Felicity McFadden, Altra Ardchleachtóra
Tá seal caite ag Felicity McFadden ag obair mar Altra Sláinte Poiblí agus tá sí ag obair anois mar Altra Ardchleachtóra sa Chúram Comhtháite Riospráide in Ionaid don Chúram Príomhúil sa Chabhán agus i Muineachán agus sa Mhol Bainistithe Galar Ainsealach i gContae Mhuineacháin.
Tá seirbhís nua tionscnaimh cáilíochta curtha ar bun ag Felicity ina bhfuil sí i gceannas ar chlinic Altra Ardchleachtóra sa phobal ag plé le hAipnia Chodlata Thoirmeascach, Asma agus Easuan. Is iad na spriocanna atá ann ná an liosta feithimh don Rannóg Othar Seachtrach san ospidéal a laghdú, cúram iomlánaíoch a sholáthar agus freastal ar riachtanais na seirbhísí níos deise d’áit chónaithe an othair ar bhealach níos tráthúla.
“Caitear le hAipnia Chodlata Thoirmeascach anois mar fhachtóir riosca do hipirtheannas, galar cardashoithíoch, stróc, diaibéiteas chineál 2 agus néaltrú. Is é an cúram comhtháite an bealach úr le dul chun cinn a dhéanamh agus le bealaí úra a chur chun cinn le bheith ag obair go comhoibríoch chun caighdeán an chúraim a fheabhsú agus chun tacú le daoine cónaí go neamhspleách ina bpobal féin”.