Ráiteas maidir le Fianáin

Fianáin ar an láithreán gréasáin seo

Is le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) an láithreán gréasáin seo agus is ise a dhéanann é a reáchtáil. Úsáidtear fianáin agus teicneolaíochtaí gaolmhara eile ar an láithreán gréasáin seo, amhail picteilíní, rabhcháin nó teicneolaíocht rianaithe. Úsáidfimid an téarma “fianáin” le tagairt a dhéanamh do gach teicneolaíocht den sórt sin. Is comhaid bheaga iad fianáin a chruthaítear agus a shábháiltear ar d’fhón, ar do tháibléad nó ar do ríomhaire nuair a thugann tú cuairt ar láithreán gréasáin. Stóráiltear iontu faisnéis faoin gcaoi a n-úsáideann tú an láithreán gréasáin, amhail na leathanaigh a dtugann tú cuairt orthu agus an chaoi a n-idirghníomhaíonn tú le hinneachar. Ní víris ná ríomhchláir atá sna fianáin. Bíonn siad an-bheag agus, mar sin, ní ghlacann siad mórán spáis. Cliceáil ar an gcnaipe “Socruithe fianán” i mbuntásc an láithreáin gréasáin le hamharc ar an liosta fianán atá ann faoi láthair.

Na cineálacha fianán a úsáidimid

Na cineálacha faisnéise a bhailíonn ár bhfianáin

Tugtar dúinn na saghsanna seo a leanas d’fhaisnéis fút trí na fianáin a úsáidimid: fianán; sonraí brabhsálaí – aitheantóirí fianáin, an t-am agus an dáta, leathanaigh ar amharc tú orthu, na fianáin ar thoiligh tú dóibh; sonraí faoin ngléas – saghas an ghléis, taifeach an scáileáin, leagan an chórais oibriúcháin, faisnéis faoin mbrabhsálaí (an leagan agus na socruithe bunúsacha); sonraí loga – cathain agus cé chomh fada a d’úsáid tú an láithreán gréasáin seo, na rudaí a chuardaigh tú; sonraí láithreach – an tír agus an contae ina raibh tú nuair a d’úsáid tú an láithreán gréasáin; sonraí anailíseacha – sonraí faoin úsáid a bhaineann tú as an láithreán gréasáin seo; seoltaí IP – cuirtear iad seo i gcomhaid loga an fhreastalaí ar mhaithe le slándáil an láithreáin gréasáin Ní luaimid aon ainm sna sonraí a bhailímid agus déanaimid iad a chomhiomlánú. Má thugann tú cead dúinn níos mó faisnéise a bhailiú, déanaimid é seo ar aon dul le do thoiliú. Tá líon beag cásanna ann ina mbailímid an fhaisnéis chun ár leasanna dlisteanacha.

Toiliú agus fianáin

Socraímid fianáin atá fíor-riachtanach go huathoibríoch. Níl do thoiliú ag teastáil uainn le hiad a úsáid. Ní féidir leat iad seo a athrú ná diúltú dóibh. Tá do thoiliú ag teastáil uainn le gach cineál eile fianáin a úsáid. Tugtar dúinn é sin tríd an mbratach fianán a thaispeántar ag bun an láithreáin gréasáin. Úsáidfimid fianáin le do shainroghanna fianán a shábháil. Mairfidh do thoiliú go ceann 6 mhí ón dáta deireanach a thug tú dúinn é. Tar éis 6 mhí, iarrfaimid ort go huathoibríoch toiliú nua a thabhairt dúinn an chéad uair eile a úsáidfidh tú ár láithreán gréasáin ar an ngléas céanna.

Cén chaoi ar féidir leat do shocruithe fianáin a rialú?

Socruithe fianán Níl roinnt fianán riachtanach, amhail iad siúd a úsáidtear le faisnéis a bhailiú faoin gcaoi a n-úsáideann tú ár láithreán gréasáin. Ní úsáidfimid iad ach amháin má thug tú cead dúinn trí do shocruithe fianán. Cliceáil ar an gcnaipe “Socruithe fianán” i mbuntásc an láithreáin gréasáin le do shainroghanna a bhainistiú. Is cuma cé na roghanna fianán atá roghnaithe agat, ba cheart go mbeifeá in ann dul chuig gach leathanach ar ár láithreán gréasáin gan aon fheidhmiúlacht a chailleadh. Bíodh sin mar atá, b’fhéidir nach mbeadh fáil agat ar roinnt gnéithe breise. Roghnaigh cén fianáin is féidir linn a úsáid nuair a thugann tú cuairt ar ár láithreán gréasáin trí chliceáil ar an gcnaipe “Socruithe fianán” i mbuntásc an láithreáin gréasáin.

