Clárú Gairmiúil

Má tá tú tar éis cáilíocht a bhaint amach i do ghairm Cúraim Sláinte agus Shóisialta i dtír eile seachas in Éirinn, seans go mbeidh tú in ann leas a bhaint as na ceisteanna coitianta agus freagraí thíos. Bhain mé cáilíocht amach mar Ghairmí Cúraim Sláinte agus Shóisialta i dtír eile seachas in Éirinn. An gá dom clárú le comhlacht rialú leis an ngairm sin a chleachtadh in Éirinn? Is gá. Tá cuid mhór gairmeacha cúraim sláinte agus shóisialta inar gá clárú chun bheith ag obair in Éirinn. Is é CORU an rialálaí sláinte ilghairmiúil in Éirinn. Tá cláir ann do na gairmeacha seo a leanas:

  • Diaitéiteach / diaitéitigh
  • Eolaithe Míochaine
  • Teiripeoirí Saothair
  • Optaiméadraithe agus Radharceolaithe Dáiliúcháin
  • Fisiteiripeoirí
  • Coslianna
  • Radagrafaithe Teiripeoirí Radaíochta
  • Oibrithe Sóisialta
  • Teiripeoirí Urlabhra agus Teanga / Teiripeoirí Urlabhra
  • Oibrithe Cúraim Shóisialta

Beidh cláir ann do ghairmeacha eile de réir a chéile. Tá dhá chéim ann atá le comhlíonadh ag iarratasóirí a bhain cáilíocht amach i dtír eile seachas in Éirinn

 An bhfuil cúnamh airgeadais ar fáil chun cabhrú liom bogadh? Tá Pacáiste tarraingteach Athlonnaithe le haghaidh Earcaíocht Idirnáisiúnta ag FSS d’iarrthóirí a bhfuil cónaí orthu taobh amuigh d’Éirinn agus atá ag athlonnú chun glacadh le post buan nó sealadach ar feadh dhá bhliain ar a laghad. Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi na sonraí seo, úsáid an nasc seo le haghaidh Cúnamh Airgeadais.  An bhfuil cead oibre uaim chun bheith ag obair in Éirinn?

Is féidir le saoránaigh den LEE (an AE móide an Íoslainn, an Iorua agus Lichtinstéin), den Eilvéis agus den Ríocht Aontaithe teacht chun cónaí agus chun bheith ag obair in Éirinn gan cead fostaíochta a bheith acu.

Faoi na hAchtanna um Cheadanna Fostaíochta, teastaíonn cead fostaíochta bailí ó gach duine nach saoránach den Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch é más mian leis teacht chun bheith ag obair sa Stát. Cliceáil anseo le tuilleadh eolais a fháil.

 Fáiltíonn FSS roimh iarratais ó Náisiúnaigh Neamh-LEE atá cáilithe go cuí agus a bhfuil stádas dídeanaí acu (teastaíonn fianaise dhoiciméadach leis an stádas sin a dheimhniú). Tá cuid mhór gairmeacha cúraim sláinte ar Liosta Gairmeacha Scileanna Criticiúla na hÉireann.  Nuair a bheidh Cead Fostaíochta um Scileanna Criticiúla agat, beidh cead ag do gharghaolta cónaí in Éirinn agus ag do chéile nó páirtí obair a dhéanamh gan gá le ceadúnas oibre eile. Más mian leat tuilleadh eolais a fháil maidir le Ceadanna Oibre, féach láithreán gréasáin na Roinne Fiontar, Trádála agus Fostaíochta. Breathnaigh ar ár Seimineár Gréasáin chomh maith: Treoir d’Iarratasóirí Idirnáisiúnta chun stádas a bhaint amach mar Ghairmí Cláraithe le CORU.