An bhfuil an mianach ceart ionat do cheann de na poist atá againn i réimse an mhíchumais? Labhair linn

Tar ag obair le gairmithe ardoilte, a oibríonn agus a fhoghlaimíonn in éineacht ar mhaithe leis na daoine óga agus na teaghlaigh a úsáideann ár seirbhísí.

Cuirtear seirbhísí míchumais ar fáil do dhaoine faoi mhíchumas agus dá gcúramóirí.

I measc na seirbhísí sin tá seirbhísí bunúsacha sláinte, chomh maith le measúnú, athshlánú, coinneáil ioncaim, cúram pobail agus cúram faoisimh cónaitheach, cúram baile agus cúram lae.

Cuireann FSS cuid de na seirbhísí ar fáil go díreach. Cuireann eagraíochtaí deonacha seirbhísí oiliúna pobail, cónaithe agus athshlánúcháin ar fáil le cúnamh deontais ó FSS.

Cliceáil ar na cnaipí thíos chun na folúntais atá ar fáil do do ghairm ar leith a fheiceáil.

Speech and language therapist working with a young girl

Táimid dírithe go sonrach ar phoist a líonadh ar Fhoirne Líonra Míchumais Leanaí.

Trí obair a dhéanamh le leanaí agus lena dteaghlaigh ar an bhFoireann Líonra Míchumais Leanaí, beidh tú in ann tacú lena bhforbairt, lena bhfolláine, agus lena rannpháirtíocht i saol an teaghlaigh agus an phobail, chomh maith le grúpaí leanaí agus a dtuismitheoirí a thabhairt le chéile chun scileanna nua a fhoghlaim agus eispéiris a roinnt.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoin bhFoireann Líonra Míchumais Leanaí, cliceáil anseo

teenager reading a book with a health care professional

Folúntais d’Fhisiteiripeoirí

Folúntais do Theiripeoirí Saothair

Folúntais do Theiripeoirí Urlabhra agus Teanga

Folúntais do Dhiatéitigh

Folúntais d’Oibrithe Sóisialta

Folúntais do Shíceolaithe

Níl sna folúntais fhoilsithe ach cuid de na poist atá ar fáil faoi láthair i réimse an mhíchumais. Chun tuilleadh post a fheiceáil, téigh chuig www.hse.ie/jobs

Is féidir linn tú a choinneáil ar an eolas faoi gach post ábhartha a fhógraítear ar láithreán gréasáin FSS ach do chuid sonraí a chlárú le Career Hub anseo

Déanann na heagraíochtaí maoinithe a gcuid earcaíochta féin. Mar sin, téigh go díreach chuig a láithreán gréasáin chun na poist atá ar fáil acusan a fheiceáil.