Fáilte chuig FSS an Iarthair Láir

Tá saibhreas seod nádúrtha ar leac an dorais i réigiún an Iarthair Láir. Cuirtear rud éigin an-speisialta ar fáil sa réigiún seo, idir suíomhanna UNESCO agus Aillte an Mhothair agus Geopháirc Bhoirne, agus imeallbhord fíorálainn an Atlantaigh.

Cuirtear deiseanna sármhaithe ar fáil i suíomh an Iarthair Láir i ngar do chósta an Atlantaigh chun tabhairt faoi eachtraíocht bhríomhar taobh amuigh. Tá Glasbhealach Luimnigh dochreidte 40 ciliméadar suite sa réigiún freisin.

Ach ní gá duit géilleadh ó bheocht an tsaoil uirbigh. Tá Cathair Luimnigh i gceartlár an réigiúin, agus tá bailte bríomhara na hInse, an Leachta agus an Aonaigh suite i ngar.

Cé muid féin

Cuireann FSS an Iarthair Láir sláinte agus cúram sóisialta ar fáil sa Chláir, i Luimneach agus i dTiobraid Árann Thuaidh trí sheirbhísí pobail, trí shuíomhanna géarmhíochaine agus trí sheirbhísí na hearnála deonaí.

Is iad Seirbhísí Cúraim Sláinte Pobail an réimse fairsing seirbhísí atá ar fáil i suíomh ospidéil neamh-ghéarmhíochaine, a sholáthraítear a ghaire agus is féidir d’áiteanna cónaithe daoine ag an am ceart, san áit cheart, ag an bhfoireann cheart.

Tá Ionaid Chúraim Phríomhúil sa Réigiún agus oibríonn sainfhoirne i Meabhairshláinte, Sláinte agus Folláine, Cúram Sóisialta agus Seirbhísí Míchumais. Cuirtear seirbhísí ar fáil i suíomhanna éagsúla, áit féin an úsáideora seirbhíse, ospidéil lae, aonaid altranais pobail, brúnna, ionaid sainchúraim lae, ionaid oiliúna, cúram faoisimh, agus seirbhísí cónaithe ina measc.

Tá sé ospidéal géarmhíochaine inár réigiún agus i measc na seirbhísí a sholáthraítear, tá cúram sceidealaithe othar cónaitheach, cúram neamhsceidealaithe/éigeandála, seirbhísí máithreachais, seirbhísí othar seachtrach agus diagnóiseacha agus ár seirbhísí cúraim sláinte ina gcuimsítear cúram príomhúil, cúram sóisialta agus seirbhísí meabhairshláinte. Le tuilleadh eolais a fháil ar na hospidéil, cliceáil anseo

Léiríonn ár gcomhoibriú le hOllscoil Luimnigh agus leis an Acadamh Eolaíochtaí Sláinte ag Ospidéal Ollscoile Luimnigh (UHL) ár dtiomantas do chúram othar a fheabhsú trí thaighde, trí oideachas, agus trí chleachtas pobalbhunaithe.

Ag teacht aníos go luath – ár ngné ‘Spotsolas ar Réigiúin’.

Ealaíona agus cultúr

Tá sráidbhailte agus bailte an Iarthair Láir beo bríomhar le gníomhaíochtaí an bhliain go léir. Is ionann an méid cultúir atá sa réigiún agus atá i gcathair ar bith agus bíonn na hamharclanna agus na músaeim ann beo beathach le taispeántais iontacha.

Siúil leat ar do sháimhín só trí bhaile ar bith agus is cinnte go gcloisfidh tú port á sheinm agus is beag amhras gurbh as an réigiún seo roinnt de na ceoltóirí is fearr in Éirinn. Ní bhítear riamh rófhada ó imeacht iontach anseo.

Cuid lárnach iad na Cluichí Gaelacha – an iománaíocht ach go háirithe – de gach pobal san Iarthar Láir. Is é rugbaí, agus laochra áitiúla na Mumhan, an spórt is mó eile a bhfuil an-tóir air i measc na ndaoine áitiúla.

Nascacht

Tá a aerfort féin idirnáisiúnta sa réigiún ag Sionainn ina gcuirtear eitiltí laethúla ar fáil go dtí na Stáit Aontaithe, an Ríocht Aontaithe agus go mórthír na hEorpa. Is féidir leat taisteal ar an mbóthar go hAerfort Bhaile Átha Cliath freisin laistigh de dhá uair an chloig.

Tá ceangail mhaithe traenach laistigh den réigiún agus leis an gcuid eile den tír. Mol mór iarnróid atá i gCathair Luimnigh agus cuirtear seirbhísí rialta ar fáil ann go dtí Baile Átha Cliath, Corcaigh, Gaillimh, Port Láirge agus go háiteanna níos faide i gcéin.

Tá Luimneach ar cheann de na lárionaid uirbeacha is inrochtana in Éirinn cheana féin agus téann mótarbhealaí ón gcathair go dtí Baile Átha Cliath agus Gaillimh.

Ceanglaíonn seirbhísí bus áitiúla na bailte agus na sráidbhailte sa réigiún.