Dental nursing is a profession within oral health services. A dental nurse supports other dental professionals in delivering high quality, patient-centred oral healthcare. Dental Departments are Gairm sna seirbhísí sláinte béil atá san altranas fiaclóireachta. Tugann altra fiaclóireachta tacaíocht do ghairmithe fiaclóireachta eile cúram sláinte béil ardchaighdeáin dírithe ar an othar a chur ar fáil. Tá rannóga fiaclóireachta freagrach as measúnuithe ar shláinte béil, cur chun cinn na sláinte béil, seirbhísí cóireála fiaclóireachta agus ortódóntaic.
Bealach iontrála chun bheith i d’altra fiaclóireachta:
- Cáilíocht cheadaithe san Altranas Fiaclóireachta ar Leibhéal 6 ar a laghad ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochta, á chothabháil ag Dearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann.
Gheobhaidh tú liosta de na cáilíochtaí ceadaithe san Altranas Fiaclóireachta ar shuíomh gréasáin na comhairle cuí, an Chomhairle Fiaclóireachta. Más rud é gur bhain tú do cháilíocht amach i dtír eile seachas in Éirinn, tá eolas ar an suíomh gréasáin maidir le clárúchán agus measúnú ar cháilíochtaí.
Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar an Tairseach Gairmeacha.
Coinníonn an Chomhairle Fiaclóireachta clár altraí fiaclóireachta. Próiseas roghnach atá sa chlárúchán.