Razick Fareth Thomas,

Altra Foirne Ginearálta (Pobal)

Foireann Idirghabhála Pobail

Is altra foirne é Razick atá ag obair mar dhuine den Fhoireann Idirghabhála Pobail i Ráth Fearnáin, Contae Bhaile Átha Cliath. Chaith sé dhá bhliain go leith roimhe seo ag obair i mbarda máinliachta in Ospidéal Ollscoile na Trócaire i gCorcaigh.

As Kerala i ndeisceart na hIndia do Razick agus mhol col ceathair leis dó a ghairm altranais a fhorbairt in Éirinn, col ceathair a bhí anseo ag obair in Ospidéal an Mater i mBaile Átha Cliath. Tá sé ar dhuine de 20 altra atá ag obair ar an bhFoireann Idirghabhála Pobail . Ina chuid oibre, bíonn sé ag plé le hAltraí Sláinte Poiblí, dochtúirí teaghlaigh agus ospidéil i ndeisceart Bhaile Átha Cliath, cuir i gcás Ospidéal Ollscoile Naomh Uinseann, Ospidéal San Séamas agus Ospidéal Thamhlachta. Ina theannta sin, tugann an fhoireann aire d’othair atá ag fáil cóir leighis in ospidéil i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath, cuir i gcás Ospidéal Beaumont agus Ospidéal an Mater, má bhíonn cónaí ar an othar i limistéar na foirne.

“An rud is fearr faoin bpost ná an géarchúram a chuirimid ar fáil – is féidir liom mo chuid sainscileanna san altranas géarchúraim a úsáid amuigh sa phobal. Cuirimid réimse seirbhísí ar fáil, cuir i gcás fleibeatóime, seirbhísí oinceolaíochta, cúram maolaitheach, cataitéarú, antaibheathaigh infhéitheacha, draenacha pleoracha agus cúram créachtaí. Bímid ag cuidiú le daoine le nach mbeidh orthu dul chun an ospidéil agus le go mbeidh daoine san ospidéal in ann filleadh chun an bhaile níos luaithe. Cuirtear fáilte mhór romhainn nuair a thugaimid cuairt ar na hothair sa bhaile, rud a chuireann leis an sásamh iontach atá le baint as an obair. Mholfainn an obair ar Fhoireann Idirghabhála Pobail d’altraí eile.”