Cén tslí le bheith i mo Theiripeoir Urlabhra agus Teanga?

Gairm dhinimiciúil is ea an Teiripe Urlabhra agus Theanga, gairm a bhíonn de shíor ag athrú. Mar sin, beidh an deis agat difear fiúntach a dhéanamh i saol daoine agus i saol a dteaghlaigh agus a bpobail. Beidh deis agat dul i bpáirt le teiripeoirí urlabhra agus teanga in Éirinn agus saol níos fearr a fhorbairt do gach duine, óg agus aosta, a bhfuil riachtanais acu ó thaobh cumarsáide nó slogtha de nó a mbeidh riachtanais mar sin acu san am atá le teacht.

Tá cúpla bealach ann chun dul isteach sa ghairm:

  • Céim onóracha BSc fochéime sa Teiripe Urlabhra agus Theanga
  • Cúrsa ar Leibhéal 8 den CNC agus céim ollscoile MSc sa Teiripe Urlabhra agus Theanga

Tabharfaidh CORU, an rialálaí do ghairmithe cúraim sláinte agus shóisialta, eolas duit faoi na cáilíochtaí ceadaithe. Gheobhaidh tú tuilleadh eolais faoin ngairm ar láithreán gréasáin Chumann na hÉireann um Theiripeoirí Urlabhra agus Teanga agus Tairseach na nGairmeacha.

Má bhain tú do cháilíocht amach i dtír eile seachas in Éirinn, gheobhaidh tú tuilleadh eolais anseo.

Speech and language therapist working with a child

Do ról le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)

Agus tú cáilithe, beidh ort clárú le CORU, an comhlacht rialála do Ghairmithe Cúraim Sláinte agus Shóisialta, Teiripeoirí Urlabhra agus Teanga san áireamh.

Tá Teiripeoirí Urlabhra agus Teanga mar chuid de lucht saothair cliniciúil a dtugtar Gairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialta orthu agus a bhíonn ag obair mar fhoireann in éineacht le comhghleacaithe leighis agus altranais chun cúram cliniciúil, teiripeach agus sóisialta a chur ar fáil.

Déanann teiripeoirí urlabhra agus teanga cásanna a mheas agus a dhiagnóisiú, agus cuireann siad réimse leathan idirghabhálacha agus tacaíochtaí ar fáil do dhaoine i ngach céim den saol atá ag plé le réimse de neamhoird agus/nó cúiseanna imní maidir le cumarsáid, guth, cothú, ithe, ól agus slogadh.

Tá ról níos ginearálta ag teiripeoirí urlabhra agus teanga amuigh sa tsochaí, is é sin go ndéanann siad seirbhísí a chur chun cinn agus a fhorbairt do dhaoine a bhfuil riachtanais acu ó thaobh cumarsáide agus slogtha de.  Tá cuid mhór teiripeoirí urlabhra agus teanga gníomhach i dtaighde agus abhcóideacht mar chuid dá gcleachtas cliniciúil.

Ina ról acadúil/teagaisc nó mar bhall de ghrúpa sainspéise, ní hamháin go mbíonn teiripeoirí urlabhra agus teanga ag plé leis na difríochtaí agus dúshláin a bhíonn ag duine le cumarsáid nó le cothú, ithe, ól agus slogadh a shonrú agus a thuiscint, ach bíonn siad ag iarraidh aon bhacainní roimh chumarsáid shásúil agus slogadh sábháilte a bheadh i dtimpeallacht an duine a shonrú agus a thuiscint

Speech and Language Therapist working with a child

Dul chun cinn gairme

Tá a lán bealaí ann le dul chun cinn a dhéanamh i do ghairm:

  • Dul ar aghaidh le bheith i do Theiripeoir Urlabhra agus Teanga Sinsearach
  • Speisialtóireacht a dhéanamh i réimse faoi leith, cuir i gcás uathachas, bearna mhíl agus carball scoilte, neamhord teanga forbarthach, stadaireacht.

Conairí Forchéimnithe Gairme: Conair Chliniciúil:

  • Teiripeoir Urlabhra agus Teanga ar Ghrád Foirne
  • Teiripeoir Urlabhra agus Teanga Sinsearach
  • Speisialtóir Cliniciúil Teiripe Urlabhra agus Teanga

Conair na Bainistíochta:

  • Teiripeoir Urlabhra agus Teanga Bainisteora
  • Teiripeoir Urlabhra agus Teanga Bainisteora i bhfeighil III
  • Bainisteoir Fhoireann Líonra Míchumais na Leanaí

Conair an Oideachais: 

Tá deiseanna ann i róil oideachais sna Gairmithe Cúraim Sláinte agus Shóisialta ar fad.

Speech and language therapist working with a child

Oiliúint agus forbairt bhreise

Oifig na nGairmithe Cúraim Sláinte agus Shóisialta freagrach as Ceannaireacht, Oideachas agus Forbairt Ghairmiúil Leanúnach na ngairmithe sin atá ag obair in FSS.

HSeLanD an t-ainm atá ar thairseach FSS ar a bhfuil meascán de dheiseanna oiliúna agus forbartha a chuirtear ar fáil ar líne nó i socrú ranga. Is féidir eolas a fháil ar Oideachas agus Forbairt ar Thairseach HSCP ar www.hseland.ie.

Samplaí eile de ghníomhaíochtaí forbartha gairmiúla ná deiseanna chun seirbhísí iontacha leabharlainne FSS a úsáid, deiseanna breise oiliúna agus oideachais, deiseanna freastal ar chomhdhálacha, seimineáir ghréasáin agus ceardlanna, próiseas meantóireachta agus maoirseachta, an t-eolas is úire faoin ngairm i nuachtlitreacha speisialaithe, blaganna agus podchraoltaí.

Speech and Language Therapist with a patient

Sochair foirne agus teistiméireachtaí

Sochar a bheidh agat agus tú ag obair mar fhostaí in FSS ná go mbeidh tú ag saothrú i ngairm atá fiúntach agus dúshlánach, agus níl ansin ach sochar amháin. Tairgimid pá agus sochair mhealltacha, maoirseacht ghairmiúil, tacaíocht ghairme agus deiseanna forbartha, comhghleacaithe cairdiúla agus caighdeán beatha iontach.

Féach Scálaí pá – Foireann FSS

Cliceáil ar na naisc thíos chun tuilleadh eolais a fháil ar róil dhifriúla atá sa Teiripe Urlabhra agus Theanga:

Maria Price, Teiripeoir Urlabhra agus Teanga Sinsearach, Lárchathair Thuaidh Bhaile Átha Cliath, Foireann Líonra Míchumais na Leanaí

Lisa Kelly, Teiripeoir Urlabhra agus Teanga

Speech and language therapist working with a child