Altranas agus Cnáimhseachas

Cén tslí le bheith i m’Altra nó Cnáimhseach?

Tá an-sásamh le baint as an Altranas, gairm ina mbeidh deis agat dul i bhfeidhm ar shaol daoine ar bhealach dearfach. Meascán de scileanna acadúla, cumarsáide agus oibre foirne atá ann. Bíonn i gcónaí ráchairt ar altraí agus bíonn deiseanna iontacha fostaíochta ann dá bharr.

Tá bealaí éagsúla ann le dul isteach i ngairm an Altranais, cuir i gcás dul isteach go díreach ón scoil, dul isteach mar mhac léinn lánfhásta agus cláir oideachais tríú leibhéal. Tabharfaidh Bord Altranais agus Cnáimhseachais na hÉireann an t-eolas duit faoin gcaoi le hiarratas a dhéanamh ar aon cheann de na bealaí iontrála.

Tá tuilleadh eolais ar an Tairseach Gairmeacha maidir leis na cúrsaí atá ar fáil i do cheantar féin nó cóngarach dó.

Nurse

Do ról le FSS

Mar altra in FSS, beidh tú ag obair mar dhuine d’fhoireann ildisciplíneach, foireann ar a mbeidh dochtúirí, oibrithe sóisialta, teiripeoirí saothair, fisiteiripeoirí agus gairmithe cúraim sláinte agus shóisialta eile.

Tugann altraí aire d’othair de gach aois, do theaghlaigh, do ghrúpaí agus do phobail i ngach timpeallacht. Agus tú ag obair in ospidéil, d’fhéadfá a bheith ag obair i mbarda ospidéil, sa Rannóg Éigeandála, in obrádlann nó in aonad dianchúraim. Is féidir dul ag obair amuigh sa phobal, cuir i gcás in ionad cúraim phríomhúil agus fiú in áit chónaithe na n-othar.

Cúig dhisciplín atá san Altranas agus Cnáimhseachas:

Altranas Ginearálta

Altranas Leanaí agus Ginearálta

Altranas Othar faoi Mhíchumas Intleachtúil

Meabhairshláinte

Cnáimhseachas

Nurse giving a patient medication

Dul chun cinn gairme

Má roghnaíonn tú an chonair chliniciúil, beidh deis agat dul ag obair i réimse leathan ról san altranas agus cnáimhseachas. Is ar chúram a thabhairt go díreach don othar a chuirfear béim. Is féidir dul ar aghaidh chuig gairm mar speisialtóir nó ardchleachtóir.

conairí gairme bainistíochta struchtúrtha ann don altranas agus cnáimhseachas. Is féidir dul ar aghaidh ar na conairí seo chuig róil mar altra cliniciúil bainisteora nó cnáimhseach bainisteora, stiúrthóir cúnta nó stiúrthóir altranais nó cnáimhseachais.

Má roghnaíonn tú an chonair oideachais, is féidir dul ar aghaidh chuig gairm san oideachas mar theagascóir altraí nó cnáimhseach i dtimpeallachtaí oideachais agus cliniciúla.

Má roghnaítear tú conair an taighde, beidh deis ag altraí agus cnáimhseacha leas a bhaint as eolas agus nuálaíocht chun tionchar a imirt ar thaighde fianaisebhunaithe.

Cliceáil ar na naisc seo le tuilleadh eolais a fháil ar gach réimse acu: Cliniciúil, Bainistíocht, Oideachas agus Taighde.

Man being assisted by a health care professional

Oiliúint agus forbairt bhreise

Is iomaí deis oiliúna agus oideachais atá ar fáil, na deiseanna sin deartha chun cur le scileanna na ndaoine atá ag obair linn agus chun an aire a chuireann ár ngairmithe altranais agus cnáimhseachais ar fáil a fheabhsú.

Is é an tAonad Pleanála agus Forbartha don Altranas agus Cnáimhseachas i do cheantar a thugann tacaíocht do chláir don fhorbairt ghairmiúil leanúnach, lena n-áirítear máistir-ranganna, ceardlanna, laethanta staidéir agus comhdhálacha.

Tá deiseanna ceannaireachta ann mar aon le próiseas éifeachtach le haghaidh Pleanáil Forbartha Pearsanta chun cuidiú leat agus tú ag forbairt i do ghairm.

HSeLanD an t-ainm atá ar an tairseach atá againn ar a bhfuil meascán de dheiseanna oiliúna agus forbartha.

Más mian leat tabhairt faoin mbreisoideachas, féach na cúrsaí iarchláraithe faofa atá ag Bord Altranais agus Cnáimhseachais na hÉireann inar féidir clárúchán breise a bhaint amach nó cliceáil anseo le tuilleadh eolais a fháil.

Man with a nurse

Sochair foirne agus teistiméireachtaí

Sochar a bheidh agat agus tú ag obair mar fhostaí in FSS ná go mbeidh tú ag saothrú i ngairm atá fiúntach agus dúshlánach, agus níl ansin ach sochar amháin. Tairgimid pá agus sochair mhealltacha, maoirseacht ghairmiúil, tacaíocht ghairme agus deiseanna forbartha, comhghleacaithe cairdiúla agus caighdeán beatha iontach.

Féach Scálaí pá – Foireann FSS

Tá réimse leathan ról agus conairí san Altranas agus Cnáimhseachas agus rogha éigin ann a bheidh oiriúnach do gach duine.

Cliceáil anseo más mian leat éisteacht le cuid dár n-altraí agus cnáimhseacha iontacha agus iad ag labhairt ar a gcuid oibre agus ar a ngairm in FSS.