Téarmaí Seirbhíse Mhol Gairmeacha FSS
Agus tú ag clárú ar Mhol Gairmeacha FSS, tá tú ag clárú de do dheoin féin chun fógraí post a fháil maidir le poist a fhógrófar ar láithreán post FSS, an méid sin de réir na roghanna a rinne tú agus tú ag clárú air. Chomh maith leis sin, tá tú ag clárú chun eolas a fháil atá ann le tuiscint a fhorbairt faoi na roghanna a dhéanfaidh tú agus eolas tábhachtach eile i dtaca le gníomhaíochtaí agus acmhainní earcaíochta a chuirfear ar fáil i gcomhar leis an Mol Gairmeacha. Mar aon leis an gcumarsáid sceidealaithe i dtaobh fógraí post, cuirfimid scéala chuig gach úsáideoir faoi athruithe eagraíochta nó oibríochta a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar thorthaí na roghanna atá déanta agat de réir mar a bheidh oiriúnach bunaithe ar na roghanna atá déanta agat. Is féidir na roghanna seo a athrú am ar bith ach dul isteach ar an gcóras arís, na roghanna a athrú agus iad a shábháil.
Tá an t-eolas ar fad atá ar fáil ar láithreán gréasáin Mhol Gairmeacha FSS curtha le chéile ó chuid mhór foinsí, cuid acu nach bhfuil faoi smacht Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte. Cé go bhfuiltear tar éis gach cúram réasúnach a ghlacadh agus an t-ábhar ar an láithreán gréasáin seo á chur le chéile agus á fhoilsiú, ní dhéanann Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte aon uiríll ná barántaí,sainráite nó intuigthe, maidir le cruinneas ná oiriúnacht an eolais ná an ábhair atá san acmhainn seo.
Tá rochtain ar an eolas agus úsáid an eolais atá anseo istigh go hiomlán ar phriacal an úsáideora. Ní bheidh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte faoi dhliteanas, go díreach ná go hindíreach, don úsáideoir ná d’aon tríú páirtí eile as aon damáiste a thiocfadh as úsáid a bhaint as an eolas atá nó a chuirtear in iúl ar láithreán gréasáin FSS.
Ní ghlacann Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte le dliteanas dlíthiúil ná le haon dliteanas eile as aon mhíchruinneas, botún, míráiteas ná aon earráid de chineál ar bith eile atá anseo istigh. Leis seo, séanann Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte dliteanas go foirmiúil i leith na nithe réamhráite. Eolas ginearálta achomair atá san eolas ar an láithreán gréasáin seo.
Féadfar an t-eolas a athrú ó am go chéile. Ní cheart brath ar an eolas anseo le cearta dlíthiúla agus cinntí eile a shocrú gan eolas eile a cheadú. Moltar do chuairteoirí ar an láithreán aon eolas a mbeidís ag brath air a dheimhniú agus, leis sin a dhéanamh, teagmháil a dhéanamh go díreach le duine atá ag obair i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.
Tá iarracht déanta ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte cóipcheart nó cearta intleachtúla eile a thabhairt dá n-úinéirí cuí i gcásanna inarbh oiriúnach a leithéid. Má tharlaíonn go bhfuiltear tar éis aon admháil a chailliúint nó dearmad a dhéanamh díobh, déanfaidh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte an earráid a cheartú má fhaightear an t-eolas ina leith. Féadfaimid ár láithreán gréasáin a leasú chun dáta ó am go chéile agus athrú a dhéanamh ar aon eolas nó ábhar (lena n-áirítear dearaí, téacs, grafaicí, lógónna, íomhánna agus ábhar gaolmhar), cur i láthair, leagan amach nó feidhmiúlacht an láithreáin gréasáin, bíodh sé sin más ábhar scríofa a bheidh ann nó má dhéantar é a fhoilsiú, a chomhroinnt nó má bhíonn sé ar shlí ar bith eile ar an láithreán gréasáin i dtaca le haon cheann de sheirbhísí an láithreáin gréasáin. D’fhonn amhras a sheachaint, cuimseoidh an méid sin aon eolas nó ábhar in aon fhógraí, nó ábhar úsáideoirí a bheidh le feiceáil ar an láithreán gréasáin (“an t-ábhar”) in am ar bith. Bíodh sin mar atá, d’fhéadfadh aon chuid den ábhar ar ár láithreán gréasáin a bheith as dáta in am ar bith agus nílimid faoi aon oibleagáid é a leasú chun dáta. Ní dhearbhaímid go mbeidh ár láithreán gréasáin, ná aon ábhar air, saor ó earráidí ná easnaimh.
Forchoimeádaimid an ceart na Téarmaí Úsáide (lena n-áirítear aon Seirbhísí nó Táirgí Láithreáin Gréasáin) seo a leasú chun dáta in am ar bith, má thugtar fógra nó mura dtugtar. Tá úsáideoirí freagrach as breathnú ar an láithreán gréasáin go rialta chun glacadh le hathruithe dá leithéid. Má leanann tú ar aghaidh agus an láithreán gréasáin chomh maith le seirbhísí an láithreáin gréasáin á n-úsáid agat tar éis athruithe a chur air, beidh tú ag cur in iúl go nglacann tú leis an gComhaontú, na Téarmaí Úsáide leasaithe san áireamh.
Má leanann tú ar aghaidh chuig láithreán gréasáin Mhol Gairmeacha FSS, tá tú ag cur in iúl go nglacann tú leis an séanadh seo.