Is cinnte go bhfuil go leor ar fáil i mBaile Átha Cliath agus Oirdheisceart na hÉireann, áit a bhfuil sliabhraonta sceirdiúla, fad 350km d’imeallbhord órga agus stair a ghabhann siar 5,000 bliain. Agus tá an méid seo uile suite i ngar do na bailte agus na cathracha beoga feadh an chósta thoir.
Ní bheidh easpa rudaí le déanamh riamh ort anseo in ‘Oirdheisceart na Gréine’. Cuirtear an deis ar fáil ar thránna Brataí Goirme cadhcáil, surfáil, snorcláil, clárchéaslóireacht, iascaireacht, snámh agus marcaíocht capall a dhéanamh nó díreach siúl ar do sháimhín só ar chladach álainn. Is féidir leat an t-am a chaitheamh freisin leis an ngréasán glasbhealaí, uiscebhealaí agus bealaí sléibhe a fhiosrú.
Tá stair shaibhir na hÉireann greanta ar gach áit sa réigiún, idir oidhreacht Lochlannach Bhaile Átha Cliath agus Phort Láirge agus daingean meánaoiseach Chill Chainnigh, agus mórgacht Charraig Phádraig ar thaobh cnoic i dTiobraid Árann.