Ár nDaoine in Altranas Othar faoi Mhíchumas Intleachtúil
5 Nóiméad le Pauline Carolan, Comhordaitheoir Socrúchán Cliniciúil
Cén chaoi a dtosaíonn tú do lá?
Tosaím mo lá trí mo ríomhphoist agus mo theachtaireachtaí a sheiceáil. Is gnách go mbíonn mo chuairteanna ar mhic léinn pleanáilte agam ón Luan, mar sin, b’eol dom cén socrúcháin chliniciúla a mbeidh cuairt á tabhairt agam orthu gach lá, ach d’fhéadfadh seo athrú i gcónaí de réir mar a thiocfaidh riachtanais éagsúla aníos i gcaitheamh na seachtaine. Croíscileanna sa phost seo iad solúbthacht agus inoiriúnaitheacht. Téim i gcomhairle le mo chomhghleacaithe agus roinnim eolas agus pléim aon cheisteanna leo nár réitíodh go fóill a tháinig chun solais. Déanaim athbhreithniú ar thorthaí foghlama na mac léinn agus pleanálaim cén réimsí sa cháipéisíocht náisiúnta mheasúnaithe inniúlachtaí a bheidh á bplé againn i rith mo chuairte agus déanaim machnamh ar na heispéiris foghlama ón tseachtain roimhe sin.
Inis dúin faoin bhfoireann a n-oibríonn tú leo.
Oibrím le Seirbhísí Pobail Thoir Thuaidh Eoin Dé a bhfuil comhpháirtíocht chliniciúil acu le hInstitiúid Teicneolaíochta Dhún Dealgan (DKIT). Oibrím le triúr Comhordaitheoirí Socrúchán Cliniciúil eile agus tacaíonn Comhordaitheoir Forbartha Cleachtais Altranais linn. Tacaímid le mic léinn atá ar socrúchán cliniciúil i Lú, sa Mhí, sa Chabhán, agus i Muineachán i réimse fairsing suíomhanna lena chinntiú go sásaíonn an socrúchán cliniciúil riachtanais an chláir oideachais agus go mbaineann na haltraí faoi oiliúint torthaí foghlama gach socrúcháin chliniciúil amach. Oibrím i ndlúthchomhar leis an bhfoireann acadúil agus leis an bhfoireann leithdháiltí in Institiúid Teicneolaíochta Dhún Dealgan agus in FSS. Táim mar bhall de go leor grúpaí, cosúil leis an gCoiste Oideachais Míchumais Intleachtúil, an Grúpa Náisiúnta Inniúlachta Leanúnaí Gairmiúla Míchumais Intleachtúil (ID CPC) agus an Coiste Comhpháirtíochta Caighdeán Gairmiúil. Tugaim faoi fhorbairt cleachtais agus is teagascóir Buntacaíochta Beatha mé agus déanaim iniúchtaí idir piaraí le cáilíocht an chleachtais a chinntiú. Tacaím leis an bhfoireann chláraithe le hoiliúint treorach agus tacaíochta.
Cad a tharlaíonn ar do ghnáthlá oibre?
Is altra cláraithe othar faoi mhíchumas intleachtúil mé agus treoraím agus tacaím le mic léinn altranais agus leis an bhfoireann altranais chláraithe i mo ról mar Chomhordaitheoir Socrúchán Cliniciúil chun cáipéisíocht náisiúnta mheasúnaithe inniúlachta Bhord Altranais agus Cnáimhseachais na hÉireann (NMBI) a chomhlíonadh agus déanaim maoirseacht ar an bpróiseas measúnaithe. Spreagaim agus tacaím le haltraí faoi oiliúint tabhairt faoi chleachtas athmhachnaimh lena n-eispéiris foghlama cliniciúla a fheabhsú. Tacaím freisin le haltraí faoi oiliúint a leabhar oibre scileanna cliniciúla a chur i gcrích. Glacaim páirt i dtorthaí foghlama a fhorbairt leis an bhfoireann chliniciúil agus déanaim iniúchtaí NMBI ar thimpeallacht foghlama cliniciúla gach cúig bliana leis an bhfoireann chliniciúil agus éascaím cigireachtaí suímh NMBI gach cúig bliana.
Céard a spreagann thú i do chuid oibre?
Bhí spéis riamh anall agam i dtacú le haltraí faoi oiliúint ar socrúchán cliniciúil agus bhí mé i mo theagascóir tacaíochta agus treorach ar feadh go leor blianta d’altraí faoi oiliúint sular thosaigh mé an post seo. Taitníonn sé liom casadh leis na mic léinn ón gcéad bhliain agus an dul chun cinn a dhéanann siad i gcaitheamh 4 bliana an Bhaitsiléir Eolaíochta a thabhairt faoi deara. Céim Onóracha in Altranas Othar faoi Mhíchumas Intleachtúil. Tá an deis agam casadh agus idirghníomhú le cónaitheoirí/húsáideoirí seirbhíse agus leis an bhfoireann chliniciúil i réimse fairsing socrúchán cliniciúil.
Cad é an rud is mó a thaitníonn leat faoi do ról?
Ceapaim go bhfuil ról an Chomhordaitheora Socrúchán Cliniciúil an-sásúil mar gheall go mbíonn an t-ádh orm tacú le hoiliúint agus le hoideachas a chur ar ár n-altraí cláraithe othar faoi mhíchumas intleachtúil amach anseo a sholáthraíonn ról ríthábhachtach i dtacú le daoine faoi mhíchumas intleachtúil le cúram duinelárnach i rith a saoil.
Cén chomhairle a thabharfá do dhuine atá ag smaoineamh ar ghairm bheatha san Altranas Othar faoi Mhíchumas Intleachtúil?
Ról ar leith é ról an Altra Chláraithe Othar faoi Mhíchumas Intleachtúil a thacaíonn le daoine atá faoi mhíchumas intleachtúil i rith na gcéimeanna go léir ina saol. Bíonn an deis ag Altra Cláraithe Míchumais Intleachtúil a gconair ghairme a fhorbairt i réimse fairsing suíomhanna. Is gairm an-tairbheach é tacú le daoine faoi mhíchumas intleachtúil.