Rochtain ar do shonraí fianán

Ní bheidh rochtain ach ag foireann FSS agus ag soláthraithe a bhfuil baint dhíreach acu leis an láithreán gréasáin seo a bhainistiú ar na sonraí fianán a bhailítear. Na baill foirne agus na soláthraithe uile de chuid FSS a bhféadfadh rochtain a bheith acu ar shonraí pearsanta, beidh siad faoi cheangal ag FSS trí chomhaontuithe rúndachta agus beidh orthu do shonraí pearsanta a choinneáil slán, agus gan iad a úsáid ach amháin chun na gcríoch atá sonraithe ag FSS. Is féidir ár soláthraithe a chatagóiriú mar seo a leanas: Fógraíocht, caidreamh poiblí, gníomhaireachtaí digiteacha agus cruthaitheacha Soláthraithe taighde margaidh agus custaiméirí Ardáin mheán sóisialta Forbróirí láithreáin gréasáin agus aipeanna Soláthraithe seirbhísí óstála láithreáin gréasáin Próiseálaithe iad formhór na soláthraithe a úsáidimid a bhfuil conradh i bhfeidhm againn leo ina gceanglaítear orthu d’fhaisnéis a choimeád slán agus gan í a úsáid ar bhealach eile seachas i gcomhréir lenár dtreoracha sonracha. Ní nochtaimid faisnéis dóibh ná ní thugaimid rochtain dóibh ar fhaisnéis ach amháin i gcás gur gá dóibh an fhaisnéis áirithe sin a bheith acu lena gcuid seirbhísí a chur ar fáil. Úsáidimid na príomhsholáthraithe seo a leanas maidir leis na fianáin a úsáidtear ar an láithreán gréasáin seo: Google Úsáidtear Google Analytics, a sholáthraíonn Google, Inc. (“Google”) ar an láithreán gréasáin seo, a úsáideann fianáin le hanailís a dhéanamh ar conas a úsáideann úsáideoirí an láithreán gréasáin seo. Úsáidtear na modúil seo a leanas ar an láithreán gréasáin: Google Analytics – monatóir feidhmíochta, achoimre ar an sprioclucht, úsáideoirí gníomhacha, taiscéalaí úsáideoirí, sprioclucht anailísíochta, tuairiscí comparáide, tuairisc ar shreabhadh úsáideoirí; Is féidir faisnéis a chruthaigh fianán faoin úsáid a bhaintear as an láithreán gréasáin seo (gan do sheoladh IP a áireamh) a tharchur agus a stóráil ar fhreastalaithe Google sna Stáit Aontaithe. Úsáidfidh Google an fhaisnéis seo leis an úsáid a bhaineann cuairteoirí as an láithreáin gréasáin seo a mheas, le tuairiscí a chruthú faoin úsáid sin agus le seirbhísí eile a sholáthar a bhaineann le gníomhaíochtaí ar an láithreán gréasáin seo agus le húsáid an idirlín i gcoitinne. Is féidir le Google an fhaisnéis seo a sholáthar freisin do thríú páirtithe má cheanglaítear é sin faoin dlí nó má phróiseálann na tríú páirtithe siúd an fhaisnéis seo do Google. Is féidir leat an úsáid a bhaintear as fianáin ar an láithreán gréasáin seo a dhíchumasú ar an mbealach a luaitear thuas, ach b’fhéidir nach mbeidh tú in ann úsáid iomlán a bhaint as gnéithe uile an láithreáin gréasáin seo má dhéanann tú amhlaidh do gach saghas fianán. Lena dhiúltú don rianú a dhéanann Google Analytics i measc na láithreán gréasáin go léir, téigh chuig: https://tools.google.com/dlpage/gaoptout Chun teacht ar eolas mionsonraithe faoi na modúil go léir a liostaítear thuas agus ar an láimhseáil a dhéanann Google ar fhaisnéis phearsanta, féach: https://policies.google.com/technologies/partner-sites agus https://www.google.com/intl/en/privacy/privacy-policy.html. Cainéil Mheán SóisialtaMá tá tú logáilte isteach i do chuntas meán sóisialta nuair a thagann tú chuig an láithreán gréasáin seo, d’fhéadfadh sé go mbeadh soláthraí an chuntais meán sóisialta in ann do chuntas a nascadh leis na leathanaigh a dtugann tú cuairt orthu. Chun a gcríoch féin agus ní thar ceann FSS a dhéanann siad an méid sin. Iarrtar ort faisnéis a chur ar na beartais phríobháide atá ag na soláthraithe meán sóisialta atá ar ár láithreán gréasáin. Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoi bheartais na gcainéal meán sóisialta seo anseo:

