Ár nDaoine in Altranas Othar faoi Mhíchumas Intleachtúil

5 Nóiméad le Linda McCourt, Altraspeisialtóir Cliniciúil

Cén chaoi a dtosaíonn tú do lá?

Tosaím mo lá le hathbhreithniú a dhéanamh ar an tuairisc thar oíche agus ar ríomhphoist. Bunóidh mé na rudaí a dtabharfaidh mé tús áite dóibh i rith an lae air seo, i dtaobh othair chónaitheacha a dteastóidh athbhreithniú práinneach uathu nó foirne a dteastóidh tacaíocht uathu. Bíonn mo dhialann lán de shíor, mar sin, tosóidh mé le hathbhreithnithe a dhéanamh ar na hothair chónaitheacha agus le cláir um chur chun cinn na sláinte. D’fhéadfadh Clinic um Chur chun Cinn na Sláinte a bheith á chur ar siúl, oiliúint á soláthar, nó iniúchadh á dhéanamh agam laethanta eile. Bíonn gach lá éagsúil, agus tá an t-ádh orm go dtugtar an deis dom i mo phost teagmháil aghaidh ar aghaidh a dhéanamh leis an othar cónaitheach gach lá.

Inis dúin faoin bhfoireann a n-oibríonn tú leo.

Oibrím mar chuid de roinn forbartha cleachtais altranais agus téim i ndlúthchomhairle leis na hAltraspeisialtóirí Cliniciúla eile. Is minic go dtacaímid leis an othar cónaitheach céanna i rith tréimhse ar leith dá saol, agus ceapaim go bhfuil an leibhéal seo de chomhoibriú thar a bheith tairbhiúil don othar cónaitheach. Táim mar chuid de gach foireann tí freisin agus freastalaím ar chruinnithe foirne go rialta, a thugann deiseanna dom oideachas a chur ar an bhfoireann agus ar othair chónaitheacha. Oibrím go dlúth lenár bhfoireann ildisciplíneach féin agus le foireann ildisciplíneach níos fairsinge FSS.

Cad a tharlaíonn ar ghnáthlá oibre?

Is éagsúil a bhíonn cúrsaí ó lá go lá, ach bíonn athbhreithnithe ar othair chónaitheacha agus oideachas a chur ar fhoirne agus ar othair chónaitheacha/sheirbhísí lae i gceist leis níos minice ná a mhalairt. Bíonn ár Seirbhís For-rochtana Titimis á heagrú agam agus bíonn teagmháil á déanamh agam le hOspidéal Beaumont agus lenár seirbhísí áitiúla géarmhíochaine go rialta. Éascaím Clinic um Chur chun Cinn na Sláinte a bhfreastalaíonn othair chónaitheacha air agus a dtacaíonn an fhoireann leis, chun athbhreithniú a dhéanamh ar a sláinte trí chéile nó ar limistéir ar leith ina bhfuil riachtanas acu. Cuirfimid pleananna cúraim agus tacaíochtaí saincheaptha aonair i bhfeidhm, má aontaíonn an t-othar cónaitheach leis, lena chinntiú go mbaineann siad na torthaí sláinte is fearr agus is féidir amach. Forbrófar cáipéisíocht atá éasca le léamh chun tacú le gach riachtanas sláinte agus déanfar sin a shaincheapadh freisin chun freastal ar riachtanais aonair. Déanfaidh mé athbhreithnithe ar chneácha, measúnuithe coinneálachta agus measúnuithe ar leapacha agus ar thochtanna freisin, má theastaíonn siad.

Céard a spreagann thú i do chuid oibre?

Is iad na hOthair Chónaitheacha a spreagann mé! Agus a bheith mar chuid thábhachtach de ghrúpa níos fairsinge a bhfuil an sprioc chéanna aige – an saol agus an tsláinte is fearr agus is féidir a chinntiú do gach duine.

Céard é an rud is mó a thaitníonn leat faoi do ról?

Is éard a thaitníonn liom ná an t-idirchaidreamh leis na hothair chónaitheacha, an t-idirghníomhú idir an fhoireann agus difríocht a dhéanamh i saol na ndaoine a dtacaím leo.

Cén chomhairle a thabharfá do dhuine atá ag smaoineamh ar ghairm bheatha mar Altra Cláraithe Othar faoi Mhíchumas Intleachtúil?

Gairm bheatha an-tairbheach í seo, agus a bhí inti riamh anall, agus ba phribhléid dom an deis a fháil difríocht a dhéanamh i saol daoine. Post dea-bhunaithe agus ríthábhachtach atá san Altra Cláraithe Míchumais Intleachtúil i ndomhan an altranais. Bíonn idir scóip agus deis ag an Altra Cláraithe Míchumais Intleachtúil limistéir eile chleachtais a fhiosrú, cosúil leis an tseirbhís príosúin nó obair leis an bpobal daoine gan dídean agus is iomaí deis nua agus spreagúil a chuirtear ar fáil don Altra Cláraithe Míchumais Intleachtúil.