Áine Walton,

Altra Foirne Ginearálta (Pobal)

Is Altra Ginearálta Cláraithe í Áine Walton atá ag obair sa phobal in Áth na nUrlainn, Co. Chill Chainnigh. Turas 25 nóiméad ón mbaile chun na oibre atá aici sa charr. Is breá le hÁine an chothromaíocht oibre is saoil atá aici mar gheall ar an ról agus an deis a bhíonn aici a muintir agus a cairde a fheiceáil go rialta.

Thosaigh Áine ina gairm altranais in Ospidéal Lúcáis, Cill Chainnigh, áit ar chaith sí trí bliana go leith ag obair den chuid is mó i gcúram do dhaoine scothaosta. Le linn na tréimhse sin, bhíodh sí ag obair go dlúth i gcomhar le hAltraí Sláinte Poiblí, fisiteiripeoirí, comhairleoirí coinneálachta, oibrithe tacaíochta baile agus teiripeoirí saothair.

“Ní thuigeann daoine an méid a bhíonn ar bun sa phobal. Bímid ag plé le gairmithe eile an t-am ar fad, cuir i gcás dochtúirí teaghlaigh, altraí sláinte poiblí, diaitéitigh, agus teiripeoirí urlabhra agus teanga. Seans nach mbíonn gach duine acu san fhoirgneamh céanna ach is cuid den fhoireann iad. Tá daoine in ann fanacht sa bhaile ina dtimpeallacht féin toisc go gcuirimid cúram leanúnach ar fáil.”