Fáilte chuig FSS Bhaile Átha Cliath agus Lár na Tíre

Tá idir bhailte beoga agus sráidbhailte ciúine tuaithe i réigiún Lár na Tíre agus is iontach an áit é le cónaí ann. Tá tithíocht ar luach níos fearr, scoileanna sármhaithe, agus radharc tíre dochreidte inár spásanna oscailte fairsinge ann agus tá an rogha á déanamh ag líon méadaitheach daoine cónaí i gcroílár na hÉireann dá mbarr.

Ar cheann de na rudaí is mó a mheallann daoine a roghnaíonn bogadh isteach sa cheantar ná caighdeán na beatha agus tá Lár na Tíre ar cheann de na réigiúin is tapúla fáis in Éirinn dá bharr. Is féidir leat taitneamh a bhaint as stíl mhaireachtála ghníomhach iontach trí leas a bhaint as an iomaí bealach siúil agus rothaíochta atá anseo, agus ní bheidh ach fad taistil beagán de bhreis ar uair an chloig romhat ó lár Chathair Bhaile Átha Cliath go dtí an réigiún.

Taispeántar duit i réigiún Lár na Tíre go bhfuil níos mó i gceist le tírdhreach na hÉireann ná a himeallbhord cáiliúil. Bíonn an-tóir ar an gcroílár beoga lochanna suaimhneacha, sliabhraonta, foraoise dlúithe agus de thalamh shaibhir féaraigh atá ann le do scíth a ligean agus le do shuaimhneas a dhéanamh. Tá seanchaisleáin agus séadchomharthaí réamhstairiúla breactha timpeall réigiún Lár na Tíre agus bíonn rud éigin le feiceáil agus le déanamh anseo i gcónaí dá mbarr.

Lake

Cé muid féin

Cuireann Réigiún Sláinte FSS Bhaile Átha Cliath agus Lár na Tíre sláinte agus cúram sóisialta ar fáil i Laois, an Longfort, Uíbh Fhailí, Baile Átha Cliath Thiar Theas, Baile Átha Cliath Thiar, Cathair Bhaile Átha Cliath Theas, Cill Dara, Cill Mhantáin Thiar agus san Iarmhí trí sheirbhísí pobail, trí shuíomhanna géarmhíochaine agus trí sheirbhísí na hearnála deonaí.

Is iad Seirbhísí Cúraim Sláinte Pobail an réimse fairsing seirbhísí atá ar fáil i suíomh ospidéil neamh-ghéarmhíochaine, a sholáthraítear a ghaire agus is féidir d’áiteanna cónaithe daoine ag an am ceart, san áit cheart, ag an bhfoireann cheart.

Tá Ionaid Chúraim Phríomhúil sa Réigiún agus oibríonn sainfhoirne i Meabhairshláinte, Sláinte agus Folláine, Cúram Sóisialta agus Seirbhísí Míchumais.  Cuirtear seirbhísí ar fáil i suíomhanna éagsúla, áit féin an úsáideora seirbhíse, ospidéil lae, aonaid altranais pobail, brúnna, ionaid sainchúraim lae, ionaid oiliúna, cúram faoisimh, agus seirbhísí cónaithe ina measc.

Tá roinnt ospidéal sa réigiún sláinte agus i measc na seirbhísí a sholáthraítear, tá cúram sceidealaithe othar cónaitheach, cúram neamhsceidealaithe/éigeandála, seirbhísí máithreachais, seirbhísí othar seachtrach agus diagnóiseacha. Chun teacht ar eolas breise ar na hospidéil, cliceáil anseo

Ag teacht aníos go luath – ár ngné ‘Spotsolas ar Réigiúin’.

University of Limerick staff members

Ealaíona agus cultúr

Bíonn go leor ar tairiscint ó thaobh taitneamh a bhaint as na healaíona agus as an gcultúr Éireannach a chuirtear i láthair i mBaile Átha Cliath agus i réigiún Lár na Tíre – idir léirithe gairmiúla, amaitéaracha agus pobail agus fhéilte tiomnaithe.

Tá ceann de na láithreacha ealaíon is fearr sa tír i mBaile Átha Cliath, dar ndóigh, áit a bhfuil rogha fhairsing de scoth na n-ionad.

Cuirtear roinnt de na himeachtaí is mó ar siúl i réigiún Lár na Tíre gach bliain – an Phicnic Leictreach, féile Glastonbury féin na hÉireann, Fleadh Cheoil na hÉireann, ceiliúradh ollmhór bliantúil ar cheol agus ar chultúr na hÉireann, agus an Comórtas Náisiúnta Treabhdóireachta, imeacht a mbíonn an-tóir air i gcónaí.

Mura bhfuil tú an-tógtha leis an airéine ollmhóra agus leis na bannaí móra idirnáisiúnta ag an bPicnic Leictreach, tá iliomad buanna áitiúla ceoil ar taispeáint in ionaid áitiúla níos lú.

Tá cultúr saibhir spóirt sa réigiún agus tá na Cluichí Gaelacha ina gcuid lárnach de gach pobal. Tá an-tóir ar rugbaí agus ar ghalf freisin agus tá cuid de na galfchúrsaí is fearr in Éirinn anseo, an K Club ina measc, áit ar cuireadh Corn Ryder ar siúl.

Tá cáil ar an réigiún seo i ngeall ar an oidhreacht eachaí atá ann agus tá trí ráschúrsa iomráiteacha agus go leor graífheirmeacha ann, Graí Náisiúnta na hÉireann agus na Gairdíní Seapánacha agus clóis na dtraenálaithe capall is fearr ina measc.

golf ball on a tee on a golf course

Nascacht

Tá áiteanna i lár Chathair Bhaile Átha Cliath sa réigiún agus is cinnte go mbeidh tú i lár an aonaigh anseo dá bharr.

Ach ní gá cónaí a bheith ort sa chathair go mbraithfidh tú go bhfuil tú ceangailte. Déanann bonneagar forleathan mótarbhealaigh agus gréasán seirbhísí iarnróid agus bus réigiún Lár na Tíre a nascadh gan stró agus go tapa le Baile Átha Cliath, Corcaigh, Gaillimh agus Luimneach, agus le ceantair mhóra uirbeacha eile.

Is féidir taisteal go hAerfoirt Bhaile Átha Cliath, Chorcaí agus na Sionainne laistigh d’achar idir uair agus trí huaire an chloig, ag brath ar an áit a bhfuil tú, agus déanann seo an bhunáit is fearr de Lár na Tíre chun taisteal go háiteanna sa chuid is mó den tír.

Shannonbridge Ireland