Clodagh Brackett, Altra Sláinte Poiblí faoi Oiliúint
Is Altra Sláinte Poiblí faoi Oiliúint í Clodagh Brackett atá ag obair sa Dúcharraig i gcathair Chorcaí agus ag freastal ar Choláiste na hOllscoile, Corcaigh. Thosaigh Clodagh ar an gClár Urraíochta Iarchéime do Mhic Léinn i mí Mheán Fómhair agus tá sí leis an gcúrsa a chur i gcrích i mí an Mheithimh 2025.
Fuair Clodagh taithí ar an obair in ospidéal agus sa phobal agus Clár Uainíochta Altranais do Chéimithe á chur i gcrích aici.
“Nuair a bheidh an cúrsa san Altranas Sláinte Poiblí curtha i gcrích agam, táim ag iarraidh dul ag obair i gceantar na Laoi Theas, gar don áit ar tógadh mé. Tá an-éagsúlacht oibre sa phobal agus faigheann tú a lán tacaíochta ó chomhghleacaithe ar altraí sláinte poiblí agus altraí ginearálta cláraithe iad a bhíonn i gcónaí breá sásta cuidiú leat. Is breá liomsa an neamhspleáchas atá leis an ról. Bíonn do riar cásanna féin agat agus tá leanúnachas cúraim ann do na hothair.”