Altranas Meabhairshláinte Sainréimse altranais atá san Altranas Meabhairshláinte/Síciatrach atá dírithe ar thacaíocht a thabhairt do dhaoine a bhfuil meabhairghalar orthu agus/nó atá ag fulaingt mar gheall ar anbhuain intinne. Is é an sprioc atá ag an ngairm seo cuidiú le daoine saol fiúntach a chaitheamh agus an téarnamh, neamhspleáchas agus féinchúram a chur chun cinn.
Gairm iontach atá sa speisialtacht altranais seo, gairm faoi leith a bhfuil sásamh nach féidir a shárú le baint aisti toisc go mbíonn dea-thionchar againn ar shaol daoine gach uile lá.
Tá altraí Meabhairshláinte ag obair i ngach seirbhís agus bíonn ról gníomhach acu i bhfoirne ildisciplíneacha.
Seo a leanas cuid de na dualgais a bheadh ar Altra Meabhairshláinte Cláraithe:
- Riachtanais cúraim sláinte úsáideoir na seirbhíse a mheas.
- An cúram a phleanáil bunaithe ar na torthaí ó na measúnuithe.
- Cúram a chur i bhfeidhm.
- Torthaí cúraim a mheas, athbhreithniú a dhéanamh ar chúram agus é a phleanáil agus a chur i bhfeidhm dá réir, riachtanais sláinte úsáideoir na seirbhíse á gcur san áireamh.
- Monatóireacht a dhéanamh ar an dul chun cinn a dhéanann an duine féin agus ar an gcaoi a nglactar leis an gcúram, agus é a phlé leis an bhfoireann ildisciplíneach dá réir.
- Comhairliúcháin le húsáideoirí na seirbhísí ar láithreacha soláthair cúraim nó ina n-áit chónaithe a bhuí le hardáin teicneolaíochta.
- Éisteacht le daoine, labhairt leo agus iad a chur ar a suaimhneas nuair is gá chun caidreamh teiripeach a chothú leo.
- Gach gné de bhainistiú cógais.
- Tacú le daoine agus lena dteaghlach nuair is cuí agus iad a threorú chuig gníomhaireachtaí eile atá in ann tacaíocht a thabhairt nuair is gá.
- Cúram a phleanáil agus a mheas leis an bhfoireann ildisciplíneach agus cúram altranais a athrú dá réir bunaithe ar na measúnachtaí seo.
- Taifid agus doiciméid chruinne altranais agus chliniciúla a choinneáil i gcomhréir leis an treoir ghairmiúil agus le beartais, nósanna imeachta, prótacail agus treoirlínte áitiúla.
- Tacú leo siúd a úsáideann an tseirbhís tabhairt faoi idirghabhálacha síceasóisialta agus gníomhaíochtaí teiripeacha a rachaidh chun tairbhe dóibh ina bplean cúraim agus cóireála agus ina dtéarnamh.
- Measúnuithe altranais, lena n-áirítear measúnuithe riosca agus pleananna sábháilteachta.
- Plé le teaghlach an duine agus daoine a thugann tacaíocht nuair is cuí a leithéid a dhéanamh i gcúram, cóireáil, pleanáil chun dul abhaile agus téarnamh an duine.
- Plé le gairmithe agus soláthraithe cúraim sláinte eile de réir mar is cuí agus is gá do chúram úsáideoir na seirbhíse.
- Tabhairt faoi oiliúint altraí ar chógais a ordú más gá don ról.
Scileanna riachtanacha:
- Ba chóir d’altraí réimse leathan scileanna a bheith acu, scileanna iontacha cumarsáide san áireamh le go mbeidh siad in ann an chumarsáid a chur in oiriúint do riachtanais gach duine a úsáideann an tseirbhís. Ba chóir go mbeadh éirim mhothúchánach in altraí meabhairshláinte agus an cumas iontu chun ionbhá agus tuiscint a léiriú.
- An cumas cásanna a d’fhéadfadh éirí níos measa a mheas agus scileanna díghéaraithe a úsáid chun an cás a shocrú ar bhealach ciúin gairmiúil.
- Scileanna le haghaidh measúnú riosca agus pleanáil sábháilteachta – tuiscint ar chineálacha éagsúla riosca agus na gnéithe a bhaineann leo agus an cumas tabhairt faoi mheasúnú riosca agus pleanáil sábháilteachta, an cumas gníomhú má bhíonn aon chúiseanna imní ann ó thaobh sábháilteachta de, an cás a chur ar aghaidh chuig leibhéal níos airde más gá agus a chur in iúl don duine iomchuí, do ghairmí cliniciúil agus don fhoireann ildisciplíneach de réir mar is gá.
- Teastaíonn scileanna maithe eagrúcháin agus smaointeoireachta criticiúla ó Altraí Meabhairshláinte, scileanna a thacaíonn le cinnteoireacht fheasach.
- Beidh scileanna cumarsáide ardchaighdeáin ag Altraí Meabhairshláinte agus an cumas iontu plé le daoine a úsáideann an tseirbhís, a dteaghlach agus daoine a thacaíonn leo agus obair a dhéanamh i gcomhar le daoine eile den fhoireann ildisciplíneach.
- Ba chóir go mbeadh an cumas in Altraí Meabhairshláinte freagairt go gairmiúil do chásanna éigeandála.
Gheobhaidh tú tuilleadh eolais ar an Tairseach Gairmeacha
Cláraigh ar Mhol Gairmeacha FSS le haghaidh fógraí seachtainiúla post lena chinntiú go gcuirfear ar an eolas thú faoi gach folúntas a thiocfaidh chun cinn amach anseo.