Ár nDaoine in Altranas Othar faoi Mhíchumas Intleachtúil
5 Nóiméad le Hari Sankar Suresh, Altra Foirne
Cén fáth ar roghnaigh mé an ghairm bheatha seo?
Chun tacú leis na daoine is mó a bhfuil cúram ag teastáil uathu sa tsochaí, seachas díreach riachtanais altranais. Chun tacú le daoine aonair a bhfuil cabhair ag teastáil uathu le riachtanais shíceolaíocha, shóisialta, phearsanta agus le riachtanais laethúla chúraim.
Inis dúin faoin bhfoireann a n-oibríonn tú leo.
Is éard atá san fhoireann ná Altra Bainisteora Cliniciúil 1, Altra Bainisteora Cliniciúil 2, altraí foirne agus cúntóirí cúraim agus oibríonn siad go léir le chéile chun tacú le húsáideoirí seirbhíse ina ngníomhaíochtaí laethúla. Oibrímid as lámha a chéile lena chinntiú go bhfreastalaítear ar gach riachtanas agus téimid i gcomhairle leis an bhfoireann ildisciplíneach níos fairsinge de réir mar is gá.
Céard a tharlaíonn ar ghnáthlá oibre?
Cuirtear tús leis an ngnáthlá le haistriú foirne ó chomhghleacaí, a thugann nuashonruithe agus aon sonraí is gá a fhiosrú nó a chur i gcrích dúinn. Cabhraím ansin leis na húsáideoirí seirbhíse a lá a phleanáil, agus tacaím le cúram pearsanta agus le tacaíochtaí leighis, de réir mar is gá, cosúil le cógas a bhainistiú agus tacú le riochtaí sláinte. Freastalaím ar choinní seachtracha leighis leis an úsáideoir seirbhíse agus tacaím leo leis an iarchúram. Ullmhaím agus cabhraím le béilí agus cinntím go gcloím leis na treoirlínte atá i bhfeidhm, mar shampla treoirlínte FEDS etc. Tacaím leis an úsáideoir seirbhíse chun a riachtanais shóisialta a shásamh, cosúil le freastal ar an tseirbhís lae, imeacht amach chun lón/caife/dinnéar a fháil, de réir mar is rogha leo féin. Tacaím freisin le gníomhaíochtaí pobail, baincéireacht, dul chuig an bpictiúrlann, siopadóireacht, feirmeoireacht, babhláil agus go leor gníomhaíochtaí eile is rogha leo.
Céard a spreagann thú i do chuid oibre?
An buíochas a léiríonn na húsáideoirí seirbhíse dom agus an bealach a ghlacann siad chucu mé. Na torthaí dearfacha a thugaim faoi deara tar éis idirghabháil a rinne mé ina riachtanais leighis a théann chun sochair dóibh. Spreagann é sin mé leanúint sa ról seo. Is leor, amanna, an meangadh a bhíonn ar aghaidh na n-úsáideoirí seirbhíse le mé a choimeád spreagtha.
Céard é an rud is mó a thaitníonn leat faoi do ról?
Páirt a ghlacadh i réimse gníomhaíochtaí atá saincheaptha de réir rogha gach úsáideora seirbhíse agus a thabhairt faoi deara conas a thaitníonn na gníomhaíochtaí siúd leo agus a bhaineann siad tairbhe astu.
Cén chomhairle a thabharfá do dhuine atá ag smaoineamh ar ghairm bheatha in Altranas Othar faoi Mhíchumas Intleachtúil?
Ba cheart go mbeadh paisean ag an duine in aire a thabhairt do dhaoine a dteastaíonn tacaíocht go géar uathu lena bhfolláine shóisialta, fhisiciúil, mheabhrach agus mhothúchánach. Ba cheart go mbeadh spéis mhór acu freisin i bhfoghlaim agus in eolas agus scileanna a nuashonrú i réimse an Altranais Othar faoi Mhíchumas Intleachtúil.