Tá sé mar aidhm ag an FSS eispéireas den chéad scoth a chruthú d’fhostaithe agus a mheallann an tallann agus a chothaíonn an cumas ceannaireachta i ngach duine agus i ngach foireann a oibríonn le chéile chun cúram sláinte níos fearr agus níos sábháilte a chur ar fáil.
Is é FSS an fostóir is mó sa tír. Is é an fhís atá ann ná gur tír níos folláine a bheidh in Éirinn, tír a mbeidh seirbhís sláinte ardchaighdeáin inti agus meas ag cách uirthi. Imríonn luacha FSS – Cúram, Atrua, Iontaoibh agus Foghlaim – tionchar ar gach rud a dhéanaimid. Spreagtar cultúr in FSS ina gcloíonn an fhoireann go léir leis na luachanna seo gach lá, de réir mar a bhíonn siad ag plé le comhghleacaithe agus leis an bpobal.
Féach na deiseanna éagsúla atá ag FSS ó thaobh gairmeacha de agus bí linn inár n-aistear i dtreo cúram sláinte níos fearr.