Gemma Donegan, Altra Sláinte Poiblí 

Is Altra Sláinte Poiblí í Gemma Donegan atá ag obair san Ionad don Chúram Príomhúil i Sionainn, Co. an Chláir. Sular thosaigh sí mar Altra Sláinte Poiblí, chaith Gemma ceithre bliana ag obair mar chnáimhseach agus trí bliana mar altra ginearálta.

“Bhí sé i gcónaí ar intinn agam dul ag obair mar Altra Sláinte Poiblí.  Agus an staidéar don bhunchéim á chur i gcrích agam, chaith mé coicís ar shocrúchán oibre sa Phobal.  Bhí deis agam Altra Sláinte Poiblí a leanúint agus ba mhór an spreagadh dom chomh riachtanach a bhí sí dá pobal áitiúil. Bhí eolas aici ar a pobal agus ar a cásanna, bhí sí féinspreagtha agus dúthrachtach.”

“B’in a theastaigh uaim dom féin. Agus mé ag obair mar Altra Sláinte Poiblí anois, tá an-tacaíocht ann ón bhfoireann atá ag obair liom. Bíonn daoine i gcónaí ann le dul i dteagmháil leo agus tá sé an-éasca plé leis an mbainisteoir atá agam.”

Deir Gemma go bhfuil an-éagsúlacht sna laethanta oibre – cuidiú le tuismitheoirí sa tréimhse tar éis na breithe, cúram d’othair ar a n-aistear go deireadh a saoil agus gach sórt cúraim idir an dá chineál sin.

“Bíonn an obair de shíor ag athrú – na daoine a mbímid ag plé leo agus na háiteanna ina mbímid ag plé leo. Dúshlán úr é gach uile lá. Tá an-éagsúlacht san obair ach níl sé dodhéanta. Tá an-sásamh ar fad le baint as an obair. Bímid ag cuidiú le daoine caighdeán beatha níos fearr a bhaint amach agus tugaimid aire ní hamháin don othar ach do mhuintir an othair chomh maith. Is muidne a bhíonn i lár gach ruda le gach duine a tharraingt le chéile.”