Fáilte chuig FSS an Iardheiscirt

Tá cáil dhomhanda ar Chorcaigh agus ar Chiarraí san Iardheisceart i ngeall ar an radharc tíre as cuimse atá sna háiteanna siúd agus ar chairdiúlacht na fáilte a chuirfear romhat.

Tá na háiteanna siúd mar chuid de Shlí an Atlantaigh Fhiáin agus cuirtear deiseanna dochreidte ar fáil iontu le taitneamh a bhaint as scoth thuath na hÉireann. Is fiú seoda ceilte an bhealaigh seo a fhiosrú ó Chionn Mhálanna aduaidh an bealach go léir go Cionn tSáile san fhíordheisceart. Tá iliomad tránna fíoráille ann atá breactha feadh an stráice seo den imeallbhord atá dochreidte ar fad.

Anuas ar Chathair stairiúil Chorcaí agus ar bhailte beoga cosúil le Cionn tSáile, Trá Lí, Beanntraí, Neidín agus Cill Airne, tá sráidbhailte gleoite beaga, tránna, sléibhte agus imeallbhord álainn, láthair bhríomhar ealaíon agus chultúir ann, sa mhullach ar iliomad deiseanna le haghaidh gníomhaíochtaí taobh amuigh duit féin agus don teaghlach ar leac do dhorais.

Ceann de na nithe is díol spéise atá ar fheabhas ar fad é Láithreán Oidhreachta Domhanda UNESCO Sceilg Mhichíl, ar a bhfuil cur amach ag go leor díograiseoirí Star Wars, áit a ndearnadh dhá cheann de na scannáin mhór-eachtraíochta a scannánú.

Cé muid féin

Déanann FSS an Iardheiscirt na seirbhísí poiblí sláinte agus cúraim shóisialta go léir a bhainistiú agus a sholáthar i gCorcaigh agus i gCiarraí, a fhreastalaíonn ar bhreis agus 700,000 duine. Cuirimid bealaí comhtháite cúraim sláinte ar fáil atá dírithe ar othair.

Mar Réigiún Sláinte nua, tá cúram sláinte comhtháite á chomhdhearadh againn. Is mian linn gealltanais Sláintecare agus ár luachanna comhroinnte – Cúram, Atrua, Iontaoibh agus Foghlaim, a chomhlíonadh.

Tá 33 Ionad Cúraim Phríomhúil sa Réigiún agus oibríonn sainfhoirne i Meabhairshláinte, Sláinte agus Folláine, Cúram Sóisialta agus Seirbhísí Míchumais. Soláthraíonn ár lucht saothair dílis breis agus 20,000 duine cúram dár bpobal go cineálta. Is mian linn sáreispéireas a chruthú d’fhostaithe. Leis seo a dhéanamh, forbróimid tallann, cothóimid cumas ceannaireachta agus oibreoimid le chéile le cúram sláinte níos sábháilte agus níos fearr a sholáthar.

Tá roinnt ospidéal sa réigiún sláinte agus i measc na seirbhísí a sholáthraítear, tá cúram sceidealaithe othar cónaitheach, cúram neamhsceidealaithe/éigeandála, seirbhísí máithreachais, seirbhísí othar seachtrach agus diagnóiseacha. Ospidéal mór teagaisc ollscoile é Ospidéal na hOllscoile, Corcaigh agus is é an t-aon Ionad Tráma Leibhéal 1 in Éirinn. Chun teacht ar eolas breise ar na hospidéil, cliceáil anseo

Ag teacht aníos go luath – ár ngné ‘Spotsolas ar Réigiúin’.

Ealaíona agus cultúr

Tá saibhreas cultúir agus láthair éagsúil ealaíon san Iardheisceart. Tá páirt mhór ag an gcultúr Éireannach sa saol laethúil agus is é sin ceann de na fáthanna is mó go dtagann an oiread sin cuairteoirí idirnáisiúnta anseo le blaiseadh a fháil den fhíorchultúr Éireannach. Déan an bia ar fheabhas atá ar fáil a bhlaiseadh, ól deoch san iomaí teach tábhairne teolaí agus caifé cairdiúil, agus bain idir shúp agus sásamh as biachláir bhlaiste i mbialanna beadaí ina bhfaightear na comhábhair go háitiúil. Mar gheall go bhfuil an réigiún suite ar imeall an Aigéin Atlantaigh is cinnte go mbainfidh daoine arb aoibhinn leo iasc agus bia mara scoth an taitnimh as.

Tá an ceol, na cluichí Gaelacha agus an Ghaeilge ina steillbheatha i gCorcaigh agus i gCiarraí, agus tá an cultúr, an oidhreacht agus na healaíona á gcur i láthair anseo le fada an lá. Seinntear go leor ceol traidisiúnta sa réigiún agus tá ceann de na ceantair Ghaeltachta ina labhraítear an Ghaeilge i gCiarraí.

Nascacht

B’fhéidir go gceapfá go bhfuil tú in áit éigin iargúlta mar gheall ar an tírdhreach atá ann, ach tá ceangal maith idir an tIardheisceart agus an chuid eile d’Éirinn. Tá Aerfoirt Idirnáisiúnta Chorcaí agus Chiarraí ann agus tá an réigiún i ngar d’Aerfort Idirnáisiúnta na Sionainne, ina gcuirtear eitiltí ar fáil go dtí na Stáit Aontaithe. Níl ach eitilt ghearr le déanamh go dtí Aerfort Bhaile Átha Cliath, nó glacfaidh sé trí huaire an chloig ort taisteal ann i gcarr.

Freastalaíonn seirbhísí rialta traenach go dtí Luimneach, Gaillimh agus Baile Átha Cliath ar an réigiún.

Ceanglaíonn seirbhísí bus áitiúla na bailte agus na sráidbhailte ar fud an réigiúin.