Altranas Leanaí agus Ginearálta
Gairm thar a bheith sásúil ar fad atá san altranas leanaí. Mar thoradh ar an méid a fhoghlaimeoidh tú agus na scileanna a fhorbróidh tú agus tú faoi oiliúint, beidh tú in ann cúram altranais a sholáthar do leanaí a bhfuil riachtanais éagsúla chúraim orthu.
Bíonn altraí leanaí ag obair mar chuid d’fhoireann cúraim ildisciplíneach chun tacú leis an leanbh agus le teaghlach an linbh ar an aistear cúraim sláinte – cuireann siad cúram altranais ar fáil a imreoidh tionchar dearfach ar shláinte agus folláine linbh.
Leanaí de gach aois ó bhreith go 16 bliana d’aois a bheidh faoi do chúram agus beidh éagsúlacht ann ó thaobh cumais, grúpaí eitneacha agus cúlraí de.
Bíonn altraí leanaí ag cuidiú le leanaí agus tuismitheoirí a mbreoiteacht a thuiscint. Caitheann siad am leis an leanbh agus le teaghlaigh leis an eolas agus na scileanna a sheachadadh dóibh chun plé leis an mbreoiteacht le go mbeidh saol normálta acu oiread is féidir.
Ní hamháin go mbíonn altraí leanaí ag tabhairt aire do riocht fisiciúil leanaí ach, chomh maith leis sin, féachann siad leis an imní agus mearbhall a bheadh ar leanaí agus iad in áit nua a laghdú. Tugann altraí leanaí tacaíocht do leanaí ina bhforbairt mhothúchánach, fhisiciúil agus intleachtúil bunaithe ar shúgradh agus gníomhaíochtaí eile chun iontaoibh an linbh a chothú.
Na dualgais a bhíonn ar altra cláraithe do leanaí:
- Cúram altranais a sholáthar go díreach do na hothair atá mar chásanna péidiatracha ag an altra.
- Riachtanais cúraim sláinte an linbh a mheas.
- Cúram a phleanáil bunaithe ar na torthaí ó na measúnuithe sin.
- Cúram a sholáthar.
- Torthaí cúraim a mheas, athbhreithniú a dhéanamh ar chúram agus é a phleanáil agus a chur i bhfeidhm dá réir, riachtanais sláinte an linbh á gcur san áireamh.
- Breathnú ar chomharthaí, siomptóim agus iompar agus taifead a choinneáil díobh, stádas fiseolaíoch linbh de réir aoisghrúpa san áireamh. An measúnú ar athruithe, agus ar aon athruithe molta ar idirghabhálacha agus torthaí inmhianaithe a chur i láthair.
- Cloí leis an mbeartas chun plean pearsanta cúraim a chur i bhfeidhm don leanbh atá nua don tseirbhís.
- Idirghabhálacha sonraithe altranais a sholáthar don othar péidiatrach faoi chúram na seirbhíse, idirghabhálacha atá ag teacht leis an bplean cúram sonraithe.
- Nósanna imeachta a chur i gcrích faoi mar a bhaineann le hothair nua, othair a ligean abhaile agus othair a aistriú. Cuidiú le daoine eile i ngníomhaíochtaí agus cúram othar péidiatrach.
- Orduithe an dochtúra a chur i bhfeidhm do gach othar sa tseirbhís; cógais a thabhairt amach agus cóireálacha a dhéanamh go sábháilte mar is cuí.
- Na daoine cuí ar an bhfoireann altranais agus leighis a chur ar fáil má thagann aon athrú ar stádas an othair phéidiatraigh.
- Dualgais a chomhlíonadh go neamhspleách agus freagracht a ghlacadh as cúram othar péidiatrach atá faoi chúram na seirbhíse.
- Teicnící a úsáid agus gnáthaimh a dhéanamh sa réimse speisialtachta den tseirbhís.
- Teicníochtaí aiseipteacha, gnáthaimh leithlisithe agus bearta rialaithe ionfhabhtaithe a chur i gcrích go neamhspleách nó mar chuid d’fhoireann.
- Taifead a choinneáil den chúram altranais sna taifid leighis chuí ar fad.
- Príobháideacht an othair a chosaint an t-am ar fad ó thaobh faisnéise agus taifead de.
- An tuismitheoir/caomhnóir a chur ar an eolas faoi aon ghnéithe de chúram a theastaíonn.
- An cúram atá tugtha a mheas, freagairt an othair san áireamh.
- Athbhreithniú ar aon athruithe a dhéantar ar idirghabhálacha agus na torthaí inmhianaithe agus taifead a choinneáil den mhéid sin.
- Léiriú ar an gcumas chun tuiscint agus comhlíonadh an tuismitheora/an chaomhnóra agus/nó an linbh a mheas ó thaobh treoracha agus eolas cúraim sláinte de.
Scileanna riachtanacha:
- Eolas cliniciúil, scileanna réasúnaíochta cliniciúla agus cleachtas fianaisebhunaithe le dualgais agus freagrachtaí an róil a chomhlíonadh.
- Scileanna smaointeoireachta criticiúla agus an cumas chun bheith ag obair ar dhuine den fhoireann ildisciplíneach.
- Scileanna cliniciúla agus idirphearsanta chun cúram altranais sábháilte archaighdeáin a chur ar fáil a bheidh dírithe ar an leanbh agus ar an teaghlach, é sin i gcomhairle leis an leanbh agus leis an teaghlach agus meas á léiriú ar chearta an linbh cinntí a dhéanamh.
- An cumas tú féin agus cúram leanaí agus a dteaghlaigh a phleanáil agus a eagrú go héifeachtach.
- Scileanna éifeachtacha cumarsáide.
- Dícheall maidir le seirbhís ardchaighdeáin a sholáthar agus an deis le difear a dhéanamh ón gcéad lá.
Gheobhaidh tú tuilleadh eolais ar an Tairseach Gairmeacha