Ár nDaoine in Altranas Othar faoi Mhíchumas Intleachtúil

5 Nóiméad le Maurice Healy, Altra Ardchleachtóra

Dia do bheatha, is mise Maurice Healy agus oibrím i Seirbhísí Míchumais in Iarthar na hÉireann. Tá mé ag obair i Seirbhísí Míchumais ón mbliain 1985, agus bhain mé cáilíocht amach mar altra cláraithe othar faoi mhíchumas intleachtúil in 1990.

Bhí spéis mhór agam i limistéar na hiompraíochta agus bhain mé cáilíocht amach mar Theiripeoir Iompraíochta in 1992 ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh. Tar éis dom mo cháilíocht a bhaint amach, thosaigh mé ag obair le tacaíocht iompraíochta le Bráithre na Carthanachta i Luimneach. Chaith mé tamall gearr ina dhiaidh sin ag obair mar bhainisteoir seirbhíse in Albain agus d’fhill mé ar Éirinn ina dhiaidh sin agus thosaigh mé ag obair le seirbhísí Bhráithre na Carthanachta i nGaillimh in 1996 agus ceapadh mé i m’Altraspeisialtóir Cliniciúil in Iompraíocht Dhúshlánach in 2001. Thug mé faoi mo Dhioplóma Altranais ansin in 2003 agus faoi mo Bhaitsiléir Eolaíochta san Altranas in 2004.

Iarradh orm in 2008 a bheith i mo bhall foirne breise mar Altraspeisialtóir Cliniciúil ar fud Sheirbhísí an Iarthair. Chríochnaigh mé mo Mháistir in 2012 in Ollscoil Birmingham agus ceapadh mé in 2017 tar éis an lánchoisc mar dhuine den bheirt Altraí Ardchleachtóra Othar faoi Mhíchumas Intleachtúil in Éirinn.

Bhí gairm bheatha iontach agam i réimse an Altranais Othar faoi Mhíchumas Intleachtúil, gairm bheatha atá agam anois le nach mór 40 bliain. Chas mé le cuid de na daoine is deise a casadh orm riamh sna seirbhísí agus bhí mar phribhléid agam freisin obair le roinnt baill foirne iontacha ó réimse gairmeacha, san altranas ach go háirithe.

Táim mar chuid den fhoireann, i mo ról mar Altra Ardchleachtóra, atá freagrach as prionsabail na Tacaíochta Iompraíochta Dearfaí a chur i bhfeidhm ar fud na seirbhísí in Iarthar na hÉireann.

Déanaim iarracht a chinntiú go dtugtar tús áite do chroíphrionsabail samhla tacaíochta MEAS i mo chleachtas gach lá, féach an léaráid thíos:

Ní féidir linn a bheith ag súil go n-éireoidh le straitéisí iompraíochta mura gcinntímid ar dtús go dtéimid i ngleic le deacrachtaí bitheolaíocha, cosúil le pian nó míchompord, agus ba cheart dúinn ár gcéadtús áite tacaíochta a thabhairt dó seo i gcónaí. Téimid i ngleic, ina dhiaidh sin, le deacrachtaí cumarsáide agus déanaimid iarracht roinnt bealaí a thabhairt do na daoine a dtacaímid leo chun a riachtanas a chur in iúl dúinn nó úsáidfidh siad iompraíocht leis seo a chur in iúl murach sin agus d’fhéadfadh seo dúshlán ollmhór a chur roimh an duine aonair agus roimh an bhfoireann freisin.

Tá an timpeallacht ar an gcéad rud eile, agus mura spreagtar suaimhneas a ghlacadh agus compord sa timpeallacht, is féidir linn a bheith ag súil go gcuirfidh na daoine a dtacaímid leo seo in iúl dúinn agus, arís eile, d’fhéadfaidís seo a dhéanamh trína n-iompraíocht.

Is éard atá sa taca deireanach de na 4 thaca a cheapaim atá ríthábhachtach i dtaobh tacú le daoine faoi mhíchumas intleachtúil ná daoine dea-oilte, spreagtha, atruacha agus a bhfuil spéis acu. Ní féidir linn súil a bheith le seirbhísí den chéad scoth a sholáthar do dhaoine aonair murach na daoine aonair seo. Mura mbíonn na daoine aonair seo ann, déanfaidh an iompraíocht a chuirfidh daoine aonair ar bun fad a dhéanann siad iarracht a thaispeáint go dteastaíonn rudaí níos fearr uathu é seo a léiriú arís eile. Ba cheart straitéisí bainistíochta a bheith leagtha amach go maith agus ba cheart straitéisí atá réamhghníomhach go mór mór a bheith iontu le cosc a chur ar tharluithe agus ba cheart go ndéanfaí straitéisí frithghníomhacha a leagan amach go soiléir freisin nó úsáidfidh daoine eile a straitéisí féin mura gcuirimid ceannaireacht ar fáil maidir leis seo.

Cuimsítear athrú córas agus réamhtheachtach sistéamach a sheachaint ann seo go léir, cosúil le plódú, easpa foirne oilte, neamh-chomhoiriúnacht, drochtheicnící bainistíochta, drochthacaíochtaí don fhoireann, drochthacaíochtaí don fhoireann ildisciplíneach etc.

Spreagfainn duine ar bith a bhraitheann gur limistéar é seo ina bhféadfaidís leas a bhaint as a scileanna agus a n-éirim shóisialta, ar mhaithe le saol na ndaoine a dtacaímid leo a chur chun feabhais, chun smaoineamh faoi Altranas Othar faoi Mhíchumas Intleachtúil. B’iontach an ghairm bheatha í agus dá dtabharfaí siar mé, thabharfainn faoi go léir arís.