Sasikala Velappan, Altraspeisialtóir Cliniciúil

As Kerala san India ó dhúchas í Sasikala Velappan. Tá sí ag obair anois mar Altraspeisialtóir Cliniciúil, Diaibéiteas, sa Mhol um Bainistiú Galar Ainsealach i nGlas Naíon i mBaile Átha Cliath Thuaidh-Lár.

Tháinig Sasikala go hÉirinn in 2008 ar mholadh cairde léi. Agus í ag obair in Ospidéal an Mater, mhol comhghleacaí dá cuid di tabhairt faoi Dhioplóma san Altranas Diaibéitis sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.  Bhí sí ag obair san Ionad Lae Diaibéitis sa Mater sular aistrigh sí i mí Eanáir 2024 le bheith ag obair sa phobal.

Tá triúr buachaillí aici agus deir Sasikala go bhfuil an chothromaíocht oibre is saoil an-tábhachtach di.

“Is breá liom an neamhspleáchas atá agam sa ról agus an tslí a mbíonn coinní leantacha rialta againn le hothair. Bíonn deis agam aithne mhaith a chur orthu le go mbeidh muinín acu asam. Bíonn deis againn comhrá maith a bheith againn agus is fusa a bhíonn sé dá bharr measúnú a dhéanamh agus díriú ar riachtanais an othair. Bíonn riachtanais choimpléascacha ag daoine a bhfuil diaibéiteas orthu uaireanta agus tá an diaibéiteas ag éirí níos coitianta i rith an ama. Tagann aimhréidh chun cinn ón diaibéiteas uaireanta agus oibrímid le go mbeidh othair in ann glúcós a choinneáil faoi smacht go seasmhach le nach mbeidh aimhréidh ann nó ar a laghad le moill a chur lena leithéid”.

Deir Sasikala gur mhaith léi go léireodh altraí eile suim i mbainistiú diaibéitis sa phobal toisc go bhfuil éileamh ann ar an gcineál seo cúraim.