Katie Holohan, Stiúrthóir Cúnta ar Altranas Sláinte Poiblí

Is Stiúrthóir Cúnta ar Altranas Sláinte Poiblí í Katie Holohan agus tá sí ag obair i mBaile Átha Cliath Thiar Thuaidh.

“Déanaim foireann mhór dhinimiciúil altranais a bhainistiú, foireann a bhíonn ag obair i gcomhar le chéile chun an cúram altranais is fearr agus is féidir a chur ar fáil don phobal a bhfuil siad ag obair ann. Tá meas agam ar an gceannaireacht chomhbhách agus tá tuiscint agam ar na dúshláin a bhíonn roimh altraí as an taithí atá agam go dtí seo”.

Thosaigh Katie ar a haistear mar altra ginearálta cláraithe sular chuir sí an Clár Urraíochta Iarchéime do Mhic Léinn san Altranas Sláinte Poiblí i gcrích in 2015. Tá céim Máistir aici san Altranas Sláinte Poiblí.

“Mholfainn do chomhghleacaithe go cinnte tabhairt faoin gcéim Máistir san Altranas Sláinte Poiblí toisc gur iomaí sin slí a bheidh ann le dul chun cinn a dhéanamh ina ngairm dá bharr. Cuirtear go mór le heolas/tuiscint an mhic léinn ar an gcéim Máistir agus leagtar béim ar chomh fiúntach atá an obair a dhéanaimid.”

Mholfadh Katie d’altraí dul isteach sa bhainistíocht.

“Tá tacaíocht an-mhaith ann do róil sa bhainistíocht, de réir mo thaithí féin, go háirithe i mBaile Átha Cliath Thiar Thuaidh. Tá an-chabhair, tacaíocht agus comhairle faighte agam ó m’fhoireann bainistíochta, go háirithe ó mo chomhghleacaithe, ón Stiúrthóir agus ó na Stiúrthóirí Cúnta ar Altranas Sláinte Poiblí.  I ról an bhainisteora, is féidir linn tacú lenár bhfoireann agus troid ar son seirbhísí go háitiúil. Is mór an difear is féidir a dhéanamh don phobal agus don fhoireann.”