Cainéal Meán Sóisialta Beartais Diúltaigh a bheith páirteach
Facebook Beartas Príobháideachais,| Fianáin, |Comhlíonadh an RGCS Roghanna le diúltú a bheith páirteach
Instagram Beartas Príobháideachais | Fianáin | Comhlíonadh an RGCS Roghanna le diúltú a bheith páirteach
LinkedIn Beartas Príobháideachais | Fianáin | Comhlíonadh an RGCS Roghanna le diúltú a bheith páirteach
Twitter Beartas Príobháideachais | Fianáin | Comhlíonadh an RGCS Roghanna le diúltú a bheith páirteach
YouTube Beartas Príobháideachais | Fianáin | Comhlíonadh an RGCS Roghanna le diúltú a bheith páirteach
Ginearálta Roghanna le diúltú a bheith páirteach

An aistreofar mo shonraí pearsanta lasmuigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE)?

Úsáideann FSS Google Analytics le faisnéis a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an láithreán gréasáin seo. Aistríonn Google sonraí chuig Stáit Aontaithe Mheiriceá (SAM). Tá seoltaí IP anaithnidithe ag FSS le haghaidh an láithreáin gréasáin seo, áfach, rud a chiallaíonn nach féidir aon duine a aithint trína seoladh IP. Ní aistríonn FSS aon sonraí pearsanta eile fút amach as an LEE. Má chinneann FSS do chuid sonraí pearsanta a aistriú amach as an LEE áiritheoidh siad go gcloífear le forálacha Chaibidil V den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS).

Do chearta cosanta sonraí

Cearta r-Phríobháideachais De réir do Cheart r-Phríobháideachais, tá sé de cheart agat do thoiliú le fianáin a tharraingt siar. Is féidir leat smacht a choimeád ar do shocruithe fianán trí chliceáil ar an gcnaipe “Socruithe fianán” i mbuntásc an láithreáin gréasáin. Cearta Cosanta Sonraí Áirítear le do chearta cosanta sonraí an ceart chun rochtain a fháil ar do chuid sonraí, an ceart chun cur i gcoinne, an ceart chun cur i gcoinne próiseáil uathoibrithe agus an ceart chun do shonraí a athbhreithniú. Léigh ráiteas cosanta sonraí FSS. Seol iarratas – Gnóthaí Tomhaltóirí FSS Le haon cheann de na cearta cosanta sonraí seo a fheidhmiú, is féidir leat iarratas a chur isteach chuig Gnóthaí Tomhaltóirí FSS saor in aisce. D’fhéadfadh sé go ngearrfaí táille ort dá mba léir gur iarratas gan bhunús, iomarcach nó atriallach é.

Gearáin

Más mian leat gearán a dhéanamh faoin gcaoi a n-úsáideann FSS fianáin, is féidir leat déanamh amhlaidh leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí nó le hOifigeach Cosanta Sonraí FSS. An Coimisiún um Chosaint Sonraí info@dataprotection.ie Íosghlao: 1890 252 231 Fón: 0761 104 8000 Fón: 057 868 4800 dataprotection.ie Teach na Canála, Bóthar an Stáisiúin, Cúl an tSúdaire, R32 AP23, Co. Laoise

Oifigeach Cosanta Sonraí FSS

Is féidir dul i dteagmháil go díreach le hoifigeach cosanta sonraí FSS ach ríomhphost a chur chuig dpo@hse.ie. Chomh maith leis sin, is féidir teagmháil a dhéanamh le hoifigí ár n-oifigigh cosanta sonraí i do cheantar féin.