra Fisiteiripe nó i dTeoiric Cúntóra Teiripe Saothair agus i gCleachtas Cúntóra Teiripe Saothair nó i dTeoiric Cúntóra Urlabhra agus Teanga agus i gCleachtas Cúntóra Urlabhra agus Teanga laistigh de 1 bhliain tar éis glacadh leis an bpost.

 

(iv) Na miondámhachtainí ábhartha Leibhéal 5 QQI i dTeoiric Cúntóra Fisiteiripe agus i gCleachtas Cúntóra Fisiteiripe nó i dTeoiric Cúntóra Teiripe Saothair agus i gCleachtas Cúntóra Teiripe Saothair nó i dTeoiric Cúntóra Urlabhra agus Teanga agus i gCleachtas Cúntóra Urlabhra a bheith curtha i gcrích agus a ghealladh go mbainfear amach mórdhámhachtain Leibhéal 5 QQI go rathúil laistigh de 1 bhliain tar éis glacadh leis an bpost

(v) Cáilíocht chomhionann ó dhlínse eile

(B) Caithfidh an t-eolas agus an cumas riachtanach cliniciúil, ceannaireachta, bainistíochta agus riaracháin a bheith ag iarrthóirí chun tabhairt faoi dhualgais na hoifige i gceart.

Sláinte

Caithfidh iarrthóir don oifig agus aon duine i seilbh na hoifige a bheith go hiomlán inniúil agus in ann tabhairt faoi na dualgais a bhaineann leis an oifig agus an tsláinte sin a bheith acu a thabharfadh le fios go réasúnta go mbeidís in ann seirbhís rialta agus éifeachtúil a chur ar fáil.

Carachtar

Caithfidh dea-charachtar a bheith ag gach iarrthóir ar an oifig agus ag aon duine i seilbh na hoifige. _____________________________________________________________________________________________________________ Tabhair do d’aire:

Maidir le Critéar (i), meastar gur scileanna ábhartha sláinte atá sa liosta thíos de cháilíochtaí Leibhéal 5 QQI (FETAC roimhe seo)

  • Tacaíocht Cúraim Sláinte, Leibhéal 5 QQI
  • Staidéar Altranais, Leibhéal 5 QQI
  • Cúram Pobail, Leibhéal 5 QQI
  • Scileanna Seirbhíse Sláinte, Leibhéal 5 QQI
  • Seirbhísí Sláinte Pobail, Leibhéal 5 QQI

*(I gcás mhórdhámhachtain QQI/FETAC 5, teastaíonn 120 creidmheas/8 modúl ar a laghad – tabhair do d’aire nach leor Teastas Comhpháirte.)

Maidir le Critéar (ii), meastar gur cáilíocht í cáilíocht ábhartha Cúraim Sláinte ar Leibhéal 5 QQI, ar a laghad ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí (an CNC) le modúil / socrúcháin ar chúram feidhmeach othar, de ghnáth, ach gan bheith teoranta do cháilíochtaí iontu seo a leanas:  Obair Chúraim Shóisialta, Altranas, Gairmeacha Teiripe etc.