Cén tslí le bheith i m’Oibrí Sóisialta?

Gairm atá bunaithe ar chleachtas í an obair shóisialta, gairm ina gcuirtear an t-athrú sóisialta agus forbairt shóisialta chun cinn, ina mbítear ag tacú le cearta an duine. Is é an aidhm atá sa ghairm ná an chumhacht a thabhairt do dhaoine, grúpaí agus pobail ceannas a ghlacadh ar a saol féin ina dtimpeallacht agus comhthéacs sóisialta féin.

Tá cúpla bealach isteach ann chun bheith i d’oibrí sóisialta:

Gheobhaidh tú eolas ar na cáilíochtaí faofa ón gcomhlacht rialála, CORU. Gheobhaidh tú tuilleadh eolais faoin ngairm ar láithreán gréasáin Cumann Oibrithe Sóisialta na hÉireannTairseach na nGairmeacha.

Má bhain tú do cháilíocht amach i dtír eile seachas in Éirinn, gheobhaidh tú tuilleadh eolais anseo.

boy and girl playing with toys

Do ról le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)

Agus tú cáilithe, beidh ort clárú le CORU , an comhlacht rialála do Ghairmithe Cúraim Sláinte agus Shóisialta.

Tá ár nOibrithe Sóisialta mar chuid de lucht saothair cliniciúil a dtugtar Gairmithe Cúraim Sláinte agus Shóisialta orthu agus a bhíonn ag obair mar fhoireann in éineacht le comhghleacaithe leighis agus altranais chun cúram cliniciúil, teiripeach agus sóisialta a chur ar fáil.

Bíonn oibrithe sóisialta ag obair in áiteanna agus i socruithe éagsúla. Tá éagsúlacht i gceist leis na timpeallachtaí seo, cuir i gcás ospidéil, cúram pobail, seirbhísí meabhairshláinte, seirbhísí leanaí agus déagóirí, cosaint leanaí agus suíomhanna leasa.

Ina gcuid oibre, bíonn siad ag iarraidh fadhbanna a réiteach, iad ag tacú agus ag obair le húsáideoirí seirbhíse agus soláthraithe cúraim sláinte agus shóisialta chun teacht ar bhealaí le hathruithe tairbheacha a thabhairt isteach. Bíonn éagsúlacht i gceist leis na fadhbanna agus dúshláin a bhíonn ann in am ar bith i saol an duine. Seans gur cás géarchéime/éigeandála a bheidh ann, nó b’fhéidir go mbeadh tacaíocht, eolas agus comhairle le tabhairt do dhuine a bheadh ag plé le deacrachtaí leanúnacha nó daoine a bheadh ag fulaingt mar gheall ar chaillteanas.

Ní minic oibrithe sóisialta ag obair ina n-aonar. Is minic iad ag obair ar fhoireann oibre sóisialta nó foireann ildisciplíneach.

young family meeting with a social worker

Dul chun cinn gairme

Tá an obair shóisialta dúshlánach mar ghairm, ach tairbheach san am céanna. Tá riar faoi leith scileanna ag teastáil, mar aon le comhbhá agus díograis.

Tá a lán bealaí ann le dul chun cinn a dhéanamh i do ghairm:

  • Dul ar aghaidh le bheith i do Chleachtóir Sinsearach Oibre Sóisialta
  • Speisialtóireacht a dhéanamh i réimse faoi leith, cuir i gcás meabhairshláinte, obair le páistí, nó dul isteach sa taighde nó oiliúint.

 Conair Forchéimnithe Gairme:

  • Oibrí Sóisialta
  • Cleachtóir Sinsearach Oibre Sóisialta
  • Oibrí Sóisialta, Ceann Foirne
  • Príomhoibrí Sóisialta
  • An Príomh-Oibrí Sóisialta

Conair Oideachais

Tá deiseanna ann i róil oideachais chomh maith sna Gairmithe Cúraim Sláinte agus Shóisialta ar fad.

social worker talking to a mother and daughter in an office

Oiliúint agus forbairt bhreise

Oifig na nGairmithe Cúraim Sláinte agus Shóisialta freagrach as Ceannaireacht, Oideachas agus Forbairt Ghairmiúil Leanúnach na ngairmithe sin atá ag obair in FSS. Is iomaí dóigh atá ann chun cur leis na scileanna a theastaíonn don ról mar Oibrí Sóisialta i dtimpeallacht faoi leith. Is féidir tabhairt faoi oiliúint iarchéime nó cúrsaí cliniciúla leis sin a dhéanamh.

HSeLanD an t-ainm atá ar thairseach FSS ar a bhfuil meascán de dheiseanna oiliúna agus forbartha a chuirtear ar fáil ar líne nó i socrú ranga. Is féidir eolas a fháil ar Oideachas agus Forbairt ar Thairseach HSCP ar www.hseland.ie.

Samplaí eile de ghníomhaíochtaí forbartha gairmiúla ná deiseanna chun seirbhísí iontacha leabharlainne FSS a úsáid, deiseanna breise oiliúna agus oideachais, deiseanna freastal ar chomhdhálacha, seimineáir ghréasáin agus ceardlanna, próiseas meantóireachta agus maoirseachta, an t-eolas is úire faoin ngairm i nuachtlitreacha speisialaithe, blaganna agus podchraoltaí.

Gheobhaidh tú tuilleadh eolais ar láithreán gréasáin Cumann Oibrithe Sóisialta na hÉireann .

young family talking to a health visitor

Sochair foirne agus teistiméireachtaí

Sochar a bheidh agat agus tú ag obair mar fhostaí in FSS ná go mbeidh tú ag saothrú i ngairm atá fiúntach agus dúshlánach, agus níl ansin ach sochar amháin. Tairgimid pá agus sochair mhealltacha, maoirseacht ghairmiúil, tacaíocht ghairme agus deiseanna forbartha, comhghleacaithe cairdiúla agus caighdeán beatha iontach.

Féach Scálaí pá – Foireann FSS

Cliceáil ar na naisc thíos chun tuilleadh eolais a fháil ar róil dhifriúla mar Oibrí Sóisialta:

Nisarg Nagwadia – Oibrí Sóisialta Meabhairshláinte

social worker talking to a teenage